An difríocht idir athruithe ar: "Raymond Chandler"
Content deleted Content added
Luckas-bot (plé | dréachtaí) m r2.7.1) (róbat ag suimiú: et:Raymond Chandler |
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
||
Líne 18:
Scríbhneoir scéalta bleachtaireachta agus scriptscríbhneoir [[scannán]] a bhí i '''Raymond Thornton Chandler''', a rugadh i [[Chicago]] ar an [[23 Iúil]] [[1888]] agus a fuair bás i [[San Diego]] ar an [[26 Márta]] [[1959]]. Bhí an-tionchar ag a stíl "chruabhruite", mar a deirtear, ar na scéalta bleachtaireachta, ar an gcineál daoine a bhíonn le feiceáil iontu agus ar an gcineál stíle a chleachtar iontu inniu. Is é príomhlaoch a chuid scéalta, Philip Marlowe, ionchollú an "bhleachtaire phríobháidigh" mar a shamhlaítear dúinn inniu é.
== A Shaol ==
Cé gur sna [[Stáit Aontaithe]] a rugadh é, chaith sé blianta a óige i [[Sasana]]. Thréig a athair - [[innealtóir]] a bhí ina alcólach - a theaghlach, agus chuaigh máthair Raymond, bean [[Éire
Ní raibh sé ina dhuine shona riamh. Bhí sé ina dhruncaire, cosúil lena athair roimhe, agus dúlagar intinne ag goilleadh air. Chuaigh na deacrachtaí seo chun olcais i ndiaidh bhás a mhná céile. Bhí sé mór le cúpla bean ina dhiaidh sin, ach ní raibh mórán maithe sna cumainn seo, agus bhí níos mó ná bean amháin ag déanamh gur [[homaighnéasach]] a bhí ann agus é á shéanadh féin.
== A Shaothar ==
Scríobh sé cuid mhór scéalta, ach is iad na [[Úrscéal|húrscéalta]] ''The Big Sleep'' agus ''The Long Goodbye'' na cinn ba mhó a thuill clú dó.Is é an locht is mó a fhaightear ar a chuid scéalta nach raibh bua na plotála aige - rinne sé praiseach den phlota go minic - agus ní thaitníonn an stiúir mhadrúil a bhíonn faoi le cách ach an oiread, go háirithe an dóigh a mbíonn sé ag trácht ar mhná agus ar homaighnéasaigh. Ón taobh eile de, tá féith liriciúil ann a chuireann ar a chumas áiteanna agus timpeallacht na n-imeachtaí a chur os comhair an léitheora ar dhóigh bheo bhíogúil.
{{DEFAULTSORT:Chandler, Raymond}}
[[Catagóir:Scríbhneoirí Meiriceánacha]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1888]]
|