An difríocht idir athruithe ar: "Páirc an Chrócaigh"
Content deleted Content added
No edit summary |
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
||
Líne 18:
Is í '''Páirc an Chrócaigh''' ceanncheathrú [[Cumann Lúthchleas Gael|Chumann Lúthchleas Gael]]. Tá sí suite i dtuaisceart [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]] in [[Éire|Éirinn]] i mbruachbhaile [[Cluain Life|Chluain Life]]. Sa lá atá inniu ann, is í an staid is mó in Éirinn, agus í ar ceann de na staidiaim is mó san [[An Eoraip|Eoraip]] féin. Inniu, is féidir 82,500 duine a thoilleadh ansin, tar éis na hatógála a rinneadh ar Chnoc 16, an t-aon chuid den staidiam inar féidir seasamh anois. Tá an pháirc lonnaithe idir líne traenach ar thaobh amháin agus an Chanáil Ríoga ar an taobh eile.
== Stair ==
Páirc lúthchleasaíochta a bhí san áit fiú sular tógadh an staidiam, agus is é an t-ainm a bhí air ná ''Jones Road Sportsground''. I ndiaidh bhunú Chumann Lúthchleas na nGael sa bhliain [[1884]], thosaigh lucht an chumainn ag baint úsáide as an bpáirc seo go tráthrialta le cluichí Gaelacha a imirt agus le liathróid a bhualadh. B'anseo a himríodh an dá chluich ceannais uile-Éireannach sa bhliain [[1896]] mar chlabhsúr ar chraobh na bliana [[1895]]. Sna blianta sin, bhí an CLG ag síorfhás, agus tábhacht na páirce ag dul i méid dá réir. Tuigeadh do [[Proinsias Ó Duinnín|Phroinsias Ó Duinnín]], ball den ChLG a bhí ina iriseoir, cé chomh tábhachtach agus a bhí an pháirc ag na lúthchleasaithe Gaelacha, agus cheannaigh sé í luach £3,250 sa bhliain [[1908]]. Dhíol seisean an pháirc leis an gCumann sa bhliain [[1913]], agus b'ansin a fuair an áit an t-ainm atá uirthi inniu, is é sin, ''Páirc an Chrócaigh'', in onóir phátrún an Chumainn, an t-Ard-Easpag [[Thomas Croke]].
Líne 31:
Sna [[1920í|fichidí]], thosaigh an CLG ar staidiam mhór a thógáil. Tógadh Ardán Uí Chíosóig sa bhliain [[1927]], agus é ainmnithe as [[Mícheál Ó Cíosóig]] ón g[[Contae an Chláir|Clár]], duine de bhunaitheoirí an Chumainn. Sa bhliain [[1952]] tógadh Ardán Nally, agus é ainmnithe i ndilchuimhne ar dhuine eile de na bunaitheoirí, [[P.W.Nally]].
== Inniu ==
[[
Ó thaobh an spóirt de, úsáidtear an staid le haghaidh [[Cumann Lúthchleas Gael|cluichí Gaelacha]] ach baineadh úsáid aisti freisin le haghaidh cheolchoirmeacha móra agus ócáidí ar nós na Cluichí Oilimpeacha Speisialta, a osclaíodh agus a dúnadh ann i [[2003]].
==== Chluichí Iasachta ====
Um Cháisc [[2005]], i gComhdháil Bhliantúil Chumann Lúthchleas Gael, socraíodh go mbeadh an CLG sásta go n-imreofaí [[sacar]] agus [[rugbaí]] sa Pháirc fad is a bheadh an staid ag [[Bóthar Lansdúin]] dúnta agus obair tógála ar siúl ann. Ba é Riail a 42 de chuid an Chumainn a bhí ina chnámh spairne le fada. Rinne siad leasú ar an riail, ach beidh an coisc iomlán ar ais ag deireadh an obair ar an "Staid Aviva"
Líne 42:
Bhí an tinreamh is mó do chluiche rugbaí club riamh san domhain i Páirc an Chrócaigh ar an 2 Bealtaine 2009 nuair a d'imir [[Laighean]] agus [[Mumhain]] ós comhair 82,208 daoine<ref>http://news.bbc.co.uk/sport2/hi/rugby_union/8030912.stm</ref>
== Liathróid Láimhe ==
Tá [[
Bhí an pinniúr san staid, díreach faoi Cnoc 16 sular thóg siad an ionad Socialta <ref>http://irishhandballalley.blogspot.com/2009/01/croke-park-site-of-demolished-alley.html</ref>
==== Conspóid ====
[[Íomhá:Agóid liathróid Láimhe.jpg|thumb|left|200px|Biléog faoi agóid an ionad Sóisialta agus Liathróid Láimhe.]]
Líne 55:
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.crokepark.ie/ Croke Park.ie]
== Tagairtí: ==
<references/>
[[Catagóir:Foirgnimh i mBaile Átha Cliath]]
|