An difríocht idir athruithe ar: "Varkaus"
Content deleted Content added
Luckas-bot (plé | dréachtaí) m r2.7.1) (róbat ag suimiú: uk:Варкаус |
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
||
Líne 2:
Cathair bheag in [[Oirthear na Fionlainne]] is ea í '''Varkaus'''. Sa bhliain [[2005]], bhí thart ar 24,000 duine ina gcónaí sa chathair.
== Stair ==
Thosaigh áitreabh ag fás san áit sa [[15ú haois|chúigiú haois déag]], cé gur tagraíodh do Siitinselkä - ceann de na lochanna i dtimpeallacht Varkaus - chomh fada siar leis an mbliain [[1323]], nuair a bhí campa geimhridh ag na Laplannaigh cois na locha sin. Bhí an áit champála seo ina marc teorainne idir [[an tSualainn]] agus [[an Rúis]] san am sin. Sa bhliain [[1792]], bhunaigh rí na Sualainne bunáit chabhlaigh san áit, ar ar thug na Fionlannaigh ''laivalinna'', caisleán na long. ''Laivalinnankatu'', nó Sráid Chaisleán na Long, atá ar cheann de na sráideanna i Varkaus, inniu féin.
Líne 8:
Rinneadh ''cathair'' de Varkaus go hoifigiúil sa bhliain [[1962]].
== Daoine clúiteacha ó Varkaus ==
[[Esa Pakarinen]], aisteoir, fear grinn. Saolaíodh Esa Pakarinen i [[Rääkkylä]], ach ina dhiaidh sin, chaith sé an chuid ba mhó dá shaol i Varkaus. B'ansin a rugadh a mhac, [[Esa Pakarinen Junior]], sa bhliain [[1947]], a chuaigh le haisteoireacht chomh maith.
|