An difríocht idir athruithe ar: "Scéim Aistriúcháin an Ghúim"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
[[ImageÍomhá:Arda wuthering.jpg|thumb|''Árda Wuthering'', ceann de na haistriúcháin a rinneadh faoin scéim.]]
Scéim aistriúcháin arbh é ab aidhm di lear mór leabhar [[Gaeilge]] a chur ar fáil don phobal a bhí i '''scéim aistriúcháin an Ghúim'''. Cuireadh tús leis an scéim ag deireadh [[1920í|fhichidí na fichiú aoise]] agus tháinig deireadh léi sna [[1940í|daichidí]]. Is é an beartas aistriúcháin leabhar is tábhachtaí sa Ghaeilge ar tugadh faoi riamh.
 
==An Scéim==
Nuair a bunaíodh [[Saorstát Éireann]] bhí roinnt mhaith daoine ann a d’fhoghlaim léamh agus scríobh na Gaeilge ó [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]]. San am sin, áfach, ní raibh mórán leabhar Gaeilge i gcló, rud a bhí ag déanamh an-mhoille leis an athbheochan. Thug rialtas an tSaorstáit aghaidh ar an bhfadhb sin sna fichidí nuair a chinn [[an Gúm]], rannóg foilseacháin na Ranna Oideachais ar leabhair a aistriú go Gaeilge. Trí chuspóir a bhí ag an scéim aistriúcháin: líon mór leabhar Gaeilge a chur ar fáil laistigh d’achar gearr; an Ghaeilge a chur in oiriúint do sheánraí nua trí chineálacha éagsúla leabhar a aistriú; an bealach roimh ghlúin nua scríbhneoirí cruthaitheacha (na haistritheoirí féin san áireamh) a réiteach.
 
Iarradh airgead ar an Roinn Airgeadais sa bhliain 1926 chun tús a chur leis an obair agus reáchtáladh comórtas aistriúcháin dhá bhliain ina dhiaidh sin. Bhí an obair faoi lánseol go luath ina dhiaidh sin agus faoi cheann na bliana 1937 bhí 169 aistriúchán foilsithe (as measc 362 téacs san iomlán a tháinig i gcló ón nGúm). Is ón mBéarla a aistríodh a fhormhór sin, ach cuireadh Gaeilge ar bhuntéacsanna [[Fraincis]]e, [[Gearmáinis]]e, [[Spáinnis]]e, [[Iodáilis]]e agus Sean-Ghréigise, chomh maith le dornán teangacha eile.
 
Roinnt mhaith scríbhneoirí a thuill clú dóibh féin i réimse na Gaeilge ina dhiaidh sin, rinne siad aistriúcháin faoin scéim, leithéidí [[Máirtín Ó Cadhain|Mháirtín Uí Chadhain]], [[Seosamh Mac Grianna|Sheosaimh Mhic Ghrianna]], [[Niall Ó Dónaill|Niall Uí Dhomhnaill]] agus [[Seán Ó Ruadháin|Sheáin Uí Ruadháin]].
Líne 11:
Sa bhliain 1939 rinneadh cinneadh gan tuilleadh aistriúchán a choimisiúnú. Chinn an Gúm tosaíocht a thabhairt do bhunsaothair as sin amach (ach bhí aistriúcháin fós á gcur i gcló go dtí deireadh na ndaichidí). Tuairim is 250 saothar san iomlán a aistríodh faoin scéim<ref>Comhfhreagras leis an nGúm.</ref>.
 
