An difríocht idir athruithe ar: "Manuel Antonio Sanclemente"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 13:
|céile =Nazaria Domínguez
|síniú =
|}}Rugadh '''Antonio Manuel Sanclemente''' i [[Buga|mBuga]], atá anois i Roinn [[Valle del Cauca]], ar an 19 Meán Fómhair sa bhliain 1813 agus fuair sé bás i [[Villeta]], [[Cundinamarca]] ar an 19 Márta, 1902. Ba státaire, múinteoir, agus polaiteoir Colómach é, agus bhí sé ina Uachtarán ar an Phoblacht idir 1898 agus 1900. Le linn a riail bhris cogadh amach, sé sin, [[Cogadh na Míle Lá]], (Spáinnis: ''La Guerra de los Mil Días''). Ina theannta sin, tá cuimhne air mar an tUachtarán is aosta a ceapadh i stair na tíre: bhí sé 84 bliain d'aois.
 
== Saol ==
Críochnaíodh a chuid ardstaidéir in Ollscoil Cauca (''Universidad del Cauca'') i [[Popayan|bPopayan]], agus bronnadh Dochtúireacht sa dlí-eolaíocht (dlíodóir) air sa bhliain 1837. Ansin bhí sé i seilbh oifigí breithiúnacha éagsúla, agus toghadh é chun na Cúirte Uachtaraí sa bhliain 1854. Mar an gcéanna, d'oibrigh sé sa dlí agus san oideachas, agus ceapadh é ina cheannasaí ar an g[[Colegio de Buga]].