An difríocht idir athruithe ar: "Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
[[Filíocht|File]] Muimhneach ba ea '''Tadhg "Gaelach" Ó Súilleabháín''' (?1715-1795).
 
== Saol ==
Saolaíodh i d[[Tuar na Fola]] in iarthar [[Contae Luimnigh|Chontae Luimnigh]] é. Chaith sé thart ar 30 bliain in oirthear [[Contae Chorcaí|Chontae Chorcaí]]. Bhí baint aige le filí mar Eadbhard de Nógla agus Liam Inglis as [[Corcaigh|cathair Chorcaí]], agus [[Donncha Rua Mac Conmara]] as [[Contae an Chláir]]. Chum sé [[aisling]]í agus dánta Seacaibíteacha. Chaith sé seal i bpríosún i gcathair Chorcaí mar gheall ar cheann de na dánta Seacaibíteacha seo. Agus é meánaosta chuir sé faoi i n[[Dún Garbháin]]. Chaith sé an chuid eile dá shaol i b[[Port Láirge]] agus is iomaí dán cráifeach a chum sé ann. Fuair sé bás i bPort Láirge sa bhliain 1795 agus cuireadh i reilig Bhaile Uí Fhlaithnín é.
 
== ''Pious Miscellany'' ==
Foilsíodh a dhánta cráifeacha don chéád uair i g[[Cluain Meala]] sa bhliain 1802. Cé gur i nGaelainn a scríobhadh iad, teideal Béarla a bhí ar an leabhar: ''Timothy O'Sullivan's Pious Miscellany'' (Timothy O'Sullivan's Commonly Called Taidhag Goadhlach's Pious Miscellany). Thaitin siad go mór le [[Gaeilgeoir]]í Chúige Mumhan agus is iomaí eagrán eile a foilsíodh ina dhiaidh sin.
 
== Tagairtí ==
* Timothy O'Sullivan's Pious Miscellany / Timothy O'Sullivan's Commonly Called Taidhag Goadhlach's Pious Miscellany
* Amhráin Thaidg Gaedhealaigh Uí Súilleabháin iar n-a gcruinniughadh is a gcur i n-eagar leis an Athair Pádraig Ua Duinnín (BÁC 1903)
* Pádraig J. Daly, eag., Furnace of Love: A Selection from the Religious Poetry of Gaelach Ó Súilleabháin (BÁC: Dedalus Press 2002).
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.pgil-eirdata.org/html/pgil_datasets/authors/o/OSuilleabhain,TG/life.htm Princess Grace Irish Library: Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin (as Béarla)]
 
{{DEFAULTSORT:Suilleabhain, Tadhg O}}