20,290
edits
Luckas-bot (plé | dréachtaí) m (róbat ag suimiú: et:1917. aasta revolutsioonid Venemaal) |
m (Róbat: Athruithe cosmaideacha) |
||
[[Íomhá:Soviet Union, Lenin (55).jpg|right|250px|thumb|B'é [[Vlaidímír Léinín]] a bhí i gceannas ar an bpáirtí Boilséiveach i rith [[Réabhlóid Dheireadh Fómhair]].]]
Sraith d'eachtraí réabhlóideacha ab ea í '''Réabhlóid na Rúise 1917''' a tharla sa [[An Rúis|Rúis]] i rith na bliana [[1917]]. Baineadh an chumhacht den tSár ar dtús, agus cuireadh rialtas sealadach ina áit. Ina dhiaidh sin, d'éirigh na [[Boilséivigh]], agus [[Vlaidímír Léinín]] i gceannas orthu, amach i gcoinne an rialtais shealadaigh. I ndiaidh na réabhlóide nua, phléasc [[Cogadh Cathartha na Rúise|cogadh cathartha]] amach idir na Dearga agus na Bána, agus sa deireadh, tháinig stát nua Cumannach, [[an tAontas Sóivéadach]], ar an bhfód. Mhair an stát seo go dtí an bhliain [[1991]].
Bhí dhá eachtra scartha sa réabhlóid:
* [[Réabhlóid na Feabhra]]: Réabhlóid ab ea í seo a chuir an Sár [[Nioclás II]] as cumhacht. B'eisean Impire deireanach na Rúise. De thoradh na réabhlóide seo, chuaigh rialtas sealadach nua i gceannas ar an tír, agus [[Alexander Kerensky]] ar an bpolaiteoir ba thábhachtaí ar feadh leathbhliana.
* [[Réabhlóid Dheireadh Fómhair]]: B'iad Léinín, [[Leon Trotscaí]] agus an páirti Boilséiveach a chuaigh chun coinnirce ar an rialtas sealadach, agus iad ag tabhairt le fios go raibh siad ag gníomhú ar mhaith leis an [[lucht oibre]]. I [[Moscó]] agus i g[[Cathair Pheadair]] a thit na heachtraí ba mhó amach le linn na réabhlóide seo.
{{síol}}
[[Catagóir:Cumannachas]]
[[Catagóir:Réabhlóid na Rúise| ]]
[[Catagóir:Stair na Rúise]]
{{Nasc AR|pt}}▼
{{Nasc AR|af}}
▲{{Nasc AR|pt}}
[[af:Russiese Rewolusie (1917)]]
|