== Fiúntas na Scéime ==
Nuair a cuireadh tús leis an scéim bhíothas den tuairim gur sheift áisiúil a bheadh san aistriúchán chun fadhb na heaspa leabhar Gaeilge a shárú. Bhí scéimeanna aistriúcháin den chineál chéanna curtha i gcrích i bhFlóndras agus sa Bhreatain Bheag ag deireadh na naoú haoise déag le leabhair a sholáthar as Pléimeannais agus as Breatnais, agus iad ag tabhairt le fios go bhféadfaí torthaí maithe a bhaint amach ar an dóigh seo. De réir mar a cuireadh dlús faoin scéim, áfach, thosaigh a lán daoine á cáineadh. Ba é an locht ba mhó a fuarthas uirthi ná go rabhthas ag aistriú an iomarca leabhar Béarla in áit a bheith ag díriú ar theangacha eile. Na daoine a bhí in ann Gaeilge a léamh san am sin, ní raibh aon duine acu dall ar an mBéarla, agus mar sin, bheidís in ann na bunsaothair a léamh pé scéal é - ní raibh aon ghéar-riachtanas acu leis na haistriúcháin. Anuas air sin, níor roghnaíodh ar bhonn córasach na leabhair a bhí le tiontú – rogha phearsanta an eagarthóra nó an aistritheora féin seachas mian an ghnáthléitheora ba bhunús le cuid de na leabhar a roghnaíodh. D’fhág an dá ní sin gur tháinig laghdú ar mhargadh a bhí beag an chéad lá riamh. Maítear freisin go raibh roinnt mhaith de na daoine a rinne aistriúcháin thar ceann an Ghúim ábalta bunsaothair a scríobh agus sásta é sin a dhéanamh agus gurbh fhearr an mhaise don Ghaeilge é dá nglacfadh an Gúm leis na saothair sin seachas a bheith meáite ar aistriúcháin a fhoilsiú. Maíonn roinnt criticeoirí gur mhúch an obair thuirsiúil aistriúcháin a rinne roinnt de na haistritheoirí aon fhuinneamh cruthaitheach a bhí iontu, agus i gcás Sheosaimh Mhic Ghrianna maítear go raibh an tsíoraistritheoireacht a rinne sé sna triochaidí ar ceann de na cúiseanna leis an drochshláinte intinne a tháinig air<ref>Féach, mar shampla Grenne 1969, lch 33.</ref>.
 
Ar an taobh eile de, meastar go bhfuil fiúntas mór sna haistriúcháin i ngeall ar an gcaighdeán ard Gaeilge iontu, gur eiseamláir den dea-aistriúchán iad, agus gur stóras canúintí iad (rud a chuaigh chun sochar na teanga nuair a bhí Foclóir [[Tomás de Bhaldraithe|de Bhaldraithe]] á thiomsú<ref>Féach Ní Bhrádaigh 1997, lch 66.</ref>). Meastar, leis, gur léirigh éagsúlacht na leabhair a aistríodh go raibh an Ghaeilge in ann ag an uile chineál seánra nua-aimseartha (beatháisnéis, stair, litríocht, dráma, réalteolaíocht, scéalta bleachtaireachta, reiligiún srl.) fiú sular tháinig an caighdeán oifigiúil ar an bhfód.
 
== Criticeoireacht ==
 
Ina dhiaidh sin féin, bhí scríbhneoirí Gaeltachta míshásta le gnéithe áirithe d'obair an Ghúim agus den scéim aistriúcháin. Thug [[Máirtín Ó Cadhain]] "[[Róbat|róbó]] aistriúcháin an Stáit" ar an nGúm agus mhaígh sé nach raibh i gcuid mhaith de na leabhair a aistríodh ach saothair den tríú nó den cheathrú grád <ref>Luaite ar Ó Cathasaigh 2002, lch 23.</ref>. Sa bhliain 1949, thug an Cadhnach léacht uaidh faoi chúrsaí litríocht na Gaeilge a foilsíodh ina dhiaidh sin ar ''Feasta'', míosachán Chonradh na Gaeilge, faoin teideal ''Tuige nach bhfuil litríocht na Gaeilge ag fás?'' Is é an breithiúnas a thug sé ar obair an Ghúim ná:
Líne 24:
Go bunúsach, bhí an Cadhnach barúlach go raibh córas neamhoifigiúil cinsireachta i bhfeidhm ag an nGúm agus é níos déine ná an chinsireacht oscailte a bhí á déanamh ar na leabhair Bhéarla in Éirinn san am chéanna. Cháin sé an rud ar thug sé tíorántacht na bpáistí scoile agus na mban rialta air, is é sin, go raibh an Gúm drogallach aon leabhar Gaeilge a fhoilsiú a bhainfeadh geit as an dá dhream seo, ó bhí an priacal ann i dtólamh go mbainfí úsáid as an leabhar mar lón léitheoireachta is mar áis teagaisc ar scoil (agus ba iad na hoird reiligiúnacha a bhí i gceann fhormhór mór na scoileanna in Éirinn sa linn sin).
 
