An difríocht idir athruithe ar: "Stair na Rúise roimh Pheadar Mór"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
'''Stair na Rúise roimh Pheadar Mór'''
 
== Na Lochlannaigh ==
 
Is é an scéal is túisce a chreidtear taobh amuigh den Rúis féin gurbh iad na Lochlannaigh ba luaithe a chuir tús leis an stát Rúiseach. Níl na saineolaithe Rúiseacha chomh tapa céanna á admháil, ach ar a laghad ar bith tá go leor leideanna le fáil sna foinsí staire a thugann a leithéid sin le fios.
Líne 7:
Is í an fhoinse is tábhachtaí dá bhfuil ann ar luathstair na Rúise ná an leabhar ar a dtugtar [[Croinic Neastóir]] go minic, siúd is gurb é ''Povest' Vremennykh Let'' an teideal Rúisise: ciallaíonn sé "Scéal na nImeachtaí Saolta", nó "Scéal na mBlianta Caite" - cibé is fearr leat. Deir an chroinic seo go bhfuair na Rúisigh - nó na treibheanna a bhí ag cur fúthu i dtailte na Rúise fadó - go bhfuair siad amach as a stuaim féin nach raibh acmhainn a rialaithe féin iontu, agus gach treibh ag éirí amach i gcónaí in éadan an chuid eile acu. Ó bhí taithí agus aithne éigean ag na treibheanna seo ar na Lochlannaigh, thug siad cuireadh isteach dóibh: "Tá an tír seo againne as pabhar saibhir, ach níl ord ná síocháin ann. Tagaigí anseo go gcuirfidh sibh rialtas ceart i bhfeidhm orainn." Agus ar ndóigh, bhí na hUigingigh chomh cairdiúil carthannach is gur tháinig siad ag rialú na Rúiseach bocht. - Is follasach nach bhfuil i leagan seo na Croinice ach bolscaireacht. Is dealraitheach go ndeachaigh dream amháin de na Rúisigh i gcomhar agus i gcomhghuaillíocht leis na Lochlannaigh agus gur chrom siad ar an tír a rialú in éineacht.
 
== Clann Rurik ==
 
Deir an Chroinic gur gaireadh rí nó ruire de chineál éigin den taoiseach Lochlannach darbh ainm Rurik - ''Hrærekur'' in [[Íoslainnis]] an lae inniu, ''Rörek'' as [[Sualainnis]] - agus go ndeachaigh sé i gceannas ar an gcathair úd Novgorod. Faoin taca céanna - sa naoú haois - ghabh beirt taoiseach eile [[Cíév]] in [[An Úcráin|Úcráin]] an lae inniu le húsáid na bunáite a bhaint aisti agus iad ag ionsaí [[Cathair Chonstaintín|Chathair Chonstaintín]].
Líne 17:
Níor thréig meon saighdiúireachta, fánaíochta agus creachadóireachta na nUigingeach clann Rurik go róghasta. Le lámh láidir an ionsaitheora bhain Igor amach ceadúnas trádála ón mBiosáintiam, ionas gur chuir dornán trádálaithe Rúiseacha fúthu i gCathair Chonstaintín sa bhliain 911.
 
== Igor ==
 
An bhliain dár gcionn fuair Oleg bás, agus Igor ag teacht i seilbh a chéimíochta. Chuir sé cogadh i ndiaidh cogaidh ar na treibheanna ina thimpeallacht, agus é ag sealbhú tailte úra don Rúis sa deisceart, idir deilte na Danóibe agus deilte Dniepr, chois na [[An Mhuir Dhubh|Mara Duibhe]]. Ag druidim le deireadh a shaoil dó chuir sé cogadh ar na Biosáintigh in athuair le conradh ní b'fhearr trádála a fháil: an seanchonradh a bhí i bhfeidhm ón mbliain 911 i leith, chuir sé diansrianta le líon na dtrádálaithe a raibh cead isteach acu i gCathair Chonstaintín, ach bhí cead trádála gan srian ag teastáil ó Igor.
Líne 23:
Sa bhliain 945 chuaigh Igor a ghearradh cánach ar na Dreibhleánaigh - treibh Shlavach a bhí iontu a bhí cloíte ag Igor i dtús a chaithréime. Chuaigh na Dreibhleánaigh i gcearmansaíocht ar mo dhuine agus d'éirigh leo é a mharú. Tharla gur ag bailiú cánach a bhí sé ar uair a bháis, rinne Olga, a bhaintreach, a dicheall le córas sibhialta cánachais a chur ar bun, in áit an nóis a bhí ag na Lochlannaigh an obair a dhéanamh le lámh láidir mhíleata.
 
