An difríocht idir athruithe ar: "Litríocht na Gaeilge"

Content deleted Content added
m r2.5.2) (róbat ag suimiú: tl:Panitikang Gaeliko
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
Áirítear '''litríocht na Gaeilge''' ar ceann de na traidisiúin [[litríocht|liteartha]] is sine s[[an Eoraip]] in aon [[teanga (cumarsáid)|teanga]] nach í an [[Laidin]] í. Bhí an Laidin á saothrú in [[Éirinn]] ó theacht na [[Críostaíocht]]a freisin, ar ndóigh, ach bhí na [[Gael|Gaeil]] i bhfad ní ba luaithe ag saothrú a dteanga féin sa litríocht ná an chuid ba mhó de mhuintir Iarthar na hEorpa.
 
== Ré na Sean-Ghaeilge ==
Is follasach gurb í an litríocht chráifeach an litríocht ba sine i Sean-Ghaeilge, agus gur theastaigh ó na manaigh Éireannacha ábhar reiligiúnda a scríobh do na daoine ina dteanga dhúchais féin. Is dócha gur cumadh na chéad iomainn eaglasta agus na chéad urnaithe fileata sa Ghaeilge chomh moch leis an [[16ú haois|séú haois]]. Is é ''Amra Choluim Chille'' an píosa is sine den chineál seo litríochta atá fágtha againn. Gaeilge thar a bheith seanársa atá ann, níos ársa fiú ná an chuid is mó den tSean-Ghaeilge, agus cuma sheanfhaiseanta ar an meadaracht a chleachtaítear ansin fosta. Is dóigh leis na saineolaithe gurbh é Dallán Forgaill a cheap an saothar seo i ndeireadh na séú haoise, nuair a fuair [[Colm Cille]] bás.
 
Sa tréimhse chéanna a scríobhadh ''Félire Oengusso''. Mar is léir ón teideal, féilire atá ann agus é scríofa i bhfoirm fhileata: tá dán ansin do gach lá i rith na bliana, agus ábhar reiligiúnda ann, nó tugann gach dán acu seo cur síos ar naomh an lae agus ar na héachtaí a rinne sé ar mhaith leis an gcreideamh.
 
== Litríocht na Meán-Ghaeilge ==
Saothar tábhachtach eile den chineál chéanna is ea ''Saltair na Rann'' ó dheireadh na deichiú haoisea; : céad go leith de ranna atá ann agus ábhair Bhíobla á gcardáil iontu.
 
Líne 13:
Tá leaganacha Meán-Ghaeilge d'eipicí Laidine ann, mar shampla Cogadh na gCarad le Lucánas. Sampla eile de litríocht na linne seo is ea [[Aislinge Meic Con Glinne]].
 
== Ré na Nua-Ghaeilge Moiche ==
Bhí na cúirteanna filíochta an-tábhachtach le linn ré na Nua-Gaeilge Moiche. Filí clúiteacha ba ea Dhonnchadh Mór Ó Dálaigh (1175-1244), Muireachadh Albanach Ó Dálaigh (1180-1250), Gofraidh Fionn Ó Dálaigh (1320-87), Tadhg Dall Ó hUiginn (1550-91), Eochaidh Ó hEodhusa (1567-1617), Fear Flatha Ó Gnímh (1602-1640) agus ar uile.
 
Baineann go leor de litríocht na [[Fiannaíocht]]a leis an ré seo freisin, chomh maith le go leor litríochta inste nó reiligiúnda.
 
== Litríocht Iar-Chlasaiceach ==
Nuair a briseadh ar na Gaeil i gCath Chionn tSáile, tháinig meath ar sheansaol agus sheanlitríocht na nGael. Tá cuid thábhachtach d'oidhreacht na nGael ar fáil dúinn fós mar gheall ar shaothair a cumadh sa 16ú céád, mar shampla "Annála Ríoghachta Éireann" a cumadh faoi stiúir Mhíchíl Uí Chléirigh (1575-1645) agus "Forus Feasa ar Éirinn" le Seathrúin Chéitinn.
 
Tháinig deireadh le scoileanna na mbard agus leis an seanfhilíocht, agus baineadh úsáíd as méadraíocht na n-amhrán. Filí clúiteacha ba ea Seathrún Céitinn, [[Piaras Feiritéar]] (1600?–1653–1653), Pádraigín Haicéad (1600-54), Dáibhí Ó Bruadair (1625-98) agus Aogán Ó Rathaille (1670-1728).
 
