An difríocht idir athruithe ar: "Nuala Ní Dhomhnaill"

Content deleted Content added
Má tá aistriúchán ag teastáil uait, seo an leagan ceart....
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 15:
Is [[file]] [[Éire]]annach í '''Nuala Ní Dhomhnaill'''.
 
== Saol ==
Rugadh i Lancashire [[Sasana|Shasana]] í sa bhliain [[1952]]. B'Éireannaigh iad a tuismitheoirí. Nuair nach raibh ach cúig bliana slánaithe aici bhog sí go Ceann Trá agus chónaigh lena haintín ar feadh dhá bhliain sular lean a tuismitheoirí í. Chomh maith le [[Gaeltacht]] [[Corca Dhuibhne|Chorca Dhuibhne]] chaith sí tréimhsí i [[Luimneach]] agus in Aonach Urmhumhan le linn a hóige. Uncail léi is ea [[Pádraig Ó Fiannachta]]. Nuair a d'fhág sí Corca Duibhne chun dul go dtí an tAonach ar dtús bhí ionadh uirthi go raibh teanga eile, seachas an Ghaelainn, á labhairt. Uair amháin labhair banaltra san ospidéal Béarla léi agus d'fhiafraigh sise dá hathair: "Cad ina thaobh go bhfuil sí seo ag labhairt Béarla liomsa? Nach í seo Éire?". D'fhreastail sí ar mheánscoil i gCnoc na Labhras i [[Luimneach|gCathair Luimnigh]] agus bhain sí BA amach sa [[Gaeilge|Ghaeilge]] agus sa [[Béarla|Bhéarla]] i g[[Coláiste na hOllscoile, Corcaigh]] idir 1969 agus 1972. Bhí sí ar bhaicle ''Innti'' agus mhait tionchar na tréimhse sin ina cuid filíochta. Rinne sí an tArd-Teastas san Oideachas sa bhliain 1973. Phós sí geolaí Turcach, Dogan Leflef, tar éis di e sin a dhéanamh agus chaith seacht mbliana thar lear. Ar dtús chuaigh an lánúin óg go dtí an Ollainn, áit a raibh Dogan ag críochnú dochtúireachta agus ansan thugadar aghaidh ar an Tuirc sa bhliain 1975. Fuair Nuala post mar mhúinteoir Béarla sa Middle East Technical University nó Orta Doğu Teknik Üniversitesi ("Ollscoil Theicniúil an Mheánoirthir"), in [[Ancara]] agus thaitin an tír léi.
:''Bhí taithí agam ar mhuintir na Tuirce atá ana-fháiltiúil agus atá ana-mhuinteartha. Bhíomar go léir chomh bocht, is ar éigin go raibh aon mhaoin saolta ag daoine, agus, dá bhrí sin, an t-aon rud a bhí agat ná caradas.''
Líne 22:
Sa bhliain 1980 dhíol an lánúin an troscán uile chun ticéid eitleáin a cheannach agus d'fhilleadar ar Éirinn. Tá cónaí ar Ní Dhomhnaill agus a fear céile gar do [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]] anois, agus tá ceathrar clainne acu.
 
== Filíocht ==
Sa bhliain 1981 a foilsíodh cnuasach dá fílíocht Ghaeilge den chéad uair: ''An Dealg Droighin'' (1981). Glacadh léi mar bhall d'[[Aosdána]].
 
Líne 33:
Is iomaí cnuasach filíochta, dráma do pháistí, script scannán, díolaim, alt, léirmheas agus aiste atá foilsithe aici. I measc a saothar eile tá ''Féar Suaithinseach'' (1984); ''Feis'' (1991), agus ''Cead Aighnis'' (2000), cnuasach ina bhfuil dánta faoi shlua atá ag cur fúthu faoin bhfarraige darbh ainm na Murúcha.
 
== Aistriúcháin ==
I nGaeilge amháin a scríobhaíonn sí féin, ach cuireann sí fáilte roimh aistriúcháin. Is aoibhinn léi an teanga agus dar léi ‘Irish is a language of beauty, historical significance, ancient roots and an immense propensity for poetic expression through its everyday use’. Tá Béarla, Tuircis, Fraincis, Gearmáinis agus Ollainnnis ar a toil aici freisin.
 
Líne 43:
Aistríonn filí mór le rá mar [[Seamus Heaney]], [[Paul Muldoon]] agus Michael Longley a cuid filíochta. Tá sí réasúnta sásta leis na haistriúcháin atá déanta ar a saothar ach deir sí go dtéann filí áirithe ar strae an iomarca óna bundán. Deir sí, áfach, go dtaitníonn cuid aistriúchán [[Paul Muldoon]] léi thar aistriúcháin aon duine eile, cé go bhfágann sé rian láidir ar a saothar.<ref>http://beo.ie/index.php?page=archive_content&archive_id=520</ref>
 
== Leabharliosta ==
* An Dealg Droighin (Cló Mercier, 1981)
* Féar Suaithinseach (Maigh Nuad, 1984)
Líne 55:
* The Water Horse: Poems in Irish (Gallery, 1999, Aistriúcháin le Medbh McGuckian agus Eiléan Ní Chuilleanáin)
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://beo.ie/index.php?page=archive_content&archive_id=520 Agallamh le Nuala Ní Dhomhnaill ar Beo.ie i mí an Mhárta 2002]
* http://www.coislife.ie/authors/otherauthors/nualanidhomhnaill.htm Nóta Beathaisnéise
 
{{DEFAULTSORT:Ni Dhomhnaill, Nuala}}
 
[[Catagóir:Nuala Ní Dhomhnaill| ]]
[[Catagóir:Filí na hÉireann]]
[[Catagóir:Daoine as Contae Chiarraí]]
Line 69 ⟶ 70:
 
[[br:Nuala Ní Dhomhnaill]]
[[de:nualaNuala Ní Dhomhnaill]]
[[en:Nuala Ní Dhomhnaill]]
[[eo:Nuala Ní Dhomhnaill]]
[[de:nuala Ní Dhomhnaill]]