== Svyatoslav ==
 
Bhí suim ag Olga sa chreideamh Chríostaí fosta. Bhí an reiligiún seo ag teacht isteach ón mBiosáintiam faoin am sin, agus bhí Olga barúlach go gcuideodh an creideamh léi síocháin a choinneáil ar fud na ríochta agus cultúr léinn a chur ar bun inti. Ní raibh a mac, Svyatoslav, ar aon tuairim léithi, áfach. Bhí seisean an-tugtha don tseanghnáthamh Phágánta, agus é ag roghnú an chlaímh thar an bpeann. Thar aon rud eile, b'eisean a chloígh is a scrios ríocht na gCasárach: dealraíonn sé gur treibh Thurcach a bhí sna Casáraigh, ach más amhlaidh féin, chuaigh siad leis an nGiúdachas. Tá an teoiric ann gurb ó na Casáraigh a shíolraigh na sluaite de Ghiúdaigh a chuir fúthu ar fud Oirthear na hEorpa go dtí gur thacht Hitler sna seomraí gáis iad.
Líne 29:
Fuair Svyatoslav bás sa bhliain 972, agus ní raibh aois rómhór aige go fóill. Ó nár thréig sé ceard na cogaíochta choíche, chuaigh sé ag cur troda ar na Peitsineigigh. Cine d'fhánaithe a bhí iontu seo agus iad i gcomhghuaillíocht leis na Casáraigh, tráth den tsaol: nuair a fuair siad an fhaill, mharaigh siad Svyatoslav, a sean-namhaid, gan trua gan trócaire.
 
== Clann Svyatoslav ==
 
I ndiaidh a bháis-sean, scoilteadh a ríocht, nó bhí triúr mac aige, agus thug gach duine acu a phíosa féin leis. Oleg, Yaropolk agus Vladimir a bhí ar an triúr seo, agus ní raibh siad i bhfad ag déanamh réidh chun cogaidh in aghaidh a chéile. Ar tús, mharaigh Yaropolk Oleg, ach níor fágadh i bhfad ina bheo é féin ina dhiaidh sin, agus Vladimir ag coinneáil súil air le leas a bhaint as an chéad áiméar a gheobhadh sé le bás a imirt air.
 
== Vladimir ==
 
Nuair a bhí an bheirt eile ag déanamh créafóige, chuaigh Vladimir i gceannas ar Chíév. Taoiseach mór cogaidh a bhí ann, ar nós a mhuintire roimh a lá féin. Chuir sé cath ar na Liotuánaigh agus na Polannaigh a raibh a dtailte ag críochantacht lena thír féin, agus rinne sé an-ghabháltas ar a gcuid siúd. Sa deireadh, áfach, chinn sé ar iompú a dhéanamh i leith an leagain Oirthearaigh den chreideamh Chríostaí, nó fuair sé nár mhiste dó dul i gcomhghuaillíocht le Cathair Chonstaintín. Bhí an Chríostaíocht ag seadú ina chúirt féin cheana, agus daoine de lucht leanúna an chreidimh nua le fáil i measc uaisle a ríochta, gan aon trácht a dhéanamh ar an bparóiste Críostaí a bhí bunaithe ag an eaglais i gCíév le fada an lá le misinéireacht a dhéanamh agus le freastal ar a n-anamanna siúd a bhí ag adhradh Mac Dé cheana féin. Dealraíonn sé go raibh Vladimir sách eolach ar nósanna na Críostaíochta ó thús a shaoil, siúd is gur bhain sé féin le lucht na seanPhágántachta.
Líne 39:
Mar sin, phós Vladimir Áine, an banphrionsa Polannach, agus chuaigh tonn bhaiste air. Thug sé dianorduithe do mhuintir na ríochta go léir an reiligiún úr a ghlacadh. Tháinig easpag nua sna sálaí ag Áine, agus chrom sé ar an misinéireacht go tréan tréamanta. Níor imigh mórán blianta go raibh Críostaíocht an Oirthir ina príomhreiligiún ar fud na tíre. Nuair a d'éag Vladimir, bhronn an Eaglais Ortadocsach naomhainmniú air in éiric an éachta a bhí déanta aige ag cur chun cinn an chreidimh i measc a chuid géillsineach.
 