== Roinnt Mórshaothar Litríochta a Aistríodh faoin Scéim ==
{| class="wikitable"
|-
Líne 142:
|}
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
== Foinsí ==
* Cronin, Michael, ''Translating Ireland: Translation, Languages and Culture'' (Cork University Press, 1996).
* Greene, David, ''Writing in Irish Today'' (Mercier Press, 1972).
* Mac Congáil, Nollaig, 'Scríbhneoireacht Ghaeilge Dhún na nGall agus Scéim Aistriúcháin an Ghúim', Móreagrán ''Feasta'' , Iml. 55, Uimh. 5.
* Mac Corraidh, Seán, ''Seosamh Mac Grianna, Aistritheoir'' (An Clóchomhar, 2004).
* Mac Niocláis, Máirtín, ''Seán Ó Ruadháin: Saol agus Saothar'' (An Clóchomhar, 1991).
* Ní Bhrádaigh, Eilís, 'An tOllamh s'Againne', ''Tomás de Bhaldraithe: Cuimhní Cairde'', Proinsias Mac Aonghusa a chuir in eagar (An Clóchomhar, 1997).
* Ó Cadhain, Máirtín, ''Ó Cadhain i bhFeasta''. Eag. Seán Ó Laighin. (Clódhanna Teoranta, 1990).
* Ó Cathasaigh, Aindrias, ''Ag Samhlú Troda: Máirtín Ó Cadhain 1905-1970'' (Coiscéim, 2002).
* O' Leary, Philip, ''Prose Literature of the Gaelic Revival: Ideology and Innovation 1881-1921'' (Pennsylvania State University Press,1994)
* Ó Ruairc, Maolmhaodhóg 'Seosamh Mac Grianna: Aistritheoir', ''Comhar'', Eanáir 1988.
* Ó Ruairc, Maolmhaodhóg ''Aistrigh Leat'', (Cois Life, 2007).
* Titley, Alan, ''An tÚrscéal Gaeilge'' (An Clóchomhar, 1991).
* Titley, Alan, 'Turning Inside and Out: Translating and Irish 1950–2000', ''The Yearbook of English Studies'', Volume 35, Number 1, 2005.
* Uí Laighléis, Gearóidín, ''Seán Mac Maoláin agus Ceart na Gaeilge'' (Cois Life, 2003)
* Uí Laighléis, Gearóidín, 'An Gúm: The Early Years', ''Celtic Literatures in the Twentieth Century'', Séamus Mac Mathúna agus Ailbhe Ó Corráin a chuir in eagar (Languages of Slavonic Culture, 2007).
 
== Aistriúcháin Athfhoilsithe ==
 
* ''Colomba'', Nicholas Williams a chóirigh an t-eagrán nua (Coiscéim, 2007).
Líne 172:
* ''Saile Chaomhánach, nó: Na hUaigheanna Folmha'', an Dr Tomás de Bhaldraithe a chóirigh an t-eagrán nua (An Gúm, 1986) (Gan ISBN).
 
== Naisc Sheachtracha ==
* [http://www.celtologica.com/PDF/CelticLiterature10.pdf An Gúm: The Early Years]
* [http://www.celtic-cultural-studies.com/papers/04/oleary-01.html Science Fiction and Fantasy in the Irish Language, Celtic Cultural Studies]
* [http://www.bc.edu/libraries/about/exhibits/burnsvirtual/bkcovers/1.html Free State Art: Judging Ireland by its Books Covers]
* [http://www.rafaelsabatini.com/MC_RSirish.html Sabatini and the Irish Language]
* [http://www.thefreelibrary.com/Turning+inside+and+out%3a+translating+and+Irish+1950-2000.-a0133405987 Turning Inside and Out: Translating and Irish 1950–2000]
* [http://historical-debates.oireachtas.ie/S/0019/S.0019.193504100008.html Seanad Éireann - Volume 19 - 10 April, 1935, Irish Language and Public Services–Motion]
* [http://historical-debates.oireachtas.ie/S/0019/S.0019.193504100008.html Seanad Éireann - Volume 19 - 10 April, 1935, Irish Language and Public Services–Motion (Resumed)]
 
[[Catagóir:An Gúm]]