An difríocht idir athruithe ar: "Pádraig Tyers"

Content deleted Content added
mNo edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
[[peil Ghaelach|Peileadóir]] agus scoláire a bhí i b'''Pádraig Tyers''' (1925-2010).
 
== A Chéad Óige ==
Rugadh Tyers i gContae Phort Láirge sa bhliain 1925, an duine is óige den chúigear clainne a saolaíodh do Harry Tyers agus Bríd de Paor. Ba phólín é a athair i Londain nuair a chuir sé aithne ar Bhríd de Paor, a tháinig ann óna háit dhúchais, [[Port Lách]] i gContae Phort Láirge. Ach theip ar shláinte Harry Tyers, b'éigean dó éírí as a phost agus d'aistrigh siad go hÉirinn.
 
Líne 8:
I ndeireadh a théarma sa scoil sin, ghnóthaigh Pádraig Tyers scoláireacht go Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus thosnaigh ar a chúrsa léinn ann i bhfómhar na bliana 1943. Gaeilge agis Laidean, agus an Ghréigis mar anlann leo, a bhí ag Tyers chun a chéime BA.
 
== Peil agus iomáint ==
Níor lú suim Tyers sa chluichí ná sa léann. Sa bhliain 1947 ghnóthaigh sé Corn Sigerson agus Corn Sigerson le foirne peile agus iomána an choláiste. D'imir sé peil lena club áitiúil, Lees, agus d'imir sé mar chúl báire le sinsir Chorcaí ó 1953 go 1956.<ref>{{cite web|url=http://www.irishtimes.com/newspaper/obituaries/2010/0313/1224266190371.html|teideal=Irish language scholar and committed educator|date=2010-03-13|work=[[Irish Times]]|accessdate=2010-03-14}}</ref> D'imir sé i gcoinne na Gaillimhe i gcluiche ceannais na hÉireann sa bhliain 1956, ach buaileadh Corcaigh.
 
== Obair ==
Tar éis dó an ollscoil a fhágáíl, chuaigh sé leis an múinteoireacht. Chaith sé naoi mbliana ag obair mar mhúinteoir, 4 i gCnoc Mheilearaí. Ina dhiadh sin chuaigh sé i mbun oibre le [[Gael Linn]]. Bhí baint aige le dhá scannán de chuid [[Louis Marcus]]: ''Peil'' agus ''Christy Ring''. Tar éis dó ocht mblaina a chaitheamh le Gael Linn, ghlac sé post in ollscoil Chorcaí sa bhliain 1964. Eisean a chuir siollabas nua do mhúinteoireacht na Gaeilge, "Cúrsa Tyers", ar bun.
 
Líne 24:
Iníon amháin agus triúr mac a rugadh do Phádraig Tyers agus a bhean chéile Betty. Cailleadh i mí na Márta 2010 é.
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
== Naisc ==
* [http://www.irishtimes.com/newspaper/obituaries/2010/0313/1224266190371.html Alt faoi san Irish Times]
* [http://www.ucc.ie/en/mandc/news/newsarchive/2006PressReleases/Headline,16582,en.html Dochtúireacht oínigh]
 
 
{{DEFAULTSORT:Tyers, Pádraig}}
 
[[Category:Daoine a rugadh i 1925]]
[[CategoryCatagóir:BásannaDaoine a rugadh i 20101925]]
[[Catagóir:Básanna i 2010]]
[[Category:Peileadóirí Lees]]
[[CategoryCatagóir:Peileadóirí ChorcaíLees]]
[[CategoryCatagóir:Peileadóirí LeesChorcaí]]
[[CategoryCatagóir:Daoine as Contae Phort Láirge ]]
 
[[en:Pádraig Tyers]]