An difríocht idir athruithe ar: "Peil Ghaelach na mBan"

m
Róbat: Athruithe cosmaideacha
m (Róbat: Athruithe cosmaideacha)
Is cluiche foirne a imrítear in [[Éirinn]] ach go háirithe í '''Peil Ghaelach na mBan''', ina bhfuil na rialacha cosúil le [[Peil Ghaelach|cluiche na bhfear]].
 
== Stair na peile ==
[[Íomhá:Gaelic football ball.jpg|250px|right|Liathróid peile]]
 
Ba i Mí na Samhna 1884 le bunú [[Cumann Lúthchleas Gael]] a thosaigh mná agus fir na hÉireann ag imirt na peile Gaelaí go hoifigiúil. Imríodh an chéad chluiche i 1887. Cé gur sheas peil na mBan cúpla coiscéim taobh thiar de pheil na bhfear tháinig sé chun cinn go mór tar éis a lán tacaíochta a fháil. Thuig muintir na hÉireann go raibh an tábhacht céanna ag baint leis. Breathnaíodh ar an bpeil mar spórt do na fir amháin, ag an am. Spórt dar leo a bhí ró-fhisiciúil do na mná. Ba ghearr go bhfaca daoine nach raibh sé seo fíor a thuilleadh. Gach bliain bíonn an-iomaíocht idir na condaetha éagsúla ó cheann ceann na tíre agus iad ag iarraidh [[Corn Bhreandáin Uí Mháirtín]] a chrochadh leo abhaile. Is féidir níos mó eolais a fháil tré breathnú ar an suíomh http://www.ladiesgaelic.ie.
 
== Rialacha ==
Cé go bhfuil an cluiche an-chosúil le peil na bhfear tá cúpla rial difriúil acu. Is iad seo a leanas na rialacha a bhaineann le peil na mBan;
 
* Is féidir le himreoirí an liathróid a ardú díreach ón talamh.
* Maireann cluiche seasca nóimead. I gcluiche sinsearach idir chondae de chuid na bhfear, maireann cluiche seachtó nóiméad.
* Níl an cluiche chomh fisiciúil, tugtar ciceanna saora i gcluiche na mban do shárú nach mbreathneofaí air i gcluiche na bhfear ach mar ionsaí fíorbheag.
* Úsáidtear clog chun am a choinneáil ar an gcluiche agus buailtear clog ag deireadh an chluiche má tá sé ar fáil. I gcluiche na bhfear is é an réiteoir a chuireann deireadh leis.
 
== [[Craobh na hÉireann]]: Seaimpíní ==
* [[Contae na Gaillimhe]] – 1 uair
* [[Contae Chiarraí]] – 11 uair
* [[Contae Mhaigh Eo]] – 4 uair
* [[Contae Thiobraid Árann]] – 3 uair
* [[Contae Mhuineacháin]]– 2 uair
* [[Contae Phort Láirge]]– 5 uair
* [[Contae Uíbh Fhailí]] – 2 uair
* [[Contae Chorcaí]] – 1 uair
* [[Contae Laoise]] – 1 uair
* [[Contae Ros Comáin]] – 1 uair
* [[Contae an Chabháin]]
 
== Fíricí ==
An scór is airde a taifeadadh i gcluiche seachtó nóiméad(sinsear)-Jimmy Keaveney do Bleá Cliath i 1977 in aghaidh Ard Mhacha.Scóráil sé dhá chúl agus sé chúillín,agus Mike Sheehy do Chiarraí i 1979 in aghaidh Bleá Cliath,scóráil sé féin dhá chúl agus sé chúillín.
 
== [[Craobh TG 4]] ==
Sheol an Taoiseach Parthalán Ó hEachthairn craobh [[TG4]] i bPeil na mBan i 2005 i b[[páirc an Chrócaigh]]. Is iad TG4 an beochraoltóir a bhíonn ag peil na mBan gach bliain. Bíonn cluichí á n-imirt acu sa gcraobh sinsear agus sóisear. Tá os cionn míle club páirteach ann anois ó gach cearn den tír. Tá aitheantas níos fearr faighte ag peil na mBan anois ná mar a bhí riamh. Anuraidh ghlac seacht bhfoireann déag páirt ag leibhéal na sinsear. Tugann sé seo le fios cé chomh láidir is atá an spórt ar fud na tíre.
 
== [[Comórtas Peile na Gaeltachta]] ==
Gach bliain reachtáiltear comórtas sa pheil Ghaelach idir na Gaeltachtaí ar fud na tíre an chéad deireadh seachtaine i mí an Mheithimh. Bíonn an comórtas lonnaithe i gceantair Ghaeltachta difriúla gach bliain.Sa bhliain 2009 beidh sé lonnaithe i gceantar iontach stairiúil agus san áit chéanna a bhfuil[[Teach an Phiarsaigh]] i [[Ros Muc]].Tugann an deireadh seachtaine seo seans d’imreoirí, ní hamháín a gcuid scileanna peile a thaispeáint ach aithne a chur ar a chéile tré mheán na Gaeilge. Ar ndóigh ní don pheil amháin a dhéanann daoine freastal ar an gcomórtas seo ach don chraic agus don spraoi a théann leis an deireadh seachtaine. Imrítear cluichí sóisir agus sinsir do na mná. Bíonn idir óg agus aosta ag imirt. Déantar an cluiche ceannais a imrítear ar an lá saoire bainc a chraoladh beo ar TG4. I 2002 a bhuaigh m’fhoireann féin an corn i.e - mná Chonamara. Le cúnamh Dé beidh an bua againn arís i mbliana sa Spidéal.Is féidir níos mó eolais a fháil faoi ach cuardach a dhéanamh ar google-comórtas peile na Gaeltachta,tá neart le léamh faoi.
 
== [[Cumann Peile Ban na bPiarsach]] ==
Cumann peile ban atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara i Ros Muc is ea cumann peile ban na bPiarsach. Tá sé ar an bhfód anois le timpeall naoi mbliana agus é ag fás agus ag neartú ó bhliain go bliain.Tá grúpaí éagsúla ann,m.sh-
foireann faoi dhá bhliain déag,sé bliana déag agus foireann sóisear grád B.Cé gur pobail bheaga atá sna ceantair as a dtagann formhór na n-imreoirí,tá an-spéis sa pheil agus a mbaineann léi.Bíonn traenáil uair amháin in aghaidh na seachtaine agus imrítear cluiche mórán chuile sheachtain.Arú anuraidh chuaigh an club chomh fada le craobh Chonnacht ach níor éirigh linn an corn a thabhairt linn abhaile,ach beidh muid ag traenáil linn go crua agus le cúnamh Dé,beidh muid níos díograsaí i mbliana.
 
== Naisc Sheachtracha ==
* [http://www.irishsportscouncil.ie irishsportscouncil.ie - Comhairle spóirt na hÉireann]
* [http://www.womenssport.com womenssport.com - Spóirt mhná]
 
{{Múnla:Cluichí Ghaelacha}}
 
 
[[Catagóir:Peil Ghaelach na mBan| ]]
19,799

edits