An difríocht idir athruithe ar: "Teamhair"

Content deleted Content added
mNo edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
Suíomh fíorthábhacthach seandálaíoch agus stairiúil is ea '''Teamhair''' nó '''Teamhair na Rí''' in aice [[An Bhóinn|Abhainn na Bóinne]] idir [[An Uaimh]] agus [[Dún Seachlainn]] i g[[Contae na Mí]], [[Éire]]. De réir traidisiún, b'ann a bhí áit cónaithe [[Ard-Rí na hÉireann|Ard Ríthe na hÉireann]] san am atá caite. Tá fainaise ann go raibh an láthair á húsáid mar ionad deasghnách creidimh ón Chlochaois go dtí gur tháinig an [[Críostaíocht|Chríostaíocht]] go hÉirinn. I measc na n-iarsmaí atá le feiceáil ar an láthair sa lá atá inniu ann tá:
[[ImageÍomhá:Tara stone.jpg|thumb|220px|[[Lia Fáil]] ar Teamhair na Rí]]
 
* ''Ráth na Ríogh'': dún 318 méadar ar fhad faoi 264 méadar ar leithead, mar a bhfuil Teach Chormaic agus an Forradh (an chathaoir ríoga). Tá gallán i lár an Fhorraidh ar a dtugtar [[Lia Fáil]] agus de réir an tseanchais ba ann a insealbhaíodh an t-ardrí. taobh ó thuaidh den ráth tá seantuama ón Chlochaois ar a dtugtar Dumha na nGiall.
Líne 6:
* ''Ráith na Seanadh'': ionad tionóil a bhí anseo de réir an tseanchais. Fuarthas déantáin Rómhánacha ann ón 1ú-3ú haois.
 
* ''Ráth Laoghaoire'': deirtear go bhfuil an rí [[Laoghaire]], an rí págánach deireanach a aithníodh mar ardrí ar Éirinn, curtha anseo
 
* ''Ráth Méabha'': ainmnithe ó bhanríon chlúiteach Chonnachta ([[Táin Bó Cuailgne]] nó Medb Lethdherg, pearsa miotasach nach bhfuil an oiread céanna aithne uirthi.
Líne 16:
Go luath sa bhfichiú haois tháinig dream de na ''British Israelites'' go Teamhair agus thochaill siad an cnoc agus iad ag iarraidh teacht ar [[Áirc an Chonartha]]. Rinne siad go leor dochar sular ruaigeadh iad. Tá sé de nós ag dreamanna éagsúla a thugann draoithe orthu féin na seanfhéilte Cheilteacha a cheiliúradh ar Chnoc na Teamhrach sa lá atá inniu ann.
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.heritageireland.ie/ga/MidlandsEastCoast/Teamhair/ HeritageIreland.ie - Teamhair (as Gaeilge)]
 
Líne 23:
 
{{síol}}
 
[[Catagóir:Séadchomharthaí Náisiúnta na hÉireann]]
[[Catagóir:Bailte i gContae na Mí]]