An difríocht idir athruithe ar: "Teorainn talún na hÉireann leis an Ríocht Aontaithe"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 3:
Socraíodh '''an Teorainn''' idir [[Poblacht na hÉireann]] (poblacht na sé gcontaetha fichead) agus an [[Ríocht Aontaithe]] sa bhliain 1921. Tá an teorainn 360 ciliméadar, nó 224 míle, ar fad, agus í ag rith ó [[Loch Cairlinn]] i g[[Contae an Dúin]] chois [[Muir Éireann|Mhuir Éireann]] go dtí [[Loch Feabhail]] in aice le [[Contae Dhún na nGall]]. Cosúil lena lán teorainneacha inmheánacha san [[Aontas Eorpach]], tá an teorainn seo sách oscailte. Cé nach cuid de [[Comhaontú Schengen|limistéar Schengen]] iad Éire agus an Ríocht Aontaithe, is comhlimistéar taistil iad.
 
== Críochdheighilt na hÉireann ==
 
Tarraingíodh an Teorainn sa bhliain 1921, de réir fhorálacha an [[An tAcht um Rialtas na hÉireann|Achta um Rialtas na hÉireann]], acht ar ghlac parlaimint na Ríochta Aontaithe leis sa bhliain 1920. Ba é an tAcht seo a chuir ar bun dhá pharlaimint fhéinrialaitheacha d'Éirinn - Parlaimint Dheisceart Éireann agus Parlaimint Thuaisceart Éireann. Fágadh sé chontae - an [[Contae an Dúin|Dún]], [[Contae Aontroma|Aontroim]], [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]], [[Contae Fhear Manach|Fear Manach]], [[Contae Thír Eoghain|Tír Eoghain]], agus [[Contae Dhoire|Doire]] - faoi pharlaimint an Tuaiscirt, agus ba iad an sé chontae fichead eile Deisceart Éireann. Nuair a síníodh an [[Conradh Angla-Éireannach]] i Mí na Nollag 1921, fágadh an teorainn seo i bhfeidhm "go sealadach".
Líne 11:
Sa bhliain 1937, tháinig bunreacht nua i bhfeidhm sa Saorstát a bhaist ''Éire'' mar ainm oifigiúil ar an tír, agus sa bhliain 1948, rith an tOireachtas an [[An tAcht Phoblacht na hÉireann, 1948|tAcht um Poblacht na hÉireann]] le poblacht a ghairm den tír go hoifigiúil.
 
== Custam agus Seiceáil Aitheantais ==
 
Go gairid i ndiaidh bhunú Shaorstát Éireann, tugadh custam agus seiceáil aitheantais isteach ag an Teorainn. Bhí na seiceálacha á ndéanamh go dtí an 31ú lá de Mhí na Nollag 1992, nuair a tháinig an Margadh Eorpach Aonair i bhfeidhm. Ó shin i leith, níl stáisiúin chustaim ag obair ar aon taobh den Teorainn a thuilleadh.
Líne 20:
 
{{síol}}
 
[[Catagóir:Tíreolaíocht na hÉireann]]