An difríocht idir athruithe ar: "Seán A Mac Coisdealbha"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: gv:John A. Costello
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 3:
|ainm_na_híomhá=Costello.jpg
|ord=2ú [[Taoiseach]]
|i_bhfeidhmeannas=(1) [[18 Feabhra]], [[1948]] - [[13 Meitheamh]], [[1951]]<br />(2) [[2 Meitheamh]], [[1954]] - [[20 Márta]], [[1957]]
|réamhtheachtaí=(1) [[Eamon de Valera]]<br />(2) [[Eamon de Valera]]
|comharba=(1) [[Eamon de Valera]]<br />(2) [[Eamon de Valera]]
|dáta_breithe=[[20 Meitheamh]], [[1891]]
|áit_bhreithe=[[Baile Átha Cliath]], [[Éire]]
Líne 18:
B'é '''John Aloysius Costello''' ([[20 Meitheamh]], [[1891]] - [[5 Eanáir]], [[1976]]) an 2ú [[Taoiseach]] (ceann rialtais na [[Poblacht na hÉireann|hÉireann]]).<ref>http://www.ucd.ie/archives/html/collections/costello-johna.html</ref> Ba abhcóide rathúil é agus ba [[Ard-Aighne na hÉireann]] é ó [[1926]] go [[1932]].
 
== Tús a shaoil ==
Saolaíodh Seán Alabhaois Mac Coisdealbha i m[[Baile Átha Cliath]] sa bhliain 1891. Fuair sé a chuid scolaíochta ag Scoil Úí Chonaill (scoil de na [[Bráithre Críostaí]]) i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Rinne sé staidéar ar stair, ar theangacha agus ar litríocht i g[[An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath|Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath]] agus bronnadh céim Bhaitsiléir na n-Ealaíon air sa bhliain [[1911]]. Rinne sé staidéar ag [[Óstaí an Rí]] chun bheith ina abhcóide. Bhuaigh sé duais Victoria sna blianta [[1913]] agus [[1914]]. Bronnadh céim dlí air agus cháiligh sé mar abhcóide sa bhliain 1914 agus d'oibrigh sé mar abhcóide ó shin go [[1922]].
 
Phós sé ''Ida Mary O'Malley'' ar an [[31 Iúil]] [[1919]]. Bhí triúr mac agus beirt iníonacha acu.
 
== Saorstát Éireann ==
Thosaigh sé ag obair i bhfoireann Ard-Aighne [[Saorstát Éireann|Shaorstát Éireann]] sa bhliain [[1922]]. Bhí an stát nua-bhunaithe ag an am. Cháiligh sé mar abhcóide sinsear trí bliana ina dhiaidh sin agus ceapadh mar Ard-Aighne do rialtas [[Cumann na nGaedhael|Chumann na nGaedhael]] é sa bhliain [[1926]]. Tar éis an cheapacháin, bhí sé mar ionadaí don Saorstát ag cruinnithe [[Conradh na Náisiún|Chonradh na Náisiún]] agus ag cruinnithe an Choinfearaidh Impiriúil.
 
Líne 31:
 
Ba é [[Fianna Fáil]] an páirtí is mó tar éis olltoghcháin [[1948]] ach ní raibh móramh de ne suíocháin acu. Tháinig na páirtithe eile (Fine Gael, [[Páirtí an Lucht Oibre]], [[Páirtí Náisiúnta an Lucht Oibre]], [[Clann na Poblachta]], [[Clann na Talmhan]] agus roinnt Teachtaí neamhspleácha) le cheile chun an chéad rialtas idir-pháirtí a chruthú. Cuireadh Fianná Fáil as oifig tar éis iad a bheith i geannaas ar feadh 16 bhliain.
== Taoiseach (1948-1951) ==
Tugadh post an Taoisigh d'Fhine Gael mar ba é Fine Gael an páirtí is mó sa chomhrialtas. Ba é [[Risteard Ó Maolchatha]] ceannaire Fhine Gael ach níorbh fhéidir le [[Clann na Poblachta]] glacadh leis mar Thaoiseach ó thaobh an pháirt a bhí aige sa [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Chogadh Cathartha]]. Sheas ó Maolchatha síos agus ceapadh Mac Coisdealbha mar Thaoiseach.
 
=== Fógairt na Poblachta ===
Gheall Clann na Poblachta roimh an olltoghcháin go n-athghairfidís an tAcht Caidrimh Eachtraigh ([[1936]]) ach níor chuir siad béim ollmhór ar an abhar ag bunú an rialtais. Níor thaitin an tAcht le Mac Coisdealbha nó le [[Liam Ó Neachtain]] ([[Tánaiste]] agus ceannaire Phairtí an Lucht Oibre) ach oiread. Phlé an chomh-aireacht an tAcht ach níor tháinig siad ar aon chinneadh.
 
Bhí Mac Coisdealbha ar chuairt oifigiúil go [[Ceanada]] i rith mí Mean Fómhair 1948 nuair a chuir iriseoir ceist air maidir le fágail an [[An Comhlathas Briotanach|Chomhlathais Bhriotanaigh]]. D'fhreagair Mac Coisdealbha go poiblí go raibh an rialtas chun an tAchta a athghair agus chun Poblachta a fhógairt. Tháinig sin aniar aduaidh ar airí an rialtais agus ar rialtas na [[An Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]] freisin. Tar éis fógartha na Poblachta sa bhliain [[1949]] chuir an Ríochta Aontaithe an ''Ireland Act'' i bhfeidhm. Dhaingnigh an tAcht stádas Tuaiscirt Éireann sa Ríocht Aontaithe agus thug sé cearta éagsúla do shaoránaigh na Poblachta a bhí ina gcónaí sa Bhreatain. D'fhág Éire an Comhlathas ar [[18 Aibreán]] 1949 ([[Luan Cásca]]) nuair a cuireadh an tAcht Phoblacht na hÉireann (1948) i bhfeidhm. Ghearr an tAcht an tsrian bhunreachtúil dheireanach idir an stát agus an Ríocht Aontaithe.
 
