An difríocht idir athruithe ar: "Éilís Ní Dhuibhne"

Content deleted Content added
Cealaíodh athrú 390426 le 86.43.210.4 (plé)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
Scríbhneoir agus criticeoir [[Éire]]annach is ea '''Éilís Ní Dhuibhne''', a rugadh sa bhliain [[1954]] i m[[Baile Átha Cliath]]. Tugtar '''Elisabeth O'Hara''' uirthi freisin. Bhain sí amach dochtúireacht sa [[An Béaloideas|Bhéaloideas]] sular thosaigh sí ar phost mar choimeádaí leabharlainne i [[Leabharlann Náisiúnta na hÉireann]]. Is i ngort na [[litríocht]]a, áfach, is mó atá cáil agus clú uirthi. Scríobhann Ní Dhuibhne as [[Béarla]] agus as Gaeilge, agus clúdaíonn a saothar réimse maith ábhar: [[úrscéal]]ta, gearrscéalta, [[dráma]]í, agus scéalta do leanaí san áireamh. Maidir leis an mBéarla, is óna peann atá na húrscéalta: ''The Bray House'' (1990), ''Singles'' (1992), agus ''The Dancers Dancing'' (1999), a cuireadh ar ghearrliosta an duais Orange 2000. Ceithre chnuasach de ghearrscéalta atá foilsithe aici go nuige seo: ''Blood and Water'' (1988), ''Eating Women is Not Recommended'', ''The Inland Ice and Other Stories'' (1997), agus ''Pale Gold of Alaska and Other Stories'' (2001). Le haghaidh páistí a scríobhadh ''The Uncommon Cormorant'', ''The Hiring Fair'', agus ''Hugo and the Sunshine Girl''.
 
Ó thaobh na Gaeilge de, is iad na drámaí ''Milseog an tSamhraidh'' agus ''Dún na mBan'' na chéad shaothair a foilsíodh, ach is é ''Dúnmharú sa Daingean'' (2000) a rinne údar mór-le-rá [[Gaeilge]] di. Lean úrscéal eile ''Cailíní Beaga Ghleann na mBláth'' in 2003. Baineann Ní Dhuibhne leas as Gaeilge shimplí sho-léite, a bhfuil rian an Bhéarlachais uirthi go minic, chun scéalta casta lán de mhothúchán a chur os comhair an léitheora. Is minic a úsáideann sí miotais na Gaeilge, ar nós foirfeacht na [[Gaeltacht]]a, sonas na gcoláistí samhraidh, nó neamhurchóideachas an bhéaloidis, mar chúlra ar a thaispeánann sí castacht an tsaoil agus an chine dhaonna. Is ball d'[[Aosdána]] í.
 
== Saothair ==
=== Úrscéalta Béarla ===
* ''The Bray House'' (1990)
* ''Singles'' (1994)
* ''The Dancers Dancing'' (1999)
* ''Fox, Swallow, Scarecrow'' (2007)
 
=== Úrscéalta Gaeilge ===
* ''Dúnmharú sa Daingean'' (2001)
* ''Cailíní Beaga Ghleann na mBláth'' (2003)
* ''Hurlamaboc' (2005)
* ''Dun an Airgid' (2007)
 
=== Bailiúcháin ===
* ''Blood and Water'' (1989)
* ''Eating Women Is Not Recommended'' (1991)
* ''The Inland Ice'' (1997)
* ''The Pale Gold of Alaska'' (2000)
* ''Midwife to the Fairies'' (2003)
=== Leabhair do Pháistí ===
* ''The Hiring Fair'' (1992)
* ''Blaeberry Sunday'' (1993)
* ''Penny Farthing Sally'' (1996)
* ''The Sparkling Rain'' (2004)
 
=== Drámaí ===
* ''Dún na mBan Trí Thine'' <br />Amharclann de hÍde. Léiríodh an dráma den chéad uair sa Peacock, BÁC, 1995;
* ''Milseog an tSamhraidh'' <br />Amharclann de hÍde Léiríodh an dráma den chéad uair in Amharclann Samuel Beckett, Coláiste na Trionóide, sa bhliain 1996;
* ''The Wild Swans'' <br />Amharclann na Mainistreach. Léiríodh an dráma den chéad uair sa Peacock, BÁC, 1998.
 
=== Duaiseanna ===
* Arts Council Bursaries 1986, 1996
* Listowel Poetry Award
* Duaiseanna Oireachtais do dhráma agus d'úrscéalta
* Stewart Parker Award do dhráma
* Duais an Bhuitléaraigh don phrós (American Association of Irish Studies)
* Bisto Merit awards (''The Hiring Fair'' agus ''Hurlamanoc''), Bisto Book of the Year (''Blaeberry Sunday'')
* Bhí ''The Dancers Dancing'' ar ghearrliosta an [[Orange Prize]] sa bhliain 2000.<ref>http://www.eilisnidhuibhne.net/index.php?option=com_content&task=view&id=14&Itemid=27, don liosta go leor, agus na duaiseanna.</ref>
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
* Rebecca Pelan, eag, Éilís Ní Dhuibhne: Perspectives. Gaillimh, Arlen House, 2009.
 
== Naisc Sheachtracha ==
* [http://www.eilisnidhuibhne.net/ Suíomh gréasáin Éilís Ní Dhuibhne]
* [http://beo.ie/index.php?archive_id=1743&page=archive_content Agallamh le hÉilís Ní Dhuibhne ar ''Beo.ie'']