An difríocht idir athruithe ar: "Constáblacht Ríoga na hÉireann"

Content deleted Content added
m bhí dhá fhocal ar lár
Líne 19:
==Le linn Chogadh na Saoirse==
 
Nuair a ghnóthaigh Sinn Féin [[olltoghchán na bliana 1918]], chuir na Feisirí Náisiúnaíocha pairlimint neamhspleách, [[Dáil Éireann]], ar bun. B'ansin a thosaigh an treallchogadh in Éirinn. Rinne [[Óglaigh na hÉireann]] ionsaí i ndiaidh a chéile ar fhórsaí na Corónach de réir na n-orduithe a fuair siad ó [[Mícheál Ó Coileáin|Mhícheál Ó Coileáin]], agus ó b'iad na constáblaí an chéad líne chosanta a bhí ag an gCoróin, b'iad an dream ba mhó a bhí thíos le hionsaithe na nÓglach. Ó Fhómhar na bliana 1919 ar aghaidh, b'éigean dóibh na beairicí in áiteanna iargúlta a thréigean. San am céanna, chuir na hÓglaigh baghcat in aghaidh na Constáblachta i bhfeidhm, agus tháinig córas cúirteanna agus póilíníochta de chuid Shinn Féin in úsáid i measc na ndaoine. Bhítí ag bagairt an mhíle murdar ar na constáblaí, agus is iomaí duine acu a feallmharaíodh i ndáiríre. Ba chuid é seo de straitéis mheabhrach a bhí ag na hÓglaigh greim láimhe na Corónach a scaoileadh de na ceantair thuaithe. De réir ráiteas an [[Tiarna Curzon]], Aire Cúrsaí Eachtracha na Ríochta Aontaithe, bhí 117 constáblaí maraithe agus 185 gonta ag na hÓglaigh roimh Mhí Dheireadh Fómhair na bliana [[1920]]. Ar feadh trí míosa sa bhliain chéanna, d'éirigh sé chéad duine as an gconstáblacht, agus ní raibh ach naoi míle go leith acu ann i dtús na ceannairce féin.
 
Le fortacht a thabhairt don Chonstáblacht, agus í ag titim as a chéile le teann lagmhisnigh, d'fhruiligh [[Rialtas na Breataine]] fórsaí breise as measc iarshaighdiúirí Sasanacha agus Albanacha a bhí go díreach tar éis teacht abhaile ón Chéad Chogadh Domhanda. Cuireadh na hearcaigh seo go hÉirinn sa bhliain [[1920]]. B'iadsan na [[Dúchrónaigh]] agus na [[Póilíní Cúnta]] a tharraing an oiread sin náire ar an mBreatain Mhór agus go ndeachaigh na Sasanaigh chun comhchainteanna leis na hÉireannaigh. Mar a dúirt Páidín Ó Sé, a raibh a athair ina ghnáthchonstábla san am: ''Plá agus tabhartas ó Dhía ab ea iad san am céanna. Tháinig siad chun cabhrach, ach chuir siad sceimhle agus scanradh orthu sin féin a bhí ag súil le cúnamh uathu''. D'éirigh cuid mhaith de na constáblaí as, agus an samhnas a chuir brúidiúlacht uafásach na nDúchrónach orthu. Bhí cuid mhaith eile ag comhoibriú leis na hÓglaigh, cuid acu ag iarraidh teacht slán as an gcogadh agus an chuid eile ag éirí báúil le cúis na nÓglach dáiríre píre. Bhí constáblaí báúla ag cabhrú leis na hÓglaigh, mar shampla, nuair a rinne siad foghail ar bheairic na Constáblachta sa [[An Chorr Chríochach|Chorr Chríochach]] i gContae [[Tír Eoghain|Thír Eoghain]] i Meitheamh na bliana [[1920]]. Shealbhaigh na hÓglaigh an bheairic ar an [[An Scoil (Contae Chorcaí)|Scoil]] i gContae Chorcaí ar an dóigh chéanna. I Mí Dheireadh Fómhair [[1920]], fuair na constáblaí ardú pá, ó bhí sé ag éirí ní ba deacra bia agus beatha a choinneáil leat ar an obair seo. Bhí na siopaí á ndiúltú faoi sheirbhís, de réir mar a bhí ordaithe ag Dáil Éireann.