== Clann Vladimir ==
 
Sa bhliain 1015 a fuair sé bás, agus cibé fá dtaobh den Chríostaíocht, ní raibh mórán Críostúlachta ag roinnt leis an dóigh ar shocraigh a chlann mhac féin ceist na comharbachta eatarthu. B'é Svyatopolk, an mac ba sine acu, ba túisce a tháinig sa ríchathaoir, ach má tháinig féin, ní raibh an deartháir eile, Yaroslav, agus é i gceannas an airm - ní raibh Yaroslav sásta an chumhacht a fhágáil ag Svyatopolk gan cath a chur ar a shon féin. Chuaigh Svyatopolk i dtuilleamaí Bholeslaw, Rí na Polainne, le cuidiú a fháil in aghaidh Yaroslav, a d'fhan i gceannas Novgorod an chuid ba mhó den am, agus cogadh ar cois idir lucht a leanúna féin agus cuid a dhearthára.
Líne 45:
Ghlac na géillsinigh col le Svyatopolk mar gheall den tíorántacht a bhí sé a imirt orthu le teann na heagla a bhí air roimh Yaroslav. Mar shampla, shaighid sé na feallmharfóirí i mBoris agus i nGleb, beirt fhear cráifeach ar gaireadh mairtírigh náisiúnta díobh ina dhiaidh sin. Bhí comhghuaillithe Svyatopolk - na ceithearnaigh Pheitsineigeacha a fuair sé ar iasacht ó rí na bPolannach - bhí siad ag caitheamh le bunadh na háite mar a shamhlófá le harm forghabhála: ag creachadh rompu is ag loitiméireacht ar fud na háite, ag éigniú ban is ag gadaíocht. I ndeireadh báire, tháinig arm Lochlannach Yaroslav isteach ó Novgorod le Cíév a ghabháil agus le SvYatopolk a mharú, sa bhliain 1019. Svyatopolk Mallaithe an t-aon ainm a thugtaí ar mo dhuine i ndiaidh a bháis.
 
== Yaroslav na n-ilbhuanna ==
 
Nuair a bhí an tsíocháin ar bun sa ríocht arís - siúd is go raibh trioblóidí áirithe ag Yaroslav go fóill le deartháir eile darbh ainm Mstislav - shocraigh an rí nua síos le atógáil is forbairt a dhéanamh ar a thír. Dealraíonn sé gur fear cuíosach léannta a bhí ann, agus léamh na teanga Slaivise aige, rud nach raibh chomh coitianta sin san am.
Líne 53:
B'i dtréimhse Yaroslav a tháinig an chéad bhorradh ar an litríocht sa teanga léannta seo sa Rúis. Chuir Yaroslav ar bun scoileanna sna cathracha, agus é ag cuidiú leis an Eaglais tithe adhartha a thógáil agus ealaín na naomhdhathadóireachta a chur chun cinn. Is cuid thábhachtach iad de chultúr na heaglaise Oirthearaí na dealbha beannaithe sa lá atá inniu féin ann. - Thairis sin, d'fhéach Iaroslav chuige gur cuireadh tús le códú agus caighdeánú na ndlíthe ina ríocht. Bhí an-chaidreamh taidhleoireachta ag Yaroslav le tíortha móra an Iarthair, agus phós daoine clainne dá chuid prionsaí agus banphrionsaí ón bhFrainc, ón nGearmáin, ón bPolainn agus ón Ungáir. Níor shéan Yaroslav seanchairdeas a ríochta leis na Lochlannaigh ach an oiread. Mar sin, bhí clú agus cáil ar mo dhuine agus ar a thír ar fud na hEorpa. San am sin, ní raibh an Rúis chun deiridh ar na tíortha eile san Ilchríoch, agus an chuma ar na cúrsaí go rabhthas ag tosú ag dearcadh uirthi mar thír den ghnáthchineál.
 
