An difríocht idir athruithe ar: "Seathrún Céitinn"

no edit summary
Sagart, [[file]] agus staraí de chuid an [[17ú haois]] ba ea '''Seathrún Céitinn'''. Rugadh é i g[[Contae Thiobraid Árann]] timpeall na bliana 1569 agus cailleadh timpeall na bliana 1644. Tá a uaigh le fáil i dTiobraid i bparóiste Bhéal Átha Lúbaigh.
[[File:Bordeaux Saint Pierre.jpg|thumb|150px|clé|Eaglais St Pierre: cuid de sheanchathair Bordeaux mar a bhí le linn an Chéitinnigh.]]
 
Síleadh go dtí le déanaí gur rugadh an Céitinneach sa Bhuiríos i gContae Thiobraid Árann, ach de réir na taighde is nua is dócha gur i gCaisleán Bhaile na Móna i bparóiste Inis Leamhnachta a rugadh é.<ref>[http://www.nui.ie/eigse/pdf/vol35/eigse35.pdf "A review of some placename material from ''Foras Feasa ar Éirinn''"], Diarmuid Ó Murchadha, ''Éigse'', A Journal of Irish Studies, Vol. XXXV, lch 81. National University of Ireland, 2005.</ref>
 
I Mí na Samhna 1603 bhí sé ar dhuine den daichead mac léinn a thug a n-aghaidh ar an [[An Fhrainc|bhFrainc]] faoi chúram an Athar Diarmaid Mac Cárthaigh chun staidéar a dhéanamh sa choláiste [[Éire|Éireannach]] i m[[Bordeaux]] a raibh an Cairdinéal François de Sourdis, Ardeaspag Bordeaux, tar éis é a bhunú. Bhain sé amach Dochtúireacht le [[Diagacht]] ann agus d'fhill ar Éirinn sa bhliain 1603. Rinneadh sagart paróiste de i gCnoc Rafann i gContae Thiobraid Árann, in aice leis an gCathair.
[[File:Knockgraffon Motte, New Inn, County Tipperary.jpg|thumb|200px|deas|Cuid de Chnoc Rafann, mar a raibh an Céitinneach ina shagart paróiste.]]
 
Bhain an Céitinneach leis na Sean-Ghaill, agus ghlac sé leis gur ag uaisle [[Caitliceach]]a na nGael agus na Sean-Ghall a bhí an t-údarás ceart in Éirinn. Ghlac sé leis na Stíobhartaigh toisc gur de shliocht leath-Ghaelach iad, tuairim a bhí coitianta i measc aos dána na tíre.
 
5,779

edits