An difríocht idir athruithe ar: "Väinö Linna"

Content deleted Content added
ArthurBot (plé | dréachtaí)
m r2.6.3) (róbat ag suimiú: uk:Вяйне Лінна
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
'''Väinö Valtteri Linna''', ({{Audio|Fi-Väinö Linna.ogg|fuaimniú}}) a rugadh in [[Urjala]] ar an [[20 Nollaig]], [[1920]] agus a shíothlaigh i d[[Tampere]] ar an [[21 Aibreán]], [[1992]], b'eisean scríbhneoir náisiúnta na [[Fionlainne]] thar aon scríbhneoir eile san fhichiú haois. Cosúil le scríbhneoirí móra a thíre i gcoitinne, scríobhadh sé prós réadúil i stíl eipiciúil an chanbháis leathain. Ba scríbhneoir prólatáireach é ar a bhealach féin, ach ní dheachaigh sé riamh le [[Cumannachas]] ná fiú le [[Daonlathas Sóisialta]]. Rinne sé a chomhionannú le haicme na n-oibrithe sa chiall leathan, agus é ag tabhairt cur síos craicneach inchreidte ar chinniúint na mbochtán Fionlannach agus ar an dóigh ar streachail siad a mbealach i dtreo an stáit shoilíosaigh nua-aimseartha.
 
== Cruachás a Óige ==
Tionóntaí talún agus scológa ab ea iad muintir Linna, agus iad ag cur fúthu in Urjala leis na cianta cairbreacha anuas. Bhí athair an scríbhneora, Vihtori, ina thionónta ar thailte an tiarna talún a bhí i seilbh an mhaintí úd Honkala i bparóiste Urjala, agus é ag obair sa seamlas áitiúil san am céanna le tuilleadh airgid a shaothrú. Cailleadh le fiabhras é nuair a bhí an scríbhneoir ina bhuachaill seacht mbliana d'aois, agus níor mhór don mháthair dul ag obair. Roimhe sin féin, bhí triúr deartháireacha le Väinö óg básaithe leis an eitinn a bhí ina sciúirse mhillteanach i measc na mbocht. Bhí an dearg-ádh leis an scríbhneoir nár tholg sé féin an galar ina pháiste dó.
 
== Fear Oibre ==
 
Bhí an mháthair go dian ag cur brathladh ar a clann, ach, ina dhiaidh sin féin, mhúin sí do Väinö óg léamh agus scríobh sula ndeachaigh sé ar scoil. Chuidigh an teagasc sin leis an mbuachaill ar scoil, ach nuair a chríochnaigh sé an bhunscoil, ní fhéadfadh a mhuintir tuilleadh scolaíochta a mhaoiniú dó. Ní raibh sé sásta leis an gcineál obair thalmhaíochta a bhí ar tairiscint in Urjala, agus mhothaigh sé mífhoighne ag teacht air i dtimpeallacht chaol na tuaithe. Shantaigh sé saol na cathrach, agus i ndiaidh cúpla bliain, chuaigh sé ag obair i monarcha línéadaigh Finlayson i dTampere. An nós léitheoireachta a bhí tréigthe aige go sealadach, tháinig sé ar ais, agus chaitheadh sé an chuid ba mhó dá am saor sa leabharlann.
 
== Ina Shaighdiúir dó ==
 
Nuair a d'éirigh ina chogadh idir an Fhionlainn agus [[an tAontas Sóivéadach]], chuaigh Väinö óg sna saighdiúirí chomh maith le duine. Cuireadh i gceannas ar chomplacht meaisinghunnadóirí é, ach nuair a tháinig deireadh le [[Cogadh an Gheimhridh]], fuair sé de chúram cleachtadh a thabhairt do shaighdiúirí nua-earcaithe. Nuair a phléasc [[Cogadh na Leanúna]] amach, agus na Fionlannaigh ag dul chun cogaidh le taobh na [[an Ghearmáin|Gearmáine]] [[Naitsíochas|NaitsíNaitsíche]]che chun a gcuid críocha caillte a éileamh ar ais ar an Aontas Sóivéadach, cuireadh Linna i gceannas ar a chomplacht meaisínghunnadóirí arís.
 
