An difríocht idir athruithe ar: "Mainistir na Corann"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: ru:Мидлтон
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 14:
daonra_thuathúil = |
}}Is baile é '''Mainistir na Corann''' ([[Béarla]]: ''Midleton'') atá lonnaithe tuairim is 22 chiliméadar soir ó Chathair Chorcaí ([[Corcaigh]]) i ndeisceart na hÉireann. Tá sé suite ar an bóthar N25 idir Corcaigh agus Ros Láir, agus ar Abhainn na Cora.
== An Baile ==
Tá 6,957 daoine (2002) ina gcónaí i Mainistir na Corann, ag obair go h-áitiúil sa tráchtáil mhiondíola, déantóireacht éadrom, déantúis bia, tuarasóireacht agus driogadh. Téann an-chuid cónaitheoirí eile ón baile go Corcaigh agus Carraig Tuathaill i mbun oibre. Ag an Geata Bán in aice láimhe, faightear an chéad stáisiún cumhachta gáis sa stát chomh maith leis an t-aon scaglann ola in Éirinn. Mar chuid den Plean Forbartha Náisiúnta, ath-osclóidh an sean-iarnród go Corcaigh roimh 2008 – dúnadh é i rith na seachtóidí.
 
== Tíreolaíocht ==
Tá an baile suite i ngleann torthúil taobh theas de bhunchnoic agus taobh thuaidh de Chuan Chorcaí. Uair dá raibh, bhí an uiscebhealach ón chuan go Baile na Cora in aice láimhe inseolta ag báirsí faoi 300 tonna.
 
== Stair ==
Timpeall 1180, tháinig na Normánnaigh, á stiúradh ag Barra MacGearailt, a bhunaigh mainistir ar chora ar an abhainn do mhanaigh Cisteirseach ón Fhrainc. Fuair an mainistir an ainm “Chore Abbey” as Béarla agus “Castrum Chor” as Laidin, ón gaeilge 'cora' – le seans chomh maith go dtagann 'Chor' ón Béarla do 'chór' nó 'chórúil'. Déantar comóradh ar an mainistir san ainm don bhaile agus san abhainn áitiúil – Abhainn na Cora. Tógadh eaglais Naomh Eoin Baiste (Eaglais na hÉireann) i 1825 ar láithreán an mhainistir.
 
Líne 29:
Bhí Alan Brodrick, Ceann Comhairle Dáil Éireann agus Tiarna Seansailéara na hÉireann, ainmnithe mar an chéad Barún agus Bíocúnta Mhainistir na Corann i 1715 and 1717 faoi seach – fuair Sráid Broderick sa bhaile a h-ainm.
 
=== Oideachas ===
Bunaíodh an scoil príobháideach – Coláiste Mhainistir na Corann – ag Elizabeth Villiers, bean luí [[Liam III Shasana|Liam Oráiste]] i 1696. Tá ceangal tradisiúnta aige le Eaglais na hÉireann, agus b’iad Isaac Butt, bunaitheoir Chonradh na Rialtas Dúchais, agus John Philpot Curran, dlíodóir agus athair Sarah Curran, daltaí ann uair dá raibh. Fuair Rachael Kohler, hacadóir idirnáisiúnta Éireannach, oideachas ann chomh maith.
 
=== Driogadh ===
Bunaíodh Drioglanna Chorcaí sa bhaile i 1825, a dhein cónascadh le Drioglanna Éireann i 1967, agus atá cuid den ghrúpa biotáille Francach Pernod Ricard inniú. Tarlaíonn driogadh fuisce, vodca agus jin i bhfearas nua a d’oscail I 1975; baintear úsáid as an sean-drioglann anois mar ionad túrasóireachta. Faigheann Paddy Whiskey a h-ainm ó Patrick J. Flaherty, fear díolacháin do Drioglanna Chorcaí sna ficheadaí.
 
=== Cogadh na Saoirse ===
Seasann leacht cuimneacháin ar an príomhsráid sa bhaile do 14 ón sean-IRA; fuair siad bás i mí Eanáir 1921 ag Cluain Molt in aice láimhe i rith Cogadh na Saoirse. Maraíodh iad ag troid in aghaidh an t-arm Briotanach (cuid acu ag na Dúchrónaigh agus iad tar éis géilleadh dóibh) agus cuireadh beirt marthanóirí chun báis cúpla lá ina dhiadh sin i g[[Corcaigh]].