== Bás Yaroslav agus meath Chíév ==
 
Ar mhí-ámharaí an tsaoil, b'é an seanscéal sa Rúis arís é i ndiaidh bhás an phrionsa éirimiúil seo: thit a chlann agus lucht a ghaoil amach le chéile, agus an tír á lagú ag na mionchogaí is ag na trioblóidí éagsúla. D'éirigh prionsachtaí eile na Rúise níos tábhachtaí ná Cíév: Vladimir-Suzdal thar aon cheann eile. Sa bhliain 1136 chuir muintir Novgorod ruaigeadh ar an bprionsa a chuir Cíév chucu le dul i gceannas na cathrach. Ansin, chrom muintir Novgorod ar iad féin a rialú mar chineál poblacht, agus fágadh Cíév ag titim le fána. Nuair a d'fhorghabh na Mongólaigh Cíév le léirscrios iomlán a dhéanamh uirthi, ní raibh fágtha den chathair cheana féin ach scáil i mbuidéal. Sa dara leath den dóú haois déag, bhí a gradam agus a céim bainte di ag Andrey Bogalyubskiy, prionsa Vladimir-Suzdal, a chuir a chumhacht féin i gcion ar an gcathair in éis dó an t-iomlán a chreachadh dá raibh le fáil de rudaí luachmhara san áit.
Líne 59:
De na mionphrionsachtaí a tháinig ar an bhfód nuair a bhí port Chíév seinnte, b'iad Novgorod agus Suzdal an dá cheann ba tábhachtaí, agus iad suite i dTuaisceart na Rúise, murab ionann agus Cíév.
 
== Novgorod na Saoirse ==
 
Áit trádála a bhí i Novgorod thar aon rud eile, agus í á stiúradh is á rialú ag comhthionól na bhfear saor, ''veche''. B'iad na mórthrádálaithe agus na huaisle, chomh maith leis na heaglaisigh, ba mhó a raibh cumhacht acu ar an tionól, ach is féidir a rá gur beag áit eile sa Rúis san am sin ina raibh a leithéid féin de dhaonlathas le fáil. Bhí géillsine ag go leor cathracha eile do Novgorod, ar nós Pskov, Staraya Russa agus Velikiye Luki, agus an córas céanna rialtais ag feidhmiú iontu, bunaithe ar an ''veche''.
Líne 71:
Má ba mhall ba mhithid, nó, ar dtús, bhí an tsíorchogaíocht in éis praiseach a dhéanamh ar fud na Cairéile, agus, thairis sin, namhaid i bhfad ní ba mhó ná an tSualainn ag éirí bagrach ar na Rúisigh - bunadh Novgorod ins an áireamh - san Oirthear. B'é sin stát na Mongólach is na dTatárach.
 
== Na Mongólaigh ==
 
Tháinig an chéad ionradh Mongólach ar Dheisceart na Rúise sa bhliain 1223 faoi cheannas an Cháin mhórchlúitigh féin Geingeas. Ós rud é gur san Deisceart a rinne Geingeas a chuid racáin, níorbh eagal do Novgorod é; an chéad taoiseach eile - Batú - a chuaigh i gceannas ar arm a Chan féin, thug sé aghaidh ar na prionsachtaí tuaisceartacha, mar Vladimir-Suzdal agus Novgorod.
Líne 81:
B'é ba toradh dó seo ná gur fágadh an chuid ba mhó den Rúis faoi fhorlámhas na Mongólach ar bhealach díreach nó indíreach. Ba chuid de ríocht na Mongólach iad oirthear agus deisceart na Rúise. Na prionsachtaí beaga san Iarthar, bhí gobharnóir nó fear ionaid de chuid na Mongólach i ngach ceann acu, agus aitheantas tugtha acu do Chán na Mongólach mar Ard-Rí. Sa tuaisceart a bhí tailte Novgorod, agus iad saor ó dhíormaí Tatáracha, ach bhí lucht a rialtais ag íoc cánach leis na Mongólach.
 
== Moscó ==
 
Bhí stát nua ag teacht chun tosaigh, áfach, i measc na mionphrionsachtaí: Moscó. Ní raibh i Moscó ar dtús ach cineál taobhchathair nó cóilíneacht de chuid Vladimir-Suzdal. B'é Iúirí Dolgarúicí (nó "Seoirse Lámhfhada") a thóg an chéad chaisleán ins an áit seo, agus de réir a chéile, rinneadh prionsacht daoithi, mar Mhoscó. (As an abhainn - ''Moskva-reka'' - atá ag sní tríthi a hainmníodh an chathair. Creidtear gur tháinig ainm na habhainne as ceann de na teangacha Fionnúgracha a labhraítear nó a labhraítí thall is abhus sa Rúis, agus gaol ag an ainm Moskva leis na tamhain Fhionnúgracha a chiallaíonn "dubh" agus "uisce" - ''musta'' agus ''vesi'' na Fionlainnise. Thiocfadh a rá, mar sin, gur "Dubhlinn" is ciall le hainm na cathrach ó thús.)
Líne 89:
B'éigean do Novgorod géilleadh do bhrú na Sualannach is na Liotuánach, fosta: de réir a chéile, chaill sí a seanghradam, agus Moscó ag fás is ag forbairt.
 
