An difríocht idir athruithe ar: "Seathrún Céitinn"

Content deleted Content added
m Layout
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 11:
==Saothar==
 
B'fhile é an Céitinneach, ach tríd an bprós is mó a tharraing sé clú air féin. Eisean a scríobh ''[[Foras Feasa ar Éirinn]]'', saothar a chríochnaigh sé sa bhliain 1634. Is éard atá ann meascán saibhir de sheantraidisiúnsheantraidisiúin a bhaineann le stair, le bréagstair agus le finnscéalta na tíre, agus an t-iomlán scríofa go greanta ealaíonta. Ar nós a lán saothar [[Gaeilge]] eile scaipeadh é i bhfoirm lámhscríbhinne, agus b'fhada gur cuireadh i gcló é. Saothar nótálta eile dá chuid ba ea ''Trí Bhior-ghaoithe an Bháis''.
 
Rinne sé iarracht an bhréagársaíocht a sheachaint agus stíl shoiléir shíodúil a shaothