An difríocht idir athruithe ar: "Seathrún Céitinn"
Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
||
Líne 1:
Sagart, file agus staraí de chuid an 17ú haois ba ea '''Seathrún Céitinn'''. Rugadh é i gContae Thiobraid Árann timpeall na bliana 1569 agus cailleadh timpeall na bliana 1644. Tá a uaigh le fáil i dTiobraid i bparóiste Bhéal Átha Lúbaigh.
Síleadh go dtí le déanaí gur rugadh an Céitinneach sa Bhuiríos i gContae Thiobraid Árann, ach de réir na taighde is nua is dócha gur i gCaisleán Bhaile na Móna i bparóiste Inis Leamhnachta a rugadh é.<ref>[http://www.nui.ie/eigse/pdf/vol35/eigse35.pdf "A review of some placename material from ''Foras Feasa ar Éireann''"], Diarmuid Ó Murchadha, ''Éigse'', A Journal of Irish Studies, Vol. XXXV, lch 81. National University of Ireland, 2005.</ref>
I Mí na Samhna 1603 bhí sé ar dhuine den daichead mac léinn a thug a n-aghaidh ar an bhFrainc faoi chúram an Athar Diarmaid Mac Cárthaigh chun staidéar a dhéanamh sa choláiste Éireannach i mBordeaux a raibh an Cairdinéal François de Sourdis, Ardeaspag Bordeaux, tar éis é a bhunú. Bhain sé amach Dochtúireacht le Diagacht ann agus d'fhill ar Éirinn sa bhliain 1603. Rinneadh sagart paróiste de i gCnoc Rafann i gContae Thiobraid Árann, in aice leis an gCathair.
Bhain an Céitinneach leis na Sean-Ghaill, agus ghlac sé leis gur ag uaisle Caitliceacha na nGael agus na Sean-Ghall a bhí an t-údarás ceart in Éirinn. Ghlac sé leis na Stíobhartaigh toisc gur de shliocht leath-Ghaelach iad, tuairim a bhí coitianta i measc aos dána na tíre.
==A shaothar==
B'fhile é an Céitinneach, ach tríd an bprós is mó a tharraing sé clú air féin. Eisean a scríobh [[Foras Feasa ar Éirinn]], saothar a chríochnaigh sé sa bhliain 1634. Is éard atá ann meascán saibhir de sheantraidisiún a bhaineann le stair, le bréagstair agus le finnscéalta na tíre, agus an t-iomlán scríofa go greanta ealaíonta. Ar nós a lán saothar Gaeilge eile scaipeadh é i bhfoirm lámhscríbhinne, agus b'fhada gur cuireadh i gcló é. Saothar nótálta eile dá chuid ba ea ''Trí Bhior-ghaoithe an Bháis''.
Rinne sé iarracht an bhréagársaíocht a sheachaint agus stíl shoiléir shíodúil a shaothrú, cé go bhfuil lorg an léinn ar a shaothar. Ní dóichí rud ná gurb í soiléireacht úd a stíle a chuir na mílte á léamh le fonn.
Aithnítear an Céitinneach mar dhuine de na filí Gaeilge is fearr den 17ú haois. Deirtear go bhfuair sé scolaíocht sa seanléann agus tá a rian sin ar ghreantacht a cuid filíochta. Mar ba ghnách ag an am, bhain sé tairbhe as an dán díreach agus as foirmeacha níos scaoilte. Ar na dánta a luaitear leis tá ''Óm sceol ar ardmhagh Fáil'' agus ''A Bhean lán de Stuaim''.
==Tagairtí==
[[reflist}}
==Féach freisin==
*Cunningham, Bernadette (2000). ''The World of Geoffrey Keating: history, myth and religion in seventeenth century Ireland''. Dublin.
*Keating, Geoffrey. ''Foras Feasa ar Éirinn: the history of Ireland''. D. Comyn and P.S. Dineen (eag.) 4 imleabhar. Irish Texts Society, London 1902-14.
*Keating, Geoffrey. ''Trí bior-ghaoithe an bháis: The three shafts of death ''. Robert Atkinson (eag.), LL.D. Royal Irish Academy, Dublin 1890.
*Geoffrey Keating ''Stories from Keating's History of Ireland'' edited, with introduction, notes, and vocabulary by Osborn Bergin. Royal Irish Academy (Dublin: 1981)
*Keating, Geoffrey. ''Dánta, Amhráin is Caointe (Poems, Songs and Elegies)''. Rev. John C. MacErlean, S.J. (eag.), The Gaelic League, Dublin 1900.
*Keating, Geoffrey. ''Eochairsciath an Aifrinn: An explanatory defence of the mass''. Patrick O'Brien (eag.), Dublin: 1898.
== Nasc seachtrach ==
|