== Faoi Bhráca na Mongólach ==
 
Ba mhór an t-éirleach é an tréimhse a chaith na Mongólaigh ag rialú na Rúise. Nuair a tháinig siad ag marú is ag creachadh rompu, bhánaigh siad limistéir mhóra den tír go hiomlán, agus nuair a chuir siad ar bun cumhacht eagraithe, níor bhuair siad a gcloigne le gnaoi na ndaoine a chothú ná a tharraingt orthu féin. Mar sin, d'éalaigh na sluaite síoraí de Rúisigh rompu go Novgorod le teacht slán ar a bhforlámhas. De réir mar a chuaigh nósanna cruálacha míthrócaireacha i bhfeidhm ar an bpobal, d'éirigh na Rúisigh as an tsibhialtacht go hiomlán, ó bhí troid laethúil na beatha ag éileamh gach a raibh de ghustal iontu. Bhí na prionsaí Rúiseacha ag tógáil uisce faoi thalamh in éadan a chéile, agus na Mongólaigh á saigheadadh faoi chéile lena ngaisneas a bhaint as gach cineál easaontais nó faltanais idir na Rúisigh.
 
== Iarsmaí an Mhongólachais ==
 
D'fhág na Mongólaigh a rian féin ar chultúr na Rúise ar a lán bealaí. Scar siad an tír leis an Iarthar, agus an Áise ag éirí níos tábhachtaí mar chéile trádála agus iomlaoide. Thairis sin, b'iad na Mongólaigh a thug isteach pionós an bháis sa Rúis, nó ní raibh sé á chleachtadh ag na Rúisigh fad is a d'fhan seandlíthe na Slavach beo ina measc. B'ó na Mongólaigh a d'fhoghlaim na Rúisigh an dóigh le príosúnaigh a chéasadh, fosta.
 
== Dmitriy Donskoy ==
 
Sa cheathrú haois déag, áfach, d'éirigh le prionsa Mhoscó, Dmitriy, na Rúisigh a chruinniú in éadan na dTatárach. Bhí scoilt ag teacht ar na Mongólaigh, agus Mathshlua nua bunaithe ag cuid acu le dul in iomaíocht leis an Mathshlua Órga - an Mathshlua Geal. Chuaigh fórsaí Dmitriy chun teagmhála leis na Tatáraigh i gKulikovo in aice leis an abhainn úd Don, agus b'iad na Rúisigh a bhuaigh an cath cáiliúil seo i Mí Mheán Fómhair den bhliain 1380. Ina dhiaidh sin, chuaigh ag an Mathshlua an ceann is fearr a fháil ar na Rúisigh arís, ach bhí sé foghlamtha acu anois nach dochloíte a bhí na Mongólaigh, agus go raibh sé indéanta ruaigeadh a chur orthu as an tír. Gaireadh laoch náisiúnta de Dmitriy - Dmitriy Donskoy, nó Dmitrí ó Don.
 
== Tokhtomysh agus Vasiliy ==
 
Ní raibh na Tatáraigh sochloíte ach an oiread, áfach. Nó tháinig Cán úr i gceannas orthu uilig - Tokhtomysh, a bhí i mbun an Mhathshlua Ghil ar tús. Rinne Tokhtomysh creach agus ródach ar Mhoscó le díoltas a agairt ar Dmitriy Donskoy, ach níorbh é sin an deireadh le troid na Rúiseach, nó thionóil Vasiliy, mac Dmitriy Donskoy, na Rúisigh ó chúigí is ó phrionsachtaí éagsúla ina gcomhghuaillíocht mhór mhillteanach le cath a chur ar na Tatáraigh agus ar an namhaid úr a bhí ag druidim isteach aniar - monarcacht dhúbailte na Polainne is na Liotuáine. Bhí réalta Novgorod ag dul faoi faoin am seo, agus Moscó ag déanamh forghabhála ar cheantair iar-Novgorodacha ó thuaidh, rud a d'fhág dídean ag Vasiliy le dul ar a theitheadh ó na Tatáraigh nuair a tháinig siadsan a rith damhsa ar fud Mhoscó.
 
