An difríocht idir athruithe ar: "Peadar de Lása"
Content deleted Content added
Luckas-bot (plé | dréachtaí) m róbat ag suimiú: zh:彼得·彼得罗维奇·拉西 |
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
||
Líne 2:
Ba cheannaire Arm Impriúlach [[An Rúis|na Rúise]] é an tÉireannach '''Peadar de Lása''' (''Peter Lacy'' as [[Béarla]], ''Pyotr Petrovich Lacy'' nó ''Пётр Петрович Ласси'' as [[Rúisis]], ''Peter von Lacy'' as [[Gearmáinis]], ''Petro Petroviç Lassi'' as [[Tuircis]], ''Piotr Lacy'' as [[Polainnis]]) ([[1678]]-[[1751]]) a bhuaigh an-chuid cathanna stairiúla san 18ú aois.
== Óige in Éirinn ==
Rugadh i gCill Íde in iarthar [[Contae Luimnigh|Chontae Luimnigh]] do chlann [[Normannaigh|Normannach]] a chuir futhu san áit sa 12ú aois. Uaisle [[Caitliceach]] ab ea a mhuíntir agus throideadar ar son airm an Rí Shéamuis II le linn an Chogaidh Liamach agus cé ná raibh sé ach 13 bhliain d’aois ag an am, throid An Lásach mar leifnean i bhfórsaí na hÉireann faoi cheannais [[Pádraig Sairséal|Phádraig Sairséil]] le linn [[Luimneach|Léigear Luimnigh]].
== San Fhrainc agus san Ostair ==
Tar éis Chonradh Luimnigh sa bhliain 1691, theith sé lena athair agus a dheartháir go dti [[an Fhrainc]] i dteannta leis na Géanna Fiáin. Nuair a chailleadh a ghaolta ag trod le Briogáid na hÉireann ar son Rí Lua XIV na Fraince san [[An Iodáil|Iodáil]], d’aistrigh sé go Arm na [[An Ostair|hOstaire]]. Chaith sé dhá bhliain ann sular lean sé a cheannfort Charles Eugène de Croy isteach in arm nua na Rúise a bhí á eagrú ag an am ag an Impirie Peadar Mór.
== Faoi Pheadar Mór ==
Bhí sé i gceannas ar aonad mhuscadóiri i gcath tubaisteach Narva agus gortaíodh go dona é le linn Cogadh Mór an Tuaiscirt i gcoinne na [[An tSualainn|Sualannaigh]]. Mar sin féin, ardaíodh go rang an choirnéil é sa bhliain 1706 agus, sa bhliain dár gcionn, d’aithnigh ceannaireacht impriúlacht an airm a éachtanna le linn Cath Pholtava.
Ba An Lásach an chéad saighdiúir Rúiseach a tháinig iseach I Riga i ndiaidh an léigir agus, ina dhiaidh sin, ghabh sé seilbh ar dhún straitéiseach na Súlainnigh in Umeå sa bhliain 1719. Sa bhliain 1723, ceapadh mar cheannaire fórsaí na Rúise insna críocha Baltacha agus ba Ghobhairneoir Riga é trí bhliain ina dhiaidh sin.
== Faoi Bhan-Impire Áine ==
Tháinig sé ar ais san arm i gcomhair Cogadh Leanúnacht na Polainne agus b’é An Lásach a dhíbir Stanisław Leszczyński ó Bhársá go [[Gdańsk]]. I ndiaidh Léigear Gdańsk sa bhliain 1734, mháirseál sé siar lena thrúpaí go dti an Réan i dteannta le arm Eoghan Savoia.
Líne 20:
D’fhill sé ar Ghobhairneoracht Riga ina dhaiadh sin ach, ós rud é ná raibh suim riamh aige sa pholataíocht, chaill sé a phost agus a thioncar i ndiaidh bháis Áine.
== Faoi Bhan-Impire Éilís ==
Glaodh arís ar an Lásach nuair a thosnaigh cogadh eile i gcoinne na Sualannaigh agus ceapadh mar ceannfort an Airm Impriúlachta é. Chuir an arm le chéile go rí-thapaidh agus, tar éis na Sualannaigh a ghlanadh amach as an [[An Fhionlainn|bhFionlainn]] go léir de bharr cathanna Vilmanstrand, Frederikshamn, Porvoo agus Hämeenlinna agus léigear Helsinki, ghéilleadar dó sa bhliain 1742.
|