== Uafás an Chogaidh ==
 
An iarracht seo, áfach, bhain tubaiste don chomplacht: stróic pléascán [[an Rúis|Rúiseach]] an chuid ba mhó acu as a chéile, agus b'é Linna féin an t-aon duine amháin a tháinig slán as an teagmháil. Bhí fir a chomplachta ag dul thart le crann teileafóin a bhí prapáilte le clocha móra, nuair a bhuail granáid an crann seo. Rinne an phléasc bloghanna de na clocha, rud a chuir go mór mór leis an eirleach . Ní dheachaigh ach néal i Linna féin, ach nuair a tháinig sé thart arís, fuair sé é féin fliuch báite i bhfuil a chuid fear, rud a bhain stangadh mór as. Níor thréig cuimhne an lae sin é choíche, ní nárbh ionadh.
 
== Le Bheith ina Scríbhneoir ==
 
Le linn an chogaidh, bhí na tithe foilsitheoireachta chomh maith le Foras Bolscaireachta an Stáit (''Valtion Tiedoituslaitos'') ag iarraidh scríbhneoirí a earcú as measc na saighdiúirí chun cur síos a thabhairt ar na himeachtaí cinniúnacha i stair an náisiúin. Ansin, bhí Linna ag coinneáil dialann chogaidh, agus thairg sé a dhialann do WSOY, ceann de na tithe foilsitheoireachta is mó san Fhionlainn. Fuair sé an dialann ar ais, nó bhí na foilsitheoirí den tuairim nach raibh sí infhoilsithe go fóill, siúd is go raibh mianach ann don té a d'fháiscfeadh an litríocht as. Dhúisigh sé uaillmhian scríbhneoireachta Linna.
Líne 22:
I ndiaidh an chogaidh, phós Linna an cailín, Kerttu Sauri, a casadh air i mblianta an chogaidh agus shocraidh sé síos ina fhear oibre arís. Shílfeá go raibh sé éirithe as an aisling scríbhneoireachta, ach ní raibh. Chrom sé ar litríocht ardealaíonta, cosúil le [[Arthur Schopenhauer]], Carlyle nó [[Friedrich Nietzsche]], a léamh mar ullmhúchán do chaithréim na scríbhneoireachta. San am seo, chum sé an chéad úrscéal leis a tháinig i gcló ceart, ''Päämäärä''.
 
== ''Päämäärä'' - An Cuspóir Sroichte ==
 
Foilsíodh ''Päämäärä'' - "An Cuspóir" - sa bhliain [[1947]]. Ní raibh ann go bunúsach ach cur síos dírbheathaisnéisiúil ar shaol an fhir oibre a chuireann roimhe a shaol a fheabhsú agus cuspóir ar leith a bhaint amach - agus is é an cuspóir seo ná dul le scríbhneoireacht. Chuaigh an t-úrscéal go mór mór i bhfeidhm ar na léirmheastóirí agus an cur síos dúisitheach a thug sé ar mhífhoighne na hóige, ar an míshuaimhneas is ar an míshástacht leis an saol is dual do dhaoine óga gach glúin. Níor dhíol an leabhar go rómhaith, áfach. Mar sin féin, d'oscail sé doirse na gciorcal liteartha os comhair an scríbhneora óig. Fuair sé aithne ar [[Alex Matson]], a bhí ina léirmheastóir agus ina scríbhneoir aithnidiúil aistí, agus d'imir aiste thábhachtach Mhatson, ''Romaanin taide'' ("An Úrscéalaíocht"), an-tionchar ar Linna mar scríbhneoir.
 
== ''Musta rakkaus'' agus an Ghéarchéim Mheisiasach ==
 
Sna sálaí ag ''Päämäärä'', tháinig an chéad úrscéal eile amach go tiubh téirimeach - ''Musta rakkaus'', is é sin, "An Grá Dorcha". Triantán grá is ábhar don scéal drámatúil seo a bhí suite i saol an lucht oibre a raibh an oiread sin dlúthaithne ag an scríbhneoir air. Thuill an leabhar seo clú dó ó na léitheoirí (agus airgead ó chustaiméirí na siopaí leabhar) chomh maith leis na léirmheastóirí, agus bronnadh duaiseanna litríochta air. Bhí an chuma ag teacht ar an scéal go raibh Linna le casadh nua a bhaint as móitífeanna móra na litríochta domhanda trí iad a shuíomh sa timpeallacht dhúchasach seo. Ní mar sin a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach. Nó nuair a chuaigh sé i mbun an chéad úrscéal eile, a bhí bunaithe ar an miotas Meisiasach, thráigh an tobar air, agus fuair sé é féin curtha ó chumas scríbhneoireachta ar fad ag na scrupaill a bhí á chrá. Is dócha gur babhta dúlagar intinne a bhí i gceist. Cibé scéal é, chuir sé craiceann de ina scríbhneoir le linn na géarchéime seo, agus an chéad úrscéal eile a bhreac sé ar pár, bhí sé an-difriúil le ''Päämäärä'' agus le ''Musta rakkaus'' araon.
 