== Aontú na Rúise ar na Bacáin ==
 
Le linn na gcathanna sa chúigiú haois déag tháinig deireadh leis na cúigí neamhspleácha, agus an Rúis á haontú faoi choimirce Mhoscó. Nuair a shealbhaigh Ivan a Trí - garmhac do Vasiliy, mac Dmitriy - an chumhacht i Moscó, ní raibh mórán sracaidh fágtha sna cúigí eile, ach amháin i Novgorod. Déanta na fírinne, ní bheadh Novgorod féin in inmhe scaradh ó Mhoscó gan chuidiú ón bPolainn-Liotuáin, agus í ag iompairc le Moscó faoin tseanphoblacht trádála seo. Nuair a thoiligh Novgorod le conradh comhghuaillíochta leis an Liotuáin, chuaigh Ivan a Trí chun cogaidh le pionós a ghearradh do mhuintir Novgorod as an bhfeillbheart, agus ó ba rud é nár tháinig fórsaí Liotuánacha ag chosaint a gcomhghuaillí ar an ionradh, b'éigean do lucht rialtais Novgorod forlámhas a ghéilleadh d'Ivan. I gceann chúpla bliain eile, áfach, d'éirigh na Novgorodaigh amach in éadan Mhoscó, ach ní raibh rath orthu. B'éigean dóibh iad féin a thabhairt suas don namhaid go neamhchoinníollach, agus ansin, sa bhliain 1478, chaill an tseanphoblacht gach a raibh fágtha dá neamhspleáchas. An clog mór féin a mbíodh a chling ag cur gairm scoile ar chomhthionól ionadaíoch na poblachta cathartha, tógadh anuas é lena thabhairt go Moscó mar chreach chogaidh. Rinneadh feoid de thailte Novgorod agus cuireadh tiarnaí ó Mhoscó ina mbun.
 
== Feodachas, Seirfeachas agus Daoirse ==
 
An Rúis a haontaíodh le linn Ivan a Trí a bheith ina phrionsa ar Mhoscó, ba sochaí fheodach í. B'iad síol Rúiric agus na seanuaisle eile de phór Lochlann a chuir tús le forbairt an tseirfeachais sa tír, nó nuair a tháinig siad ansin an chéad uair, bhí sé de nós acu complacht choimhdeachta de shaighdiúirí dá chuid féin a bheith mar chúirt taistil thart timpeall ar gach taoiseach uasal. B'as na complachtaí seo - ''hirð'' as Lochlainnis, ''druzhina'' as Rúisis - a d'eascair aicme na mboigheárach (''boyary''), a mb'iad an aicme ab airde céimíochta i sochaí na sean-Rúise amach ó chlanna na seantaoiseach féin. Bhí neamhspleáchas ag baint leis na boigheáraigh nach samhlófá lena macasamhlacha in Iarthar na hEorpa san am céanna, nó siúd is gurb iomaí boigheárach a raibh an chéimíocht aige a bhuí leis an ngaraíocht a rinne sinsear dá chuid don phrionsa fadó, níor vasáilligh ná géillsinigh de chuid an phrionsa a bhí iontu. Uaisle de ghradam ní b'ísle ab eadh iad na dvoiriánaigh agus na svoighizéimtsigh, comh maith leis an aicme a chruthaigh Dmitrí Donscóigh: na fíor-vasáilligh nó na poiméisticí. Leis na Tatáraigh a throid, theastaigh ó Dmitrí aicme de dhaoine a bheith aige a dtiocfadh leis dul ina dtuilleamaí: ní raibh mórán maithe sna gnáthuaisle, ós rud é go raibh siad ábalta feall a dhéanamh air ar mhaithe leis na Tatáraigh, má bhí buntáistí le baint as a leithéid.
Líne 125:
Mhair Vasiliy a Trí ag cur troda ar na Tatáraigh agus ag cúngú ar na stáit Rúiseacha eile, an dornán acu a d'fhan neamhspleách ar Mhoscó i gcónaí. Fuair Vasiliy bás sa bhliain 1533, agus ó ba rud é nach raibh ach trí bliana slánaithe ag a mhac, Ivan, fágadh na móruaisle - na boigheáraigh - i seilbh na tíre.
 
