An difríocht idir athruithe ar: "Tianjin"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 39:
Ghabh na Seapánaigh Tianjin ar an 30 Mí Iúil, 1937 sa Dara Cogadh Sínea-Sheapánach, ach d’fhág siad na lámhaltais mar a bhídís sa chuid ba mhó go dtí 1941. Tharla an eisceacht ba mhó sa bhliain 1939 nuair a thug na Briotanaigh tearmann do sheisear Síneach a mharaigh duine a bhí ag comhoibriú go feiceálach leis na Seapánaigh. Ar an 14 Meitheamh, rinne na Seapánaigh imshuí ar an chuid Bhriotanach den chathair. Ba bheag nár briseadh cogadh amach idir an dá thír, ach sa deireadh ghéill na Briotanaigh agus thug siad na héalaithigh do na Seapánaigh, Chuir siad seo chun báis iad. Ghlac na Seapánaigh seilbh ar lámhaltais Mheiriceá agus na Breataine Móire sa bhliain 1941. Fágadh na hIodálaigh agus na Francaigh i gceannas ar a gcodanna féin de Tianjin (bhí oifigigh na Fraince san áit dílis don rialtas Vichy sa Fhrainc.)
 
[[FileÍomhá:Tien Tsin.jpg|mion|left|Tien Tsin|Báid feadh chladaigh Tianjin sa tsean-am]]
 
Mhair seilbh na Seapánach ar an gcathair go dtí 15 Lúnasa, 1945. Sheas na fórsaí Meiriceánacha sa bhearna ansin go raibh [[Chiang Kai-shek]] agus na Náisiúnaithe (.i. fórsaí an Kuomintang) ábalta Tianjin (agus Péicing) a bhaint amach. Thit an chathair do na Cumannaigh Shíneacha ar 15 Mí Eanáir, 1949. <ref>Jung Chang agus Jon Halliday (2005). ''Mao: The Unknown Story'', lch. 309. Alfred A. Knopf, Nua-Eabhrac.</ref>
Líne 45:
Bhí geilleagar na cathrach marbhánta sna 1950idí<ref>Chang agus Halliday, lch. 328.</ref> agus níor tháinig aon rath faoi leith air go dtí am éigin i ndiaidh na [[Réabhlóid Chultúrtha|Réabhlóide Cultúrtha]] sna 1970idí. Thóg [[Mao Zedong]] carabhuaic in Tianjin sa bhliain 1958 nuair a chonacthas é ag ithe i mbialann sa chathair, an t-aon uair a d’ith sé i mbialann sna 27 bliana a raibh sé i gcumhacht. Tháinig na deich mílte sna sráideanna ag scairteadh moltaí ar Mao; glactar gur cleas poiblíochta a bhí ann.<ref>Chang agus Halliday, lch. 424-5.</ref>
 
== Rialtas ==
Tá bardasacht Tianjin go díreach faoi smacht an rialtais náisiúnta; ní cuid de chúige í. Cosúil leis an chuid eile den tSín, tá córas rialaithe dúbailte taobh istigh de bhardasacht Tianjin, is é sin, go bhfuil rialtas sibhialta ann a fhéidhmíonn in éineacht leis an b[[Páirtí Cumannach na Síne|Páirtí Cumannach]]. Bíonn baill den pháirtí ag obair i ngach oifig agus an chumhacht ag an bpáirtí ar deireadh thiar i gcónaí.
 
== Déimeagrafaic ==
Ag deireadh na bliana [[2009]], bhí 12.28 milliún duine ina gcónaí i mBardasacht Tianjin, agus cead buanchónaithe (''hukou'') ag 9.8 milliún díobh. Orthu seo, bhí 5.99 milliún áitritheoirí uirbeacha ann agus 3.81 duine eile faoin tuath.
 
== Geilleagar ==
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}