== Saighdiúir na Fionlainne ina Steillbheatha ==
 
Nuair a fuair Linna biseach i ndiaidh na géarchéime, bhí seisean agus an foilsitheoir sásta an t-úrscéal Meisiasach a fhágáil sa tarraiceán. Anois, áfach, chrom Linna ar a sheanphlean a thabhairt i gcrích faoi dheoidh - úrscéal eipiciúil a scríobh faoi shaighdiúirí Fionlannacha an Dara Cogadh Domhanda, mar ab aithin dó féin iad. Mar is léir ón teideal simplí a bhaist sé ar an úrscéal - ''Sotaromaani'' (nach gciallaíonn ach "Úrscéal Cogaidh") - bhí sé meáite ar chur síos a thabhairt ar imeachtaí an chogaidh nach scinnfeadh ón bhfírinne mar a thuig sé féin í. B'é ba impleacht dó seo go raibh an lámhscríbhinn ramhar le mionna móra, jioranna, crístíní agus mígheanmnaíocht den chineál a chluinfeá ó shaighdiúir ar bith i gcogadh ar bith. Thairis sin, ba mhinic a fuair Linna locht tromchúiseach ar an dóigh a mbítí ag stiúradh an chogaidh agus an airm.
 
Mar sin, siúd is go raibh an foilsitheoir as pabhar doirte don scéal agus do na pearsana a raibh beocht, bríomhaireacht agus inchreidteacht chraicneach ag roinnt leo go flúirseach, fuair sé riachtanach cuid de na mionnaí móra agus den chriticeoireacht chogaidh a bhaint den lámhscríbhinn sula bhfoilseofaí í. Ní mó ná sásta a bhí Linna leis an sórt seo cinsireachta, ach ní raibh an dara suí sa bhuaile aige. Mar sin féin, nuair a tháinig an t-úrscéal i gcló faoin teideal nua a cheap an foilsitheoir dó - ''[[Tuntematon sotilas]]'' ("An Saighdiúir Anaithnid"), chuaigh an tír ar fad le mire faoi. Bhain an leabhar amach margadh Nollag na bliana [[1954]], rud a chiallaigh gurb iomaí iarshaighdiúir a fuair mar bhronntanas Nollag í. Go tobann, bhí Linna i mbéal an tsaoil mhóir is a mháthartha , agus an tír scoilte ar fad ag an leabhar. An duine nár thug taitneamh agus teasghrá don úrscéal seo, bhí fuath na ndaol aige air.
 
Cuid mhór acu siúd a d'ionsaigh agus a lochtaigh an t-úrscéal, bhí siad barúlach go raibh saighdiúir curata na Fionlainne náirithe ag Linna, nó "is follasach nach mbeadh a leithéid de dhroch-chaint ar siúl ag aon saighdiúir Fionlannach". Cuireadh Cumannachas agus [[Boilséiveachas]] i leith Linna, mar sin. Na scríbhneoirí nua-aimseartha a tháinig ar an bhfód i dtús na gcaogaidí, bhí siad míshásta le saothar Linna toisc é a bheith chomh coinbhinsiúnta, chomh traidisiúnta, chomh réadúil. Theastaigh scéalta de chineál eile uathu, scéalta a bheadh chomh míréasúnta leis an gcogadh féin - an cineál scéalta a scríobh [[Günter Grass]] sa Ghearmáin, is dócha.
Líne 44:
An bheirt fhear atá fíorchróga, níl siad ró-oiriúnach mar laochra dearfacha ach an oiread. Fear fiáin docheansaithe is ea é ''Rokka'', agus é in ann an complacht a tharrtháil uair i ndiaidh uaire leis an dóigh speisialta atá aige ar an meaisínghunna, chomh maith leis an nguaim a choinníonn sé ar a eagla féin nuair a bhíonn an chuid eile den chomplacht ag imeacht leis an ngaoth le falsaer is le táinrith. Ó tá sé chomh docheansaithe is atá, áfach, ní thugann sé mórán aird ar orduithe na n-oifigeach ach an oiread, ó chreideann sé go bhfuil fios a ghnó aige féin níos fearr ná ag na boic mhóra. Maidir le ''Lehto'', arís, níl caill air sin mar shaighdiúir, ach is léir gur [[Síceapaite|síceapatach]] míthrócaireach é nach bhfuil ach dímheas agus fuath aige ar aon duine is laige ná é féin. Caitheann sé anuas ar shaighdiúir óg atá scanraithe, agus nuair a fhágtar cime cogaidh Rúiseach faoina chúram, maraíonn sé an cime le tallann Shádach a shásamh. Loighciúil go leor, nuair a fhaigheann Lehto é féin gonta go héag sa deireadh, cuireann sé lámh ina bhás féin gan mhoill.
 
