An difríocht idir athruithe ar: "Zadar"

4 bytes added ,  11 bliain ó shin
m
Róbat: Athruithe cosmaideacha
m (r2.7.1) (róbat ag suimiú: eu:Zadar)
m (Róbat: Athruithe cosmaideacha)
Cathair sa [[An Chróit|Chróit]] í '''Zadar'''. Bhí 70,000 daoine ina gcónaí ann sa bhliain 2006. Tá an chathair suite ar leithinis os comhair na n-oileán Ugljan agus Pasman.
 
== Ainm ==
Luadh an chathair den chéad uair i scríbhinn Gréigeach mar ar tugadh Ίαδασινοί (''Iadasinoi'') ar phobal na háite, agus d'athraigh an t-ainm go ''Lader'' (nó ''Ladera'' sa [[Laidin]]). As sin tháinig ''Jadra'' nó ''Jadera'' sna meánaoiseanna. Tugadh ''Jatara'', ''Zara'' agus ''Diadora'' ar an gcathair ina dhiaidh sin, ''Jadre'' sa tSeanFhraincis, ''Jadora'' in [[Araibis]], ''Jazara'', ''Jara'' agus ''Sarra'' i [[Spáinnis]]. Ghlac Poblacht na Veinéise seilbh uirthi sa [[15ú haois]], agus ''Zara'' mar ainm uirthi, ainm a choinnigh [[Impireacht na hOstaire]] sa 19ú haois, ach athraíodh an t-ainm go ''Zadar'' i 1910, ainm a buanaíodh i 1945. Léiríonn an iliomad leaganacha tábhacht stairiúil na cathrach.
 
== Stair ==
Bhí cónaí ar dhaoine sa cheantar leis na mílte bliain, ón nuachlochaois féin. Faoi 700 RC bhí ceannaithe agus mairnéalaigh lonnaithe san áit agus iad i ngleic leis na [[An tSean-Ghréig|Gréigigh]]. Rinne na [[Impireacht na Róimhe|Rómhánaigh]] ionradh ar an gceantar i lár na dara haoise RC agus rinneadh 'municipium' Rómhánach de Ladera i 59 RC. Bhí rath ar an gcóilíneacht ar feadh na gcéadta bliain go dtí go ndearna treabhanna Hun ionradh i 441 agus 447 AD. Tar éis d'impireacht an Iarthair titim as a chéile ba chuid de Ríocht na nOstragotach í Zadar go dtí gur ghabh impireacht an Oirthir an ceantar i 536. Tamall gearr ina dhiaidh sin thosaigh na Slávaigh ag teacht isteach sa cheantar agus tá a sliocht i seilbh na Cróite go fóill. Bhí achrann idir an dream nua agus na seanchóilíneachtaí a mhair ar feadh na gcéadta bliain eile. Tháinig Zadar slán mar gheall ar a hionad deachosanta agus mhair an oidhreacht Rómhánach agus an ceangal le [[Biosantiam]]. Bhí stát Cróátach ag teacht in inmhe timpeall ar Zadar agus bunaíodh ríocht Chróátach i 925 ach níor mhair sí i bhfad. Ghlac na Veinéisigh seilbh ar [[an Dalmáit]] i 998.
 
20,290

edits