An difríocht idir athruithe ar: "Paradacsa an Fhiaigh Dhuibh"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 12:
|}
 
[Tá cuma "tá sé fear" ar seo, ach ritheann sé níos fearr leis an tslí ina scríobhtar sa loighic shiombalach.] Pé scéal é, maidir leis an bhrí, níl mórán deacrachtaí leis an fhoirm seo. Má fhéachaimid ar fhiach (Fa) agus tugaimid faoi deara go bhfuil sé dubh (Da) -- sin deimhniú ar an hipitéis. Má bhíonn an fiach neach-dubh (~Da), (i.e. dath nach dubh) diúltar an hipitéis. Úsáidimid Fx do fhiach ar bith agus Fa do fhiach áirithe.
 
Ach is féidir '''H''' a scríobh ar bhealach eile '''H*''' a bhfuil, maidir le rialacha loighice, díreach mar an gcéanna.
Líne 24:
|}
 
Cé go bhfuil cuma ait ar an leagan amach seo – i leith gach rud nach bhfuil dubh, ní fiach é – níl aon bhriseadh de (ghnáth)rialacha loighic ann ('''H'''='''H*''').
 
Ag úsáid na hargóinte thuas, má fhéachaimid ar rud ar bith nach bhfuil dubh (~Da), mar shampla peann gorm, agus tugaimid faoi deara nach fiach é (~Fa) – sin deimhniú éigin ar an hipitéis (~Da -> ~Fa).
 
Tá cuma paradacsúil ar seo! Conas is féidir le peann gorm deimhniú go bhfuil dath dubh ar ghach fiach?
 
Ar shlí amháin tá sé fíor &ndash; má bhíonn cannaíocht i gceist. Cuir i gcás go bhfuil 100 de fhiaigh agus 10,000,000 de nithe nach bhfuil dubh ann. Má iniúchaimid fiach agus deimhnímid go bhfuil sé dubh, sin fianaise láidir (1 sa 100) ag dul lenár hipitéis. Má iniúchaimid rud nach bhfuil dubh agus deimhnímid nach fiach atá ann, sin fianaise rí-bheag (1 sa 10,000,000) i bhfabhar na hipitéise --- is fianaise é mar sin féin. Sin an réiteach [[dóchúlacht|Bayesian]] ar an scéal<ref>Statistical Evidence, A likelihood paradigm, Richard Royall,1999, Chapman & Hall</ref>.
 
Ach tá an cuma paradacsúil ann fós. De réir rialacha loighic, tugann peann gorm fianaise dearfach i leith '''H'''. Ach tugann sé leis fianaise dearfach do hipitéis go bhfuil gach préachán bán.<ref>Mathematical Puzzles and Diversions, ''Martin Gardner'', Penguin Books, lch 55</ref>
 
Ghlac Hempel féin nach raibh paradacsa ann nuair a fhéachaimid ar deimhniú mar cainníocht.<ref>Science, Explanation and Rationality, The Philosophy of Carl G. Hempel, ed. James H. Fetzer, OUP 2000, lch. 79</ref> Ach a mhalairt de thuairim a bhí ag Quine<ref> in Ontological Relativity and Other Essays, Columbia University Press, 114-138.</ref>. Dar le Quine caithfear teorainn a chur le neach-fiach (~Fx), sa caoi is go caithfear claoi le roghnú nádúrtha, i gcomhthéacs Darwin, agus an stair a ghabhann leis (''natural kinds'' an téarma a úsáideann sé).
 
== Nótaí ==
<references/>
 
[[Catagóir:paradacsaíParadacsaí]]