== Eipic Mhillteanach na Staire ==
 
Duine de na pearsana is lú suntais is ea é Vilho Koskela, oifigeach de phór an lucht oibre a dtugann a chomplacht Ville Vaitelias, nó Liam ina Thost, air. Ní labhraíonn sé mórán, agus is ciúin an cineál báis féin a fhaigheann sé sa deireadh, ach is é a chiúnas - an dóigh a seachnaíonn sé baothchaint - a thuilleann clú dó óna chuid saighdiúirí. Is é an rud is spéisiúla faoi ná nuair a thosaíonn duine de na saighdiúirí ag canadh amhrán Cumannach le stainc ar na hoifigigh, go n-iarrann Koskela air leanúint leis. Nó is amhlaidh go bhfuil cuimhní a chéad óige fite fuaite le cogadh cathartha na Fionlainne sa bhliain [[1918]], nuair a bhí na Gardaí Dearga is na Gardaí Bána ag cur cogaidh ar a chéile faoi thodhchaí na Fionlainne. San am sin a chuala Koskela na hamhráin seo, nuair nach raibh ann féin ach buachaill beag.
 
Nuair a bhí díospóireacht an tSaighdiúra Anaithnid traidhfilín ciúnaithe síos, bhí d'uain ag Linna cromadh ar an gcuid eile de scéal mhuintir Koskela a insint. B'ansin - i ndeireadh na gcaogaidí agus i dtús na seascaidí - a scríobh sé an tríológ mhór mhillteanach úd ''Täällä Pohjantähden alla'' ("Anseo faoin Réalta Pholach").
[[FileÍomhá:Väinö Linna's grave.jpg|thumb|Uaigh Väinö Linna (Tampere)]]
 
Tosaíonn an triológ i ndeireadh na naoú haoise déag, leis na focail chlúiteacha ''Alussa oli suo, kuokka - ja Jussi'' - is é sin, "i dtús báire, ní raibh ann ach portach, matóg agus Seáinín" (is é ''Jussi'' an leagan Fionlainnise de Eoin nó Seán). Portach de chuid an mhinistéara is ea é, agus is scológ é Jussi a bhfuil féith na hoibre ann, sa chaoi is go ngeallann an ministéir dó bothán tionónta a thógáil in áit an phortaigh, má éiríonn leis an portach a dhraenáil, talamh an phortaigh a iompú bun os cionn agus an áit a thabhairt chun míntíreachais. Draenálann sé an portach agus tógann sé an bothán ina bhfuil sé lena chlann a thabhairt suas. Mar seo, cuireann Jussi bun le muintir Koskela, agus is trí eachtraí an teaghlaigh seo a thaispeánann Linna dúinn cinniúint na bhFionlannach i measc imeachtaí na staire comhaimseartha.
Líne 61:
Sa bhliain 1984, buaileadh Väinö Linna le stróc a d'fhág gan chaint é. B'í ailse na scamhóg a chaill é, ocht mbliana ina dhiaidh sin.
 
== Leabhair le Väinö Linna ==
 
* ''Päämäärä'' (1947)
Líne 72:
* ''Kootut teokset I-VI'', 2000 (saothar iomlán)
* ''Sotaromaani'' ("An tÚrscéal Cogaidh"), 2000 (lámhscríbhinn an úrscéil úd ''Tuntematon sotilas'')
<!-- idirvicí -->
 
[[RangCatagóir:Daoine a rugadh i 1920]]
[[RangCatagóir:Básanna i 1992]]
[[RangCatagóir:Scríbhneoirí Fionlannacha|Linna, Väinö]]
 
 
<!-- idirvicí -->
 
[[ar:فاينو لينا]]