An difríocht idir athruithe ar: "Canúint Ghaeilge Uladh"

Content deleted Content added
Ar an leathanach plé a fhágtar na gearáin.
No edit summary
Líne 18:
Bíonn ''-adh'' (a fhuaimnítear mar ''u'' gairid) nó ''-ach'' (le "a" soiléir) go minic mar iarmhír ghinidigh ag ainmfhocail bhaininscneacha, beag beann ar an gcaighdeán oifigiúil: ''an stil - cró na stileach''; ''an tine - áit na tineadh''.
 
Cosúil le Gaeilge Chonnacht, cuireann canúint Uladh -s leathan leis an aimsir fháistineach agus an aimsir ghnáthláithreach sna clásail choibhneasta dhíreacha: ''is maith an rud a dhéanfas tú nuair a thiocfas ann duit'' (Séamus Ó Grianna). Tabhair faoi deara anseo gur clásail choibhneasta dhíreacha iad na clásail a thosaíonn le ''nuair'', go stairiúil.
 
Bíonn blas na canúna le haithint ar stíl na scríbhneoirí dúchasacha, cosúil le [[Séamus Ó Grianna]], [[Seosamh Mac Grianna]], [[Cathal Ó Searcaigh]], [[Micí Mac Gabhann]], [[Seán Bán Mac Meanman]], [[Aindrias Ó Baoill]], [[Pádraig Ó Baoighill]], agus go leor eile. Thairis sin, is féidir a rá gur imir an chanúint an-tionchar ar an gcineál Gaeilge a shaothraítear sna Sé Chontae. Tá iarsmaí deireanacha na canúna a labhraítí sna Sé Chontae anallód le fáil i saothar na seanfhilí, ar nós [[Art Mac Cumhthaigh|Airt Mhic Chumhthaigh]], [[Peadar Ó Doirnín|Pheadair Uí Dhoirnín]], [[Cathal Buí Mac Giolla Ghunna|Chathail Bhuí]], agus [[Art Mac Bionaid|Airt Mhic Bhionaid]].