An difríocht idir athruithe ar: "Earcail"

Content deleted Content added
IV +Rang
Nasc
Líne 1:
[[Íomhá: 200px-Earcail.jpg|right|Dealbh Earcail]]
Ba é '''Earcail''' ba mhó cáil i measc mhórlachra an domhain chlasaicigh. Thug na Gréagaigh ''Herakles'' air (Ἡρακλῆς as [[Gréigis]]) ach tá aithne ag [[Béarla|Béarlóir]] air faoi leagan Rómhánach dá ainm, ''Hercules''. Ciallaíonn an t-ainm Gréagach ''glóir do Héire'' (bean chéile Shéas, athair na ndéithe). Ach ní mac le Héire é ach le bean agus bhí éad ar Héire roimpi. Bhuail sí bob ar Shéas ionas go mbeadh a mac is leasdeartháir Earcail, Eoraistéas, ina rí ar Mhicéanae.
 
Tar éis do Earcail a bhean agus a pháiste a mharú agus é as a mheabhair, labhair [[Aitheascal Dheilfe]] leis ag rá gur cheart dó dhá bhliain dhéag a chaitheamh ag freastal ar a leasdeartháir. Thug Eoraistéas dhá shaothar déag do Earcail agus cheap an rí go mbeadh na tascanna dodhéanta. Seo liosta de na saothair a tugadh dó: