An difríocht idir athruithe ar: "Peirséas (réaltbhuíon)"

Content deleted Content added
Erigena (plé | dréachtaí)
réada nua
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 11:
acharrangú = 24ú |
líonréaltaí = 5 |
réaltainm = [[Mirphak]] (αα Persei) |
réaltmhéid = 1.79 |
dreigecheathanna =
* [[Peirsidí]]
* [[Peirsidí Mheán Fómhair]] |
teorantacha =
* [[Caiseoipé (réaltbhuíon)|Caiseoipé]]
* [[Andraiméide (réaltbhuíon)|Andraiméide]]
* [[an Triantán]]
* [[an Reithe]]
* [[an Tarbh]]
* [[an tAra]]
* [[an Sioráf]] |
uasleithead = 90 |
íosleithead = 35 |
mí = Nollaig |
nótaí=}}
Is [[réaltbhuíon]] thuaisceartach í '''Peirséas''' atá ainmnithe as laoch na Gréige a mharaigh [[Meidiúsa (miotaseolaíocht)|Meidiúsa]]. Is ceann de na 48 réaltbhuíon de chuid [[Tolamaes|Tholamaes]] í agus is ceann í freisin de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an t[[ARI|Aontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta]] leo. Tá an [[réalta athraitheach]] cháiliúil dá ngairtear [[Algol]] (ββ Per) le feiceáil ar an réaltbhuíon seo. Agus tá [[radaí]] [[dreigechith|dhreigechith]] na b[[Peirsidí]] suite ar an réaltbhuíon seo chomh maith.
 
== Príomhghnéithe ==
Seo iad a leanas cúpla [[réalta]] dá cuid:
* [[Alfa_PerseiAlfa Persei|αα Per]]: tá Mirphak ar an réalt is gile ar réaltbhuión Pheirséis; tugtar Algenib uirthi chomh maith (ainm a thugtar ar chúpla réalt eile freisin, mar shampla [[Peigeasas_Peigeasas (réaltbhuíon)|γγ Pegasi]]). Is [[ollfhathach]] í Mirphak (an focal Araibise ar ''uillinn'') ar [[aicme speictreach]] F5 Ib agus ar [[méid dhealraitheach]] 1.79; tá sí lonnaithe amuigh is istigh 590 [[solasbhliain]] i bhfad i gcéin. Tá sí 5,000 uair chomh [[lonrachas|lonrúil]] leis an n[[Grian]] s’againne, agus tá a trastomhas 62 uair chomh mór le trastomhas na Gréine.
 
* [[Algol]] (ββ Per): Cé nach bhfuil an réalta seo ar an réalt is gile de chuid Pheirséis, tá sí ar an réalt is cáiliúla gan amhras. Léiríonn Algol (ón bhfocal Araibise ''al-Ghul'', a chiallaíonn ''an Gúl'' nó ''an Deamhan'') súil na [[gorgain|gorgaine]]e [[Meidiúsa (miotaseolaíocht)|Meidiúsa]]. Aithnítear an réalta seo mar fhréamhshamhail don ghrúpa iomlán [[réalta athraitheach uraitheach|réaltaí athraitheacha uraitheacha]]. Comhathraíonn a gile dhealraitheach idir 2.12 agus 3.39 laistigh de thréimhse 2.867 lá. Tá sí ar [[aicme speictreach]] B8 V agus tá sí 93 [[solasbhliain]] i bhfad i gcéin.
 
* [[Rho_PerseiRho Persei|ρρ Per]]:
 
== Réada suntasacha domhainspéire ==
* [[NGC 869]] agus [[NGC 884]] (h agus χχ Per): tá an dá [[réaltbhraisle oscailte]] seo ar na réada is áille atá le feiceáil ar spéir na hoíche trí dhéshúiligh nó theileascóip bheaga. '''An Réaltbhraisle Dhúbailte i bPeirséas''' a thugtar orthu, nó '''Dorn an Chlaímh'''. Tá an dá chuid le chéile suite níos mó ná 7,000 [[solasbhliain]] i bhfad i gcéin, agus tá cúpla céad [[solasbhliain]] idir an dá cheann.
 
* [[Messier_34Messier 34|M34]]: tá an [[réaltbhraisle oscailte]] seo, atá ar [[méid chomhtháite]] 5.5, suite amuigh is istigh 1,400 [[solasbhliain]] i bhfad uainn; tá timpeall is céad réalta le feiceáil, agus iad scaipthe ar fhairsinge atá níos mó ná achar [[an Ghealach|na gealaí]] láine. 14 [[solasbhliain]], nó mar sin, a trastomhas iarbhír. Is féidir M 34 a thaifeach fiú amháin trí dhéshúiligh mhaithe, ach is fearr í a bhreathnú trí theileascóp ar fhormhéaduithe ísle.
 
* [[Messier_76Messier 76|M76]]: tugtar ''[[Réaltnéal Beag an Triomáin Lúith]]'' ar an [[réaltnéal pláinéadach]] seo. 65 soicind stua an [[trastomhas dealraitheach]], agus tá an [[gile dhealraitheach|ghile dhealraitheach]] ar méid 10.1m.
 