[[FileÍomhá:Kremlinpic4.jpg|thumb|Ivan IV]]
== Ivan Uafásach ==
{{main|Ivan IV Vasilyevich}}
Dream an-chumhachtach, an-neamhspleách a bhí sna boigheáraigh. B'iadsan an aicme ab airde i sochaí na sean-Rúise, agus nuair nach raibh an Sár os a gcionn, ba sciobtha a d'éirigh ina mhionchogaíocht idir na teaghlaigh éagsúla faoi cé acu ba mhó cumhachta. Agus é ag fás aníos, ghlac Ivan óg col le haicme na mboigheárach go léir, ag coinneáil súile dó ar an gcineál brilsce agus bruíonachais a bhí acu eatarthu, agus gach aon fhaicsean ag iarraidh na cinn eile a chloí le láimh láidir. Nuair a tháinig Íobhán i gcrann an oiread is a bhí sé in ann dul i gceannas ar a ríocht féin, rinne sé ródach mór ar na boigheáraigh chomh maith leis na Tatáraigh dheireanacha.
Líne 148:
Fear mór foréigin agus fiántais a bhí in Ivan Uafásach ina shaol phríobháideach féin, chomh maith leis na polasaithe. Mar sin, ag druidim chun deiridh dá shaol, mharaigh sé an mac ba sine aige, a ríchomharba, le buille dá bhata nuair a d'éirigh geamhthroid eatarthu. (Dhathaigh an t-ealaíontóir Rúiseach [[Ilya Repin]] pictiúr clúiteach den mhóitíf seo: Ivan Uafásach i ndiaidh dó a mhac a mharú.) Bhí an oiread sin reiligiúndachta in Ivan agus gur nós leis breithiúnas aithrí a dhéanamh in éiric an éirligh a rinne sé ar a chuid namhad. Fuair sé bás sa bhliain 1584.
 
== Boris Godunov agus Dmitriy Bréige ==
 
Gaireadh Sár d'Fheodor, mac eile le hIvan, ach b'é Boris Godunov, a chliamhain, a chuaigh i mbun chúrsaí rialtais an stáit thar aon duine eile. Fear de phór na dTatárach a bhí i nGodunov. Bhí deartháir óg ag Feodor arbh ainm dó Dmitriy, páiste a fuair bás go hóg; ach má fuair, bhí sé le páirt nach beag a dhéanamh i gcúrsaí rialtais na Rúise i ndiaidh a bháis, aisteach go leor.
Líne 180:
An borradh a tháinig ar an gcaiteachas mhíleata sa tseachtú haois déag, ghoill sé go mór mór ar na scológa, nó b'iadsan a d'íocadh as an ngléas is as an lón cogaidh, agus na cánacha ag teannadh orthu go dian. I dtús an tsamhraidh 1648 d'éirigh saighdiúirí amach i Moscó ag éileamh go gcuirfí an cháin ar shalann ar ceal. Ní raibh aon mhoill ar na saighdiúirí dílse an cheannairc seo a chloí, ach ba scéal eile ar fad é ceannairc Stenka Razin.
 
== [[Stenka Razin]] ==
 
Taoiseach Cosacach a bhí i Razin a bhíodh i gcónaí ag creachadóireacht sa Pheirs agus i nDeisceart na Rúise. Cineál foghlaí a bhí ann thar aon rud eile, agus de thaisme, a bheag nó a mhór, a tharla i gceannas ar éirí amach abhalmhór é, i ndeireadh na 1660idí. Ag ascnamh suas an abhainn dá chuid díormaí, chorraigh siad na sluaite síoraí chun catha in éineacht, le ruaigeadh a chur ar na huaisle is ar an tSár. Tháinig arm Raizín a fhad le Simbirsk - an áit ar rugadh Léinín, dála an scéil, agus caithfidh sé go gcluineadh Léinín stairsheanchas faoi Razin cois tine nuair a bhí sé óg - ach b'ansin a chloígh fórsaí an tSáir é. Gearradh pionós thar a bheith brúidiúil ar Razin agus ar a lucht leanúna: deirtear gur maraíodh céad míle de dhaoine ar caitheadh amhras na ceannairce orthu. Scéal tipiciúil laochais a bhí i mbeatha agus i mbás mo dhuine, agus é ina spreagadh ag intinn chruthaitheach an duine. Mar sin, mhair cuimhne Razin i bhfad ina dhiaidh i mbéal an phobail is na seachaithe, agus, go háirithe, sna hamhráin tíre. Thairis sin, ní mór an t-úrscéal mór millteanach eipiciúil a lua a chum Vasiliy Shukshin, scannánaí agus scríbhneoir, thiar sna seascaidí. Tháinig an t-úrscéal amach i dtús na seachtóidí - ''Ya prishol dat' vam volyu'' - "Tháinig mé leis an tsaoirse a thabhairt daoibh". Áirítear an t-úrscéal seo ar shaothair mhóra na litríochta Sóivéadaí i gcónaí, agus ní bheadh obair amú ann dá gcuirfí Gaeilge air. Is féidir a rá gur cuid lárnach de mhiotas náisiúnta na Rúise é scéal Stenka Razin, agus meas an laoich ar mo dhuine.
 
