An difríocht idir athruithe ar: "Pleanáil teanga"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: uk:Планування мови
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 5:
Deir cuid mhaith daoine nach féidir teanga a phleanáil ná tionchar a imirt ar a fás nádúrtha - gurb ionann é go bunúsach agus bagairt ar an ngaoth. Sin é an tuiscint a bhíonn ag a lán i saol an Bhéarla, agus iad barúlach nach ndearnadh pleanáil ar bith ar a dteanga féin riamh. Is amhlaidh, áfach, gur pleanáil teanga de chineál éigin a bhí i gceist le foclóirí [[Samuel Johnson]] agus [[Noah Webster]], agus go ndeachaigh moltaí úsáide an dá fhoclóir seo go mór mór i bhfeidhm ar chleachtadh scríofa an Bhéarla, ionas go raibh meas an chaighdeáin ag a lán orthu.
 
== Pleanáil teanga i dtíortha éagsúla ==
 
Pleanálaithe tábhachtacha teanga i dtíortha eile ab ea iad, mar shampla, [[Kemal Atatürk]], [[Ivar Aasen]], [[Vuk Stefanović Karadžić]] agus [[Johannes Aavik]].
Líne 17:
* Ba é Vuk Stefanović Karadžić athair na Seirbise nua-aimseartha a chaighdeánaigh úsáid na haibítre Coireallaí sa tSeirbis agus a thosaigh ag saothrú chaint na ndaoine sa litríocht. Roimh a lá féin, bhíodh na Seirbigh ag baint úsáide as meascán na Seirbise agus na Sean-Slaivise Eaglasta. D'aistrigh Karadžić an Bíobla go Seirbis chomh maith, agus bhí sé ina bhailitheoir béaloidis.
 
== Pleanáil na teanga féin agus pleanáil a stádais ==
 
Go bunúsach, aithnítear dhá chineál pleanáil teanga, is é sin, pleanáil na teanga féin agus pleanáil a stádais. Tugtar "pleanáil an chorpus" ar phleanáil na teanga freisin, ós rud é gurb é "corpus" nó corp na teanga féin - an foclóir agus úsáid na gramadaí - atá i gceist ansin.
 
=== Pleanáil na Teanga Féin ===
 
Ag déanamh trácht ar phleanáil na teanga féin dúinn, is féidir linn tagairt a dhéanamh do théamaí ar nós an córas scríbhneoireachta (an cineál aibítir a úsáidtear leis an teanga a bhreacadh síos, chomh maith leis an gceartlitriú), sainmhíniú rialacha na gramadaí, ceisteanna na ceartúsáide agus soláthar na dtéarmaí dúchasacha a chuirfidh ar chumas na gcainteoirí cúrsaí na heolaíochta, na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta a chardáil trí mheán a dteanga féin gan dul i dtuilleamaí téarmaí tacair ná in iasachtaí aon oíche ó mhórtheanga éigin.
Líne 28:
 
{{síol}}
 
[[Catagóir:Teangeolaíocht]]