An difríocht idir athruithe ar: "The Irish Times"

m
Róbat: Athruithe cosmaideacha
m
m (Róbat: Athruithe cosmaideacha)
Meastar go ginéarálta go mbuntar an nuachtán ar bhunús [[liobrálachas|liobrálach]] [[daonlathas sóisialach|daonlathach sóisialach]]; mar chomparáid, smaointear go bhfuil an [[Irish Independent]] ar an [[eite dheis]] ó thaobh na heacnamaíochta agus [[cosmhuintireachas|cosmhuintireachais]] de. Bhí The Irish Times ar son an feachtais [[Máire Mhic Róibín|Mháire Mhic Róibín]] chun a bheith [[Uachtarán na hÉireann]], agus ar son athchóirithe dlí in Éirinn maidir le cúrsaí [[Colscaradh|colscartha]], [[Frithghiniúint|frithghiniúna]] agus [[Ginmhilleadh|ginmhillte]].
 
== Stair ==
Sa stair, bunaíodh The Irish Times chun guth a thabhairt do [[Protastúnachas|Phrotastúnaigh]] agus [[Aontachas Éireannach|aontachtaithe]] a raibh ar son aontais pholaitiúla na hÉireann leis an mBreatain Mhór. Le linn an fichiú haois, agus deisceart na hÉireann ag éirí níos neamhspleáchaí ón [[an Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]] agus ón [[Comhlathas na Náisiún|Comhlathas]], d'athraigh an nuachtán a dhearcadh agus d'éirigh sé níos radacaí i measc na meán in Éirinn.
 
Sa bhliain 1895, rinne an nuachtán aistriú óna chéad oifigí i m[[Baile Átha Cliath]] ar [[Sráid na Mainistreach Láir]] go dtí [[Sráid D'Olier]]. (Suas chun deireadh na bliana 2004, bhí an [[Irish Independent]] suite ar an sráid sin fós). Fógraíodh in [[Eanáir]] [[2005]] go mbeadh an nuachtán ag déanamh athaistriú go dtí [[Sráid na Teamhrach]].
 
== Gaeilge san Nuachtáin ==
[[íomháÍomhá:Irish_Times_Póstaer_Gaeilge.jpg|240px|thumb|Póstaer saor ón Irish Times, an taobh Gaeilge]]
Anois tá [[Gaeilge]] le feiceáil san nuachtáin gach seachtain<ref>http://www.irishtimes.com/search/index.html?rm=listresults&filter=datedesc&keywords=gaeilge&x=0&y=0&irelandcom_searchdefault=Search+Hotels%2C+Plumbers%2C+Restaurants%2C+etc.&irishtimescom_searchdefault=</ref>
 
Úsáidtear Tráthscéal Éireann mar leagan Gaeilge de ainm an nuachtáin ar uairibh.
 
== Tagairtí ==
<references/>
 
{{síol}}
 
[[Catagóir:Nuachtáin in Éirinn]]
 
19,799

edits