== An 18ú céad agus an 19ú céád ==
Cé go raibh deireadh tagtha le ré na bpátrún, lean go leor daoine ar aghaidh ag cumadh saothar i nGaeilge, mar sheampla Peadar Ó Doirnín (1704-68), Aindrias Mac Craith (1708-95), Donnchadh Ruadh Mac Con Mara (1715-1810), Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin (1748-84), Eibhlín Dhubh Ní Chónaill (1748-1800), a chum ''[[Caoineadh Airt Uí Laoghaire]]'', nuair a maraíodh Art, a fear céile, sa bhliain 1773, Brian Merriman (1747-1805), an file a chum ''[[Cúirt an Mheán Oíche]]'', Antaine Ó Reachtabhra (1784-1835).
 
== Litríocht na Nua-Ghaeilge ==
Thosaigh litríocht na Gaeilge ag forbairt as an nua, nuair a tháinig úrscéal an [[Peadar Ua Laoghaire|Athar Peadar Ua Laoghaire]], ''[[oldwikisource:Séadna|Séadna]]'', i gcló sa bhliain 1907, go gairid i ndiaidh do [[Douglas Hyde|Dhubhghlas de hÍde]] a óráid mhór a thabhairt uaidh faoi chomh tábhachtach is a bhí sé an galldachas a ruaigedh as [[Éire|Éirinn]]. Is fíor nach raibh i leabhar an Athar Peadar ach dornán scéalta ón mbéaloideas, agus iad ceangailte le chéile le scéal an ghréasaí Séadna féin, fear a dhíol a anam leis an diabhal agus ar diúltaíodh faoina ligean isteach in Ifreann chomh maith leis na Flaithis. Mar sin féin, bhí Gaeilge líofa nádúrtha ann, rud a thaitin go mór mór le lucht athbheochana na teangan. I ndiaidh ''Shéadna'', aistriúcháin nó athinsintí ar scéalta clasaiceacha ba mhó a tháinig ó pheann an Athar Pheadair, leithéidí an leagain Ghaeilge a rinne sé de ''[[Don Quixote]]'', agus dála go leor daoine aithnidiúla eile i saol na Gaeilge, scríobh sé dírbheathaisnéis freisin, ''Mo Scéal Féin'', a áirítear ar bhunchlocha litríocht na Gaeilge chomh maith céanna.
 
Líne 43:
Go háirithe i ndiaidh an dara cogadh domhanda, chuaigh scríbhneoirí neamh-Ghaeltachta i mbun pinn, daoine nár fhoghlaim an teanga ach ar scoil. Rinne cuid acu léirscrios ar an teanga leis na struchtúir amscaí Béarlachais a d'úsáididis ina gcuid scríbhneoireachta, ach ón taobh eile de, d'éirigh le cuid acu téamaí nua a thabhairt isteach i litríocht na teanga. Áirítear [[Diarmaid Ó Súilleabháin]] agus [[Eoghan Ó Tuairisc]] ar daoine de na scríbhneoirí is tábhachtaí acu siúd. Bhí Eoghan Ó Tuairisc ina dhealbhadóir agus ina ealaíontóir sula ndeachaigh sé leis an scríbhneoireacht. Scríobh sé na húrscéalta tábhachtacha stairiúla ''L'Attaque'', faoi imeachtaí Bhliain na bhFrancach i g[[Contae Mhaigh Eo]], agus ''Dé Luain'', faoi [[Éirí Amach na Cásca]]. Tá an leabhar seo scríofa de réir mar a chomhcheanglaítear na smaointí, seachas de réir mar a thiteann na himeachtaí amach. Scríobh [[Breandán Ó Doibhlin]] aistí agus úrscéalta uaillmhianacha nua-aimseartha, agus bhí [[Seán Ó Riordáin]] ar fhilí móra na tíre de réir gach caighdeán.
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.missgien.net/celtic/literature.html Gaelic Literature]
* [http://www.electricscotland.com/history/literat/modern.htm Modern Gaelic Literature]
* [http://www.arts.gla.ac.uk/ScotLit/ASLS/Laverock-Gaelic_Literature.html The Gaelic Literature of Argyll]
* [http://www.history.com/encyclopedia.do?vendorId=FWNE.fw..ga002400.a#FWNE.fw..ga002400.a Gaelic Literature]
* [http://www.clarelibrary.ie/eolas/coclare/literature/bardic/notes.htm Clare's Gaelic Bardic Tradition]
 
{{síol}}
 
[[Catagóir:Litríocht Éireannach]]