An difríocht idir athruithe ar: "Tóiriam"
Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: fa:توریم |
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
||
Líne 13:
Ba é an ceimiceoir Sualannach Jöns Jacob Berzelius a d'ainmnigh an miotal seo i ndiaidh [[Túr (miotaseolaíocht)|Thúir]], dia na toirní i miotaseolaíocht na [[Lochlannaigh|Lochlannach]], sa bhliain 1828. Is í an fhoinse is tábhachtaí ná an mhonaisít. Mianra í an mhonaisít ina bhfuil fosfáití na dtearcithreach agus an fhosfáit tóiriam measctha trí chéile. Tá gaineamh monaisíte le fáil ina lán áiteanna, go háirithe san [[India]], sa [[An Bhrasaíl|Bhrasaíl]] agus s[[an Astráil]].
Is é +IV an uimhir ocsaídiúcháin is dual don tóiriam ina chuid comhdhúl. Tá an dé-ocsaíd tóiriam, ThO<sub>2</sub>, an-teasdíonach, agus a leáphointe suite níos airde ná 3000
Chreidtí ar feadh i bhfad nach raibh úsáid ar bith sa tóiriam. Sna 1880idí, áfach, tháinig an cochall gáis ar an bhfód. Is éard atá sa chochall gáis ná cochall a chuirfidh an-solas as nuair a théifear suas le bladhaire gáis é. Is í an dé-ocsaíd tóiriam an t-ábhar is oiriúnaí agus is lú costas le haghaidh na gcochall seo - is féidir ocsaídí lantanóideach a úsáid freisin. Inniu, úsáidtear tóiriam ar an dóigh seo sna gás-soilse campála i gcónaí. Is é tuairim na saineolaithe nach bhfuil mórán dainséir sna soilse seo do lucht na campála féin, ach iad siúd atá ag obair sna monarchana ag táirgeadh na gcochall gáis, caithfidh siad aird a thabhairt ar rialacha diana slándála, ós rud é go mbíonn siad ag láimhseáil an stuif gach lá.
|