An difríocht idir athruithe ar: "Tarlach Ó hUid"

Content deleted Content added
Catagóirí
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
Scríbhneoir [[Éire|Éireannach]]annach ab ea é '''Tarlach Ó hUid''' (1917-1990), a rugadh i [[Londain]], [[Sasana|Shasana]] ar an [[13 Eanáir]] [[1917]] agus baisteadh an t-ainm Augustus Walter air. Níorbh as [[Éire|Éirinn]] dá mhuintir, Augustus Walter Hood agus Ada Brockwell. Meitidisteach a bhí ann ina óige ach d'iompaigh sé ina Chaitliceach i [[1937]] mar gheall ar a spéis in Éirinn agus sa [[Gaeilge|Ghaeilge]]. Shíl sé go mb'ionann a bheith ina Éireannach agus a bheith ina Chaitliceach.
 
Fuair sé scoláireacht go Meánscoil Greenwich, agus thosaigh ag obair mar chléireach. Ar chúis éigin chuaigh beirt den teaghlach isteach i g[[Conradh na Gaeilge]], beirt isteach in [[Óglaigh na hÉireann]] agus beirt i g[[Cumann na mBan]], cé nach raibh aon fhianaise acu gur de shliocht Éireannach iad. Chuaigh Tarlach isteach i gConradh na Gaeilge i 1935 agus bronnadh scoláireacht chun na [[Gaeltacht]]a air. Chláraigh sé mar bhall den [[IRA]] i Londain chomh maith agus d'aistrigh sé go hÉirinn, mar ar chaith sé tamall i nGaeltacht Thír Chonaill agus sa Srath Bán. Ghlac sé páirt sa bhfeachtas a bhí ag an IRA in aghaidh na Breataine le linn an [[Dara Cogadh Domhanda]]. Bhí sé ina eagarthóir ar pháipéar na nÓglach, 'War News' faoin ainm 'Terry Wilson'. D'fhoilsigh sé paimfléidí agus ábhar bolscaireachta agus bhí ina chraoltóir ar stáisiún raidió mídhleathach chomh maith. Cuireadh i bpríosún é i [[1940]] agus bhí sé i mbraighdeanas go dtí mí na Nollag [[1945]]. Rinne sé an-chuid léitheoireachta sa phríosún, léirigh sé drámaí agus chuir iris lámhscríofa ar fáil.