=== Scéim Máthar agus Linbh ===
Thug an tAire Sláinte, [[Nollaig de Brún]] (Clann na Poblachta) an Scéim Máthar agus Linbh isteach sa bhliain [[1950]]. Thabharfadh an scéim cúram máithreachais saor in aisce do mháithreacha agus cúram sláinte saor in aisce dá bpáistí go dtí go raibh siad 16 bhliain d'aois. Bhí na dochtúirí agus an [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Eaglais Caitliceach]] go mór in éadan na scéime. Cheap na dochtúirí go n-ísleodh an scéim a dteacht isteach agus bhí eagla ag na heaspaig go bhfágfaí an bealach don fhrithghiniúint agus don ghinmhilleadh. Bhí scoilt sa Chomh-Aireacht maidir leis an scéim. Cheap roinnt Airí nach bhféidir leis an stát costas na scéime a íoc. Chuir Mac Coisdealbha agus Airí eile in iúl do de Brún nach seasfaidís leis. D'éirigh de Brún as mar Aire ar an [[11 Aibreán]] [[1951]] agus cealaíodh an scéim. D'fhoilsigh de Brún a chomhfhreagras le Mac Coisdealbha agus leis na heaspaig.
 
=== Éifeacht an Rialtais ===
D'éirigh go maith leis an rialtas i slite éagsúla:-
* Tógadh an méid tithe is mó riamh
* Bunaíodh an t[[Údarás Forbartha Tionscail]] agus [[Córas Trachtala]]
* Tháinig ísliú mór ar ionsaitheacht na heitinne de bharr polasaithe an Aire Sláinte
* Ghlac [[Éire]] a ballraíocht san [[Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta]] agus i g[[Comhairle na hEorpa]]. D'fhan an stát taobh amuigh d' [[Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh]] mar gheall ar chríochdheighilt na tíre.
* Luathaíodh an scéim chun leictreachais a sholáthar do ghach áit sa tír, na háiteanna is iargúlta ina measc
 
=== Olltoghchán 1951 ===
Cé gur buille don rialtas é an chonspóid maidir leis an Scéim Máthar agus Linbh, ní raibh sé ina buille marfach. Lean an rialtas ar aghaidh ar feadh tamaill ach bhí praghsanna ag ardú, bhí géarchéim chomhardaithe na n-íocaíochtaí ag teacht agus d'aistarraing dhá Theachta Dála a dtacaíocht. Chuir sin brú ar Mhac Coisdealbha agus ghair sé olltoghchán i mí Meitheamh, 1951. Bhí toradh éiginntitheach ag an toghchán ach bhí Fianna Fáil ábalta rialtas a chruthú. D'éirigh Mac Coisdealbha as mar Thaoiseach. Toghadh mac Mhic Coisdealbha, [[Deaglán Mac Coisdealbha|Deaglán]], mar Theachta Dála don chéad uair san olltoghchán seo.
 
Líne 57:
Mhair rialtas Fhianna Fáil ar feadh trí bliana.
 
== Taoiseach (1954-1957) ==
Chaill Fianna Fáil suíocháin in olltoghchán [[1954]] de bharr fadhbanna eacnamaíochta na tíre. Tháinig Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus Clann na Talmhan le chéile i gcomhrialtas nua. Athtoghadh Mac Coisdealbha mar Thaoiseach. Níorbh fhéidir leis an rialtas nua mórán a dhéanamh chun an gheilleagair a fheabhsú agus ní raibh siad ábalta an dífhostaíocht nó an eisimirce a laghdú. Chuaigh Éire isteach sa [[Náisiúin Aontaithe]] sa bhliain [[1955]].
 
Chuir [[Óglaigh na hÉireann]] (an t[[IRA]]) feachtas míleata nua ar bun sa bhliain [[1956]]. Sheas an rialtas go láidir in éadan na hÓglaigh.
 
=== Olltoghchán 1957 ===
Thug [[Seán Mac Giolla Bhríde]] (ceannaire Chlann na Poblachta) rún mímhuiníne isteach ó thaobh lagaithe an gheilleagair. Thug Fianna Fáil rún mímhuiníne isteach freisin. Ghair Mac Coisdealbha olltoghchán mar bhí sé beagnach cinnte go gcaillfeadh an rialtas vóta Dála. Bhain Fianna Fail móramh iomlán amach san olltoghchán.
 
== Éirí As ==
D'fhill Mac Coisealbha ag an dlíodóireacht agus d'éirigh go maith leis arís. D'éirigh Ó Maolchatha as mar cheannaire an pháirtí sa bhliain [[1959]] agus tháinig [[Seámus Maitiú Diolún]] i gcomharbacht air. D'fhill Mac Coisdealbha go dtí na cúlbhinsí ag an am céanna. D'fhan sé mar Theachta Dála go dtí olltoghchán na bliana [[1969]]. Tháinig [[Gearóid Mac Gearailt]] i gcomharbacht air ina dháilcheantar, [[Baile Átha Cliath]] Thoir Theas.
 
Líne 72:
Bhí sé 84 bhliain d'aois nuair a fuair sé bás ar an [[5 Eanáir]] [[1976]].
 
== Foinsí ==
{{reflist}}
 
{{Taoisigh na hÉireann}}
 
[[Catagóir:Polaiteoirí na hÉireann|Mac Coisdealbha, Seán A]]
[[Catagóir:Teachtaí Dála|Mac Coisdealbha, Seán A.]]