An difríocht idir athruithe ar: "Príosún Chill Mhaighneann"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: sv:Kilmainham Gaol
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 3:
 
== Stair ==
Bunaíodh an príosún i g[[Cill Mhaighneann]], in aice leis an chathair, sa bhliain 1796. Ar dtús, tugadh an t-ainm "an príosún nua" air, mar bhí seanphríosún eile in aice leis. Ó 1796 go dtí 1924, b'é seo an príosún inar cuireadh (agus a lámhachadh go minic) réabhlóidithe agus polaiteoirí a bhí ag troid ar son saoirse na hÉireann. Mar shampla, [[Réabhlóid na nÉireannach Aontaithe]] i [[1798]], éirí amach [[Robert Emmet]] i [[1803]], [[An Gorta Mór]] ó [[1845]] go dtí [[1851]], [[Éirí Amach na nÉireannach Óga]] i [[1848]], [[Éirí Amach na bhFíníní]] i [[1867]], [[Cogadh na Talún]] sna [[1880í]], [[Éirí Amach na Cásca]] i [[1916]], [[Cogadh na Saoirse]] ó [[1919]] go dtí [[1921]], agus [[Cogadh Cathartha na hÉireann]] sna [[1920idí]]. Coinníodh agus lámhachadh ceannairí Éirí Amach 1916 ann, agus b'é [[Eamon de Valera]] an príosúnach deireanach a bhí faoi choinneáil i gCill Mhaighneann. Dhún rialtas an tSaorstáit é mar phríosún i 1924.
I measc na bpríosúnaigh cáiliúla a bhí faoi ghlas ann ná:
 
* [[Henry Joy McCracken]], [[1796]]
* [[Robert Emmet]], [[1803]]
* [[Anne Devlin]], 1803
* [[Michael Dwyer]], [[1803]]
* [[William Smith O'Brien]], [[1848]]
* [[Thomas Francis Meagher]], [[1848]]
* [[Jeremiah O'Donovan Rossa]], [[1867]]
* [[Charles Stewart Parnell]], [[1881]]
* [[Michael Davitt]]
* [[Pádraig Mac Piarais]], [[1916]]
* [[Séamus Ó Conghaile]], [[1916]]
* [[Constance Gore-Booth Markiewicz]], [[1916]]
* [[Eamon de Valera]], [[1916]]
* [[Seosamh Pluincéad]], [[1916]]
 
== Músaem ==
Is [[Séadchomhartha Náisiúnta na hÉireann|séadchomhartha náisiúnta]] é an príosún anois. Rinneadh a lán oibre ar an bhfoirgneamh agus ath-osclaíodh é mar mhúsaem náisiúnachais. Insíonn an músaem an scéal faoin bhóthar trioblóideach go saoirse na hÉireann. Thug 160,000 duine cuairt ar an músaem sa bhliain [[1999]].
 
== Scannáin ==
Rinneadh roinnt scannáin san fhoirgneamh freisin, mar shampla:
* ''[[The Italian Job]]'', [[1969]]
* ''[[In the Name of the Father]]'', [[1993]]
* ''[[Michael Collins (scannán)|Michael Collins]]'', [[1996]]
 
{{síol}}