An difríocht idir athruithe ar: "Aicéatón"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is é an t-'''aicéatón''' an ceann is simplí de na céatóin. Tá sé sothuaslagtha san uisce, agus is tuaslagán é ann féin. Is í an fhoirmle cheimiceach atá aige ná (CH<sub>3</sub>)<sub>2</sub>CO, is é sin, dhá mheitilghrúpa timpeall an charbóinilghrúpa. Is iomaí cineál úsáide a bhaintear as an aicéatón sa tionsclaíocht cheimiceach mar amhábhar, ach is mar dhíobhach vearnaise ingne agus mar chaolaitheoir péinte is mó a aithníonn Tadhg an mhargaidh é.
 
Bíonn aicéatón ar fáil go nádúrtha in orgánach an duine, agus de réir dhealraimh, ní carcanaigin (ábhar ailse) é. Is féidir leis an aicéatón cur isteach ar an lárchóras néarógach, ach le nimhiú aicéatóin a tharraingt ort féin caithfidh tú cainníocht infheicthe de a shlogadh nó tamall fada a chaitheamh á análú isteach. Thairis sin, an t-othar a thiocfaidh ina bheo as nimhiú aicéatóin, is dual dó biseach iomlán a fháil. Mar sin ní féidir a rá go mbeadh nimh láidir ann, ach. scéalScéal eile é go bhfuil sé as pabhar so-adhainte. Is é an splancphointe atá aige ná -20°C, agus le teocht is airde ná sin, cuirfidh splanc nó bladhaire meascán an aeir agus an aicéatóin ghalaithe trí thine de phléasc, ar acht go bhfuil codán an aicéatóin sa mheascán níos airde ná 2.5 % agus níos ísle ná 12.8 %.