An difríocht idir athruithe ar: "Enid Blyton"

Content deleted Content added
No edit summary
{{bosca sonraí}}
Líne 1:
{{Bosca Sonraí Scríbhneoir
| ainm = Enid Mary Blyton
| íomhá = Blyton blue plaque.jpg{{!}}200px
| ceannteideal = Plaic chuimhneacháin
| dáta_breithe = [[11 Lúnasa]], [[1897]]
| áit_bhreithe = East Dulwich, [[Londain]], [[Sasana]]
| dáta_báis = [[28 Samhain]], [[1968]]
| áit_bháis = Hampstead, Londain, Sasana
| ainm_cleite = Mary Pollock
| náisiúntacht = Sasanach
| gairm = Úrscéalaí, file, múinteoir
| seánra = Litríocht do pháistí
| duaiseanna =
| céile = Hugh Pollock (1924-1942)<br> Kenneth Waters (1943-1967)
| síniú = Enidblytonsig..jpg
| líonláithreán =
}}
Scríbhneoir [[úrscéal]]ta do pháistí ó [[Sasana|Shasana]] a bhí in '''Enid Mary Blyton''', a rugadh ar an [[11 Lúnasa]] [[1897]] i [[Londain]] agus a fuair bás ar an [[28 Samhain]] [[1968]] sa chathair chéanna.<ref name=ONB>{{cite journal | title=Blyton , Enid Mary (1897–1968)|journal=Oxford Dictionary of National Biography | last=Ray |first=Sheila |publisher=Oxford University Press |date=Deireadh Fómhair 2005 |url=http://www.oxforddnb.com/view/article/31939}}</ref> Tá clú agus cáil ar a cuid scéalta ar fud an domhain, agus iad aistrithe gona lán teangacha. I Sasana féin, is dócha gurb iad na scéalta faoi [[Noddy]] is mó a léitear inniu - scéalta do pháistí óga iad. Thairis sin, áfach, bhreac sí síos trí shraith úrscéalta bleachtaireachta faoi dhéagóirí óga: an "Mórsheisear Rúnda" nó ''The Secret Seven'', an "Cúigear Clúiteach" nó ''The Famous Five'', agus an "Cúigear Aimsitheoirí agus a Madra", nó ''The Five Find-Outers and a Dog''.
 
Line 5 ⟶ 22:
Tháinig Enid Blyton chun saoil ar an 11 Lúnasa 1897 in East Dulwich, Londain. Bhí sí ar an duine is sine clainne dár rugadh do Thomas Carey Blyton agus Theresa Mary Harrison Blyton. Díoltóir sceanra a bhí san athair. I ndiaidh don teaghlach aistriú go Beckenham, an bruachbhaile in aice le hEast Dulwich, saolaíodh beirt deartháracha, mar atá, Hanly agus Carey Blyton.
 
Sna blianta ó 1907 go 1915 bhí Enid Blyton ag freastal ar St. Christopher's School i mBeckenham, agus tríd is tríd dhearscnaigh sí thar na daltaí eile. Bhain sí sult as na lúthchleasa freisin, ach ní raibh mórán suime aici sa [[matamaitic|mhatamaitic]]. Bhí sí ina pianódóir maith, ach nuair a bhain sí amach dintiúir na máistreása scoile in Ipswich High School, d'éirigh sí as a cuid ceoltóireachta.
 
Chaith sí cúig bliana ag múinteoireacht i mBickley, i Surbiton agus i Chessington, agus í ag dul le scríbhneoireacht mar chaitheamchaitheamh aimsire. An chéad leabhar a d'fhoilsigh sí, mar atá, ''Child Whispers'', ba díolaim dánta í, agus tháinig sí i gcló sa bhliain 1922.
 
Ar an 29 Lúnasa 1924 phós Enid Blyton an Maor Airm Hugh Alexander Pollock. Bhí Pollock ag obair ina eagarthóir leabhar don teach foilsitheoireachta[[foilsitheoireacht]]a úd George Newnes, a chuir i gcló dhá leabhar le Blyton sa bhliain sin. Shocraigh an lánúin síos i mBuckinghamshirem[[Buckinghamshire]]. Ní ba déanaí, d'aistrigh siad go Beaconsfield. An iris úd ''Sunny Stories'' a bhí á foilsiú ag comhlacht Newnes, chóirigh sí comórtas do lucht adhartha Blyton le hainm a cheapadh do theach na lánúine i mBeaconsfield, agus is é an t-ainm a fuair an áit ná ''Green Hedges''
 
Rugadh beirt iníonacha don lánúin sna [[1930í|tríochaidí]], mar atá, Mary Baverstock agus Imogen Smallwood. Sna tríochaidí freisin a chuaigh Enid Blyton trí ghéarchéim spioradálta agus í ar tí dul le [[Caitliceachas]]. Sa deireadh thiar thall níor athraigh sí creideamh, ó bhí sé barúlach go raibh an eaglais Chaitliceach ródhian agus na rialacha go léir aici. D'fhéach sí chuige gur baisteadh an bheirt iníonacha ina nAnglacánaigh agus gur fhreastail siad ar an scoil Domhnaigh.
 
{{commonscat}}