* [[NGC 1499]]: tugtar '''Réaltnéal California''' ar an [[réaltnéal astúcháin]] seo, a d'aimsigh an réalteolaí Meiriceánach [[Edward_Emerson_BarnardEdward Emerson Barnard|Edward E Barnard]] sa bhliain [[1884]]-[[1885|85]]; is fíorsprioc do lucht na réaltfhótagrafaíochta é. De bharr ísleacht na [[gile dhromchla|gile dromchla]], is an-deacair an réad seo a bhreathnú go feiceálach.
 
 
== Stair is miotaseolaíocht ==
Faightear [[Peirséas (miotaseolaíocht)|Peirséas]] na miotaseolaíochta mar laoch i gceann de na miotais is cáiliúla de chuid na Sean-Ghréagacha. Má chuirtear san áireamh réaltaí níos doiléire ach infheicthe fós ag an tsúil fhornocht, léiríonn Peirséas fear agus rud cruinn ar iompar aige fad a láimhe uaidh. Timpeall na réaltbhuíne seo, feictear réaltbhuíonta eile a bhfuil baint éigin acu ó thaobh suímh agus crutha de le bunús roinnt de na miotais faoi Pheirséas: mar shampla [[Caiseoipé (réaltbhuíon)|Caiseoipé]], [[Ceiféas (réaltbhuíon)|Ceiféas]], [[Peigeasas (réaltbhuíon)|Peigeasas]],
[[Andraiméide (réaltbhuíon)|Andraiméide]] agus [[an Míol Mór]].
 
Mac leis an mbean so-mharaithe [[Danae]] agus an dia [[Séas]] ab ea Peirséas. Chuaigh sé ar lorg cinn na [[gorgain|gorgaine]]e [[Medusa (miotaseolaíocht)|Medusa]] mar bhronntanas pósta do [[Dictys]], deartháir do [[Polydectes]] rí [[Seriphos]]. (Ní raibh ach seift sa lorg ó thaobh Dictys de, áfach.) Le cúnamh na ndéithe [[Heirméas]] agus [[Ataene]], d'éirigh leis an ghorgain a mharú faoi dheireadh agus a ceann a bhreith leis. Ar a shlí abhaile dó, tharrtháil sé Andraiméide (iníon Cheiféis agus Chaiseoipé, a bhí ina rí agus ina banríon na hAetóipe) ó ollphéist mhara (.i. [[an Míol Mór]]). Le tuilleadh eolais faoi na miotas seo, féach [[Peirséas (miotaseolaíocht)|Peirséas]] agus [[Maíomh Chaiseoipé]].
 
== Réaltaí ==
 
== Féach fosta ==
* [[Sonraí réaltmhéadracha ag baint le Peirséas]]
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.alcyone.de/SIT/bsc/ Yale Bright Star Catalog]
* [http://homepage.ntlworld.com/robin.gatter/data/Per.htm Peirséas ar shuíomh Robin Gatter]
Líne 68:
* [http://www.allthesky.com/constellations/perseus/ The Deep Photographic Guide to the Constellations: Peirséas]
 
== Tagairtí ==
* {{Tagairt leabhair|Údar=Burnham, Robert Jr.|Teideal=Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2|Foilsitheoir=General Publishing Company, Ltd., Toronto|Bliain=1966, 1978|ID=ISBN 048623567X0-486-23567-X}}
 
<!-- Foinse luachanna le haghaidh réaltaí: www.alcyone.de -->
Líne 77:
{{LiostaRéaltbhuíonta}}
 
[[RangCatagóir:Réaltbhuíonta|Peirséas]]
 
[[ca:Perseu (constel·lació)]]
Líne 83:
[[en:Perseus (constellation)]]
[[es:Perseus (constelación)]]
[[fi:Perseus]]
[[fr:Persée (constellation)]]
[[ko:&#54168;&#47476;&#49464;&#50864;&#49828;&#51088;&#47532;]]
[[id:Perseus]]
[[it:Perseus (astronomia)]]
[[ja:ペルセウス座]]
[[ko:페르세우스자리]]
[[nl:Perseus (sterrenbeeld)]]
[[ja:&#12506;&#12523;&#12475;&#12454;&#12473;&#24231;]]
[[pl:Perseusz (gwiazdozbiór)]]
[[ru:Персей (созвездие)]]
[[ru:&#1055;&#1077;&#1088;&#1089;&#1077;&#1081; (&#1089;&#1086;&#1079;&#1074;&#1077;&#1079;&#1076;&#1080;&#1077;)]]
[[th:กลุ่มดาวเพอร์ซิอัส]]
[[fi:Perseus]]
[[th:&#3585;&#3621;&#3640;&#3656;&#3617;&#3604;&#3634;&#3623;&#3648;&#3614;&#3629;&#3619;&#3660;&#3595;&#3636;&#3629;&#3633;&#3626;]]