An difríocht idir athruithe ar: "Mikhail Lermontov"

Content deleted Content added
mionfheabhsuithe
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 12:
Duine de scríbhneoirí clúiteacha na [[an Rúis|Rúise]] a bhí i '''Mikhail Yuryevich Lermontov''', a tháinig chun saoil i [[Moscó]] ar an [[15 Deireadh Fómhair]] [[1814]],<ref>Féilire Iúil = 3 Deireadh Fómhair</ref> agus a fuair bás sna sléibhte i gcóngar do [[Pyatigorsk]] ar an [[27 Iúil]] [[1841]].<ref>Féilire Iúil = 15 Iúil</ref> Bhí sé ina shaighdiúir i [[Sléibhte Cugais|sléibhte Chugais]], agus na téamaí [[réigiún Cugais|Cugasacha]] an-tábhachtach ina chuid [[litríocht|scríbhneoireachta]]. Chum sé [[úrscéal]]ta freisin, ach ba é ''Geroy nashego vremeni'' ("Laoch ár Linne") an t-aon cheann a chríochnaigh sé. Úrscéal tragóideach é faoi shaighdiúir Rúiseach, fear uasal a mhothaíonn nach bhfuil áit cheart ar fáil dó sa saol. Tugann an t-úrscéal cur síos dúisitheach ar Shléibhte Chugais freisin, idir radharcra, nósanna, agus mhuintir.
 
== Saol ==
 
Saolaíodh Mikhail Lermontov i Moscó do lánúin uasal as cúige [[Tula]], agus d'fhás sé aníos i mbaile beag i gcúige [[Penza]]. Tá cuma choimhthíoch neamh-Rúiseach ar an sloinne sin Lermontov, agus deirtear gur sliocht sleachta iad muintir Lermontov do shaighdiúir [[Albain|Albanach]] - Gallóglach, go bunúsach - a shocraigh síos sa Rúis sa [[17ú haois|seachtú haois déag]]. Tá an scéal ann freisin gur duine den mhuintir chéanna a bhí i Thomas Learmonth, an [[filíocht|file]] Albanach, nó ''Thomas the Rhymer'', a bhí beo sa tríú haois déag. Ní féidir an ráiteas seo a bhréagnú ná a dheimhniú inniu, áfach.
Líne 45:
{{commonscat}}
 
== Nótaí ==
{{reflist}}
 
{{síol}}
{{DEFAULTSORT:Lermontov, Mikhail}}
 
[[Catagóir:Scríbhneoirí Rúiseacha]]
[[Catagóir:Daoine as Moscó]]