An difríocht idir athruithe ar: "An Pheirsis"
Content deleted Content added
Luckas-bot (plé | dréachtaí) m r2.7.1) (róbat ag suimiú: oc:Persan |
Guliolopez (plé | dréachtaí) →Stair na Peirsise: Naisc |
||
Líne 24:
===An tSean-Pheirsis===
Téann stair na Peirsise siar a fhad leis an tséú haois roimh bhreith Chríost. Is í an inscríbhinn Peirsise is sine dá bhfuil ann ná an ceann ar thángthas air i mBehistun in aice le Kermanshah in Iarthar na [[An Iaráin|hIaráine]], agus baint aige leis an Rí Darius a hAon, a bhí beo sna blianta 522-486 RC. Bhaintí úsáid as na litreacha dingchruthacha leis an tSean-Pheirsis a scríobh, agus bhí gramadach na [[teanga (cumarsáid)|teanga]] i bhfad ní ba chasta ná inniu. Nó bhí ocht dtuiseal agus trí inscne (baininscne, firinscne agus insce neodrach) sa teanga san am - níl a dhath fágtha de na catagóirí gramadúla seo i bPeirsis an lae inniu.
===An Mheán-Pheirsis===
Níor tosaíodh ag scríobh Meán-Pheirsise ach sa [[3ú haois|tríú haois AD]], cé gur léir go raibh sí á labhairt i bhfad roimhe sin. Dealraíonn sé gur thosaigh an tSean-Pheirsis ag claochlú go Meán-Pheirsis sé chéad bliain roimhe sin. Is í an difríocht is suntasaí eatarthu ná go raibh na tuisil agus na hinscní gramadúla imithe sa Mheán-Pheirsis. D'fhéadfá a rá go raibh an Mheán-Pheirsis sách cosúil leis an Nua-Pheirsis ó thaobh na gramadaí de, ach ní raibh na hIaránaigh iompaithe chun an [[Ioslam|Ioslaim]] go fóill, agus mar sin, ní raibh an stór focal breac le hiasachtaí
===An Nua-Pheirsis===
Sa tseachtú haois AD, d'fhorghabh na hArabaigh an Iaráin, agus tháinig deireadh le saothrú na Meán-Pheirsise mar theanga liteartha. De réir a chéile, áfach, d'fhás an Nua-Pheirsis anuas mar chaighdeán nua. Sa naoú haois AD, bhí sí á saothrú mar theanga ardchultúrtha cheana féin, agus i rith na gcéadta bliain chuaigh sí in úsáid ón [[An Tuirc|Tuirc]] go dtí an [[India]] mar theanga
Inniu féin glactar leis go bhfuil an Pheirsis ar ceann de na teangacha is mó cultúir agus litríochta i sibhialtacht an Ioslaim. Scríbhneoirí tábhachtacha nua-aimseartha iad an [[úrscéal|t-úrscéalaí]] [[Sadeq Hedayat]] (1903-1951), an file mná [[Forough Farokhzad]] (1935-1967), an file [[Sohrab Sepehri]] (1928-1980), mar shampla.
{{IdirVicí|cód=fa}}
|