An difríocht idir athruithe ar: "Éirí Amach na Cásca"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 18:
|nótaí=<center>(Sibhialtaigh- Básanna: 220. Gortaithe: 600)</center>
|}}
Ceannairc i gcoinne fhorlámhas [[Sasanaan Ríocht Aontaithe|Shasanana Breataine]] ar [[Éire|Éirinn]] ab ea '''Éirí Amach na Cásca''' (nó '''Aiséirí na Cásca''') ar [[Luan Cásca]], [[24 Aibreán]] [[1916]]. Ghlac [[Óglaigh na hÉireann|na hÓglaigh]] agus [[Arm Cathartha na hÉireann|an tArm Cathartha]] seilbh ar fhoirgnimh thábhachtacha i lár [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]], agus [[Ardoifig an Phoist]] i [[Sráid Uí Chonaill]] mar cheanncheathrú acu. Ós rud é gur fhoilsigh ceannaire na nÓglach, [[Eoin Mac Néill]], fógráin ar na nuachtain an tseachtain roimh an gCáisc, agus é ag fógairt "go raibh paráidí na nÓglach ar an gCáisc" curtha ar ceal, níor ghlac ach tuairim is míle duine páirt san Éirí Amach, idir fhir agus mhná. Tháinig ceithre chéad duine le chéile le haghaidh [[Éirí Amach na Cásca i nGaillimh|an éirí amach in oirthear na Gaillimhe]].
 
Léigh ceannaire an Éirí Amach, [[Pádraig Mac Piarais]], amach [[Forógra na Poblachta]] ar an tsráid lasmuigh d'Ardoifig an Phoist, agus é ag gairm [[Poblacht na hÉireann|Poblacht]] neamhspleách den tír. Cuireadh na mílte saighdiúirí Briotanacha isteach sa chathair agus le cabhair ó ghunnaí móra na loinge cogaidh, [[HMS Helga]], ar an [[Life]], cuireadh an tÉirí Amach faoi chois laistigh de sheachtain amháin. Mar sin féin, chuaigh an tÉirí Amach go mór mór i bhfeidhm ar mhuintir na tíre, agus ba mhór an inspioráid é do lucht leanúna an náisiúnachais ar fud na hÉireann. B'é an iarracht ba threise é ó [[Éirí Amach 1798 in Éirinn|Bhliain na bhFrancach]] chun na Sasanaigh a dhíbirt as Éirinn.