An difríocht idir athruithe ar: "Seán Ó Neachtain (Scoláire Gaeilge)"

Content deleted Content added
Ceartú Catagóra
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
Scríobhaí agus file [[Gaeilge]] ab ea '''Seán Ó Neachtain''' (t.[[1640]]-[[1729]]). Bhí sé ina fear léinn lárnach i gciorcal liteartha Gaelach i m[[Baile Átha Cliath]] ag deireadh an [[17ú haois]] agus tús an 18ú haois. Thairis sin, bhí sé mar mháistir scoile, aistritheoir, agus ina scríbhneoir próis. Rinne sé go leor dá shaothar léinn ina éineacht lena mhac, Tadhg, agus lean Tadhg den obair sin tar éis bhás a athar.
 
== A Óige agus a Theaghlach ==
Rugadh é i gCluain Oileáin, paróiste an Droma, i g[[Contae Ros Comáin|Co. Ros Comáin]]. Tadhg ab ainm dá athair. Chaill a mhuintir na tailte a bhí acu le linn [[Oilibhéar Cromail|ré Chromail]]. Chaith Seán tamall ina spailpín ina dhiaidh sin i gContae na Mí agus phós sé Úna de Nógla, ar scríobh sé ''Rachainn fón gcoill leat, a mhaighdean na n-órfholt'' di. Fuair sí bás go gairid ina dhiaidh sin agus bhog Seán go [[Baile Átha Cliath]]. Phós sé Úna Ní Bhroin ansin, bean a bhí gaolta leis an Ardeaspag Edmond Byrne, de réir cuma.
 
Rugadh [[Tadhg Ó Neachtain|Tadhg]] dóibh sa bhliain 1671 agus beirt pháistí eile ina dhiaidh sin, darb ainm Lúcás agus Anna. Bhí cónaí orthu go léir i gceantar [[Shráid Thomáis]] ar an taobh theas den chathair, áit a raibh teach scoile ag Seán. Fuair Úna bás ar 5 Feabhra 1706/7 agus scríobh sé dán caointe di. Tá an dán seo le fáil i ''Nua-Dhuanaire II'', le [[Breandán Ó Buachalla]].
 
== Saothar ==
Chaith Seán an-chuid ama ar aistriúcháin a dhéanamh ar ábhair chráifeacha, ach ní go ró-mhaith a bhí sé ag an gceird seo, dar le Cathal Ó hÁinle.<ref>Ní Mhurchú agus Breatnach, ''Beathaisnéis: 1560-1781'', (Baile Átha Cliath, 2001) lth. 161-163</ref> Bhain a chuid filíochta le cúrsaí agus polaitíocht an lae. Cé nach filíocht den scoth a bhí ann, léirigh sé tuiscint an-mhaith ar mheadarachtaí agus ar fhoclaíocht ina chuid dánta.
 
Líne 17:
Fuair sé bás i mí na Márta 1728/29. Dúirt a mhac Tadhg gur scríobh sé ''Do ghuidh mé Muire Mháthair'', ar leaba a bháis.
 
== Tagairtí ==
 
{{reflist}}
 
== Leabhair ==
 
* [http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?manufacturers_id=&products_id=2227 Ní Mhurchú agus Breatnach, ''Beathaisnéis: 1560-1781'', (Baile Átha Cliath, 2001)] ISBN 0-903758-76-8
* [http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?manufacturers_id=&products_id=4216 Ó Buachalla, ''Nua-Dhuanaire II'', (1976)] ISBN 09012827070-901282-70-7
* Ó Fágáin, ''Éigse na hIarmhí'' (Baile Átha Cliath, 1985)
* Ó Neachtain, ''Scéal Éamuinn Uí Chléire'', (Baile Átha Cliath, 1918)