== Éirí Amach Chmielnicki ==
 
Bhí trioblóidí de chineál eile ag luí ar Chosacaigh na hÚcráine a bhí ina gcónaí ní b'fhaide san Iarthar ná muintir Razin. Ba ghéillsinigh Pholannacha iad Cosacaigh na hÚcráine, go bunúsach, ach d'éirigh brilsce idir iad agus na Polannaigh faoi chúrsaí creidimh. Theastaigh ó na Cosacaigh a seanurraim a thabhairt d'eaglais Cheartchreidmheach an Oirthir, agus Rí na Polainne ag iarraidh an Caitliceachas a bhrú anuas orthu. Thairis sin, ba mhian leis na huaisle Polannacha an feodachas is an seirfeachas a fhairsingiú a fhad le tír na gCosacach, rud nár thaitin leis na Cosacaigh féin ar aon nós. Nó is é is brí le "Cosacach", mar fhocal is mar choincheap, ná duine dá sliocht siúd a d'éalaigh ó lámh thapaidh na n-uasal feodach Rúiseach go dtí na machairí in iardheisceart na tíre. Ba dual do na Cosacaigh, mar sin, fuath a thabhairt don té a d'fhéachfadh tíorántacht den chineál seo a imirt orthu. Bhí mionchogaíocht ar obair idir na Polannaigh agus na Cosacaigh chomh fada siar le deireadh na séú haoise déag, ach nuair a tháinig an chuma ar an scéal go raibh siad ag cailleadh an chatha, chuaigh na Cosacaigh i dtuilleamaí an tSáir Alexey Mikhailevich sa bhliain 1653. Socraíodh go rachadh Cosacaigh an Iarthair isteach in Impireacht na Rúise, ach ó bhí fear oilte sciliúil ag déanamh na taidhleoireachta thar a gcionn - ceann urra Cosacach darbh ainm Bogdan Khmelnitskiy, nó Bogdan Chmielnicki, mar a litríonn na Polannaigh é - bhain siad amach comha aontais a bhí iontach fabhrach dóibh: thoiligh an Sár le neamhspleáchas sách cuimsitheach a fhágáil acu chun cúrsaí inmheánacha na hÚcráine a rialú. Ar an drochuair dá mhuintir féin, fuair Chmielnicki bás, agus chlis ar a mhac Yuriy (Seoirse, nó Jerzy as Polainnis) an bhearna bhaoil a líonadh ina dhiaidh. Tháinig na díormaí Polannacha isteach leis an "mbruach deis" - an bruach thiar den abhainn úd Dniepr - a nascghabháil don Pholainn - agus b'é an bruach eile a fágadh ag an Rúis, mar a cinneadh i gconradh síochána na bliana 1667 in Andrusovo.
 
Ní raibh fad saoil i ndán don tsíocháin áirithe sin, áfach, nó d'éirigh trioblóidí nua le ceannairc Pyotr Doroshenko a rinne iarracht an uile Úcráin a ghabháil le dul i gceannas uirthi é féin. Chuaigh sé ag lorg cuidiú ó shabhdán na Tuirce, ach ní bhfuair sé a achainí; i gceann sraith bhlianta b'éigean dó é féin a thabhairt suas do ghinearáil an tSáir. B'é ba toradh dó seo, áfach, gur chaith an Pholainn, an Tuirc agus an Rúis an chéad cheithre scór bliain eile ag cur cogaidh ar a chéile agus iad ag iompairc faoin Úcráin.
 
== An Gabháltas ag dul ar an tSibéir ==
 
San am céanna bhí an cóilíniú Rúiseach ag teannadh soir sa tSibéir, agus cathracha úra á mbunú. Sa bhliain 1639 a bhain an chéad fhórsa sluaíochta amach cósta an Aigéin Chiúin - nó Muir Ochóta, mar a bheirthear ar an murascaill taobh thiar de Leathinis Kamchatka. Na bundúchasaigh a bhí ina gcónaí sa tSibéir roimh choinscleo na Rúiseach, ní raibh cur in aghaidh an ionraidh seo iontu, nó go bunúsach ba treibheanna scoite de shealgairí agus d'fhánaithe iad, agus cuid acu ag buachailleacht réinfhia. Nuair a thosaigh na cóilínithe Rúiseacha ag líonadh isteach ina scórtha aniar, bhí cosa na mbundúchasach nite.