An difríocht idir athruithe ar: "Katy French"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: ru:Френч, Кэти
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 3:
Rugadh Katy ar an 31 Deireadh Fómhair 1983 i m[[Basel]] san [[An Eilvéis|Eilvéis]]. Bhí ceathrar ina teaghlach: a máthair Janet, a hathair John agus a deirfiúr níb óige Jill. Bhog a muintir go hÉirinn nuair a bhí sí dhá bhliain d’aois. Bhí sí ina cónaí in [[Áth an Ghainimh]] ar feadh tamaill ghairid agus ina dhiaidh sin d’aistrigh an teaghlach go [[Áth na Sceire|hÁth na Sceire]] i g[[Contae Chill Mhantáin|Co. Chill Mhantáin]].
 
== Gairm ==
D’fhreastail Katy ar Choláiste Alexandra, scoil phríobháideach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, ó bhí sí seacht mbliana d’aois. Bhí síceolaíocht agus socheolaíocht ar bun aici in Ollscoil Bhaile Átha Cliath ar feadh tamaill sular thosaigh sí ag obair mar mhainicín go lánaimseartha don chomhlacht ''Assets Modelling'' agus í naoi mbliana déag d’aois. Rinne sí neart oibre leis na comhlachtaí móra [[Sony Ericsson]] agus [[Suzuki]]. D’éirigh thar barr léi i rith an ama sin. De réir mar a chuaigh cúrsaí ar aghaidh, tháinig ainm Katy French chun cinn ní bá mhó ná riamh.
 
Taobh istigh de dhá bhliain bhí sí aitheanta mar mhainicín cáiliúil i measc mhuintir na hÉireann. Chonacthas í ar chláir theilifíse ar nós ''The Podge and Rodge Show'', ''[[The Late Late Show]]'' agus ''Celebrities Go wild''. Ba chlár réaltachta é ''Celebrities Go wild''. Ba í duine d’ochtar a roghnaíodh don chlár. Bhí ar an lucht féachana vótaí a chaitheamh ar son na ndaoine ar mhaith leo an bua a bheith acu. Bhí neart tascanna deacra le déanamh aici, rud a thaispeáin a dúil chun an lámh in uachtar a fháil. Faraor, chaill sí a vóta agus bhí uirthi imeacht.
 
Bhíodh sí mar aoi speisialta ar an gclár siamsaíochta ''[[Tubridy Tonight]]''. Chomh maith leis sin, bhí sí ag obair ar chlár píolóta faoi mhainicíneacht lena cómhainicín [[Andrea Roche]] sula bhfuair sí bás. Craoladh an clár ''Diary of a model'' i ndiaidh a báis, rud a léirigh an sórt saoil a bhí ag mainicíní éagsúla ó gach cearn den tír, í féin ina measc.
Líne 16:
Chomh maith leis sin, scríobh sí ailt go rialta don iris ''Social and Personal Magazine''. Sheol sí scéalta príobháideacha chuig na nuachtáin go rialta. Dúradh gurb é an laige ba mhó a bhí aici ná an grá agus an dúil a bhí aici sa cheamara.
Ní raibh eagla ar bith uirthi roimh nuachtán nó iriseoir. Nocht sí a cuid tuairimí go poiblí cé gur cáineadh iad uaireanta. Labhair sí go hoscailte faoi chúrsaí gnéis agus faoi ghnéasadh. Dúirt sí gur chuid den ghlúin nua í. Nuair a cuireadh ceist uirthi faoi ghinmhilleadh, dúirt sí go mbeadh ginmhilleadh aici dá n-éireodh sí torrach agus í i mbarr a gairme, rud atá neamhdhleathach in Éirinn sa lá atá inniu ann.
 
Bhí sí le le feiceáil sna nuachtáin thablóideacha níos mó ná riamh nuair a bhris an caidreamh a bhí idir í agus Marcus Sweeney, fear a raibh bialann darb ainm ‘Il Pomo D’ór’ aige ag an am. Tharraing sé easaontas eatarthu nuair a cháin sé í faoi scannánú a dhéanamh in éadaí cnis don pháipéar Náisiúnta [[The Sunday Independent]]. Ba nuacht mhór é don saol de bharr go raibh siad le pósadh sa [[An Róimh|Róimh]].
Líne 22:
Ina theannta sin, tuairiscítear go raibh drugaí in úsáid aici ach sheán sí é go rialta. In agallamh a rinneadh léi i mí na Samhna [[2007]], mí roimh a bás, d’admhaigh sí gur ghlac sí cóicín tráth ach mhaígh sí gur stop sí ó shin.
 
== Bás ==
Fuair sí bás ar an 6 Nollaig i 2007. Thit sí i laige ag teach carad ar an [[2 Nollaig]] agus bhí sí idir bás is beatha ar feadh cúpla lá ach d’imigh sí ar shlí na fírinne sa deireadh. Dúradh i ndiaidh scrúdú iarbháis gur fhulaing sí lot inchinne. Fuarthas rian den chóicín ina corp. Bhí fiosrúchán mór ar siúl ag na [[Gardaí]] de bharr go raibh fadhb chóicín ag crá na tíre thart ar an ama sin. Cúpla lá ina dhiaidh sin fógraíodh go bhfuair beirt bhuachaillí óga bás de bharr ródháileog cóicín ag cóisir i b[[Port Láirge]].
Líne 30:
 
{{DEFAULTSORT:French, Katy}}
 
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1983]]
[[Catagóir:Básanna i 2007]]