An difríocht idir athruithe ar: "Seathrún Céitinn"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Sagart, file agus staraí de chuid an 17ú haois ba ea '''Seathrún Céitinn'''. Rugadh é i gContae Thiobraid Árann timpeall na bliana 1569 agus cailleadh timpeall na bliana 1644. Tá a uaigh le fáil i dTiobraid i bparóiste Bhéal Átha Lúbaigh.
 
Síleadh go dtí le déanaí gur rugadh an Céitinneach sa Bhuiríos i gContae Thiobraid Árann, ach de réir na taighde is nua is dócha gur i gCaisleán Bhaile na Móna i bparóiste Inis Leamhnachta a rugadh é.<ref>[http://www.nui.ie/eigse/pdf/vol35/eigse35.pdf "A review of some placename material from ''Foras Feasa ar ÉireannÉirinn''"], Diarmuid Ó Murchadha, ''Éigse'', A Journal of Irish Studies, Vol. XXXV, lch 81. National University of Ireland, 2005.</ref>
 
I Mí na Samhna 1603 bhí sé ar dhuine den daichead mac léinn a thug a n-aghaidh ar an bhFrainc faoi chúram an Athar Diarmaid Mac Cárthaigh chun staidéar a dhéanamh sa choláiste Éireannach i mBordeaux a raibh an Cairdinéal François de Sourdis, Ardeaspag Bordeaux, tar éis é a bhunú. Bhain sé amach Dochtúireacht le Diagacht ann agus d'fhill ar Éirinn sa bhliain 1603. Rinneadh sagart paróiste de i gCnoc Rafann i gContae Thiobraid Árann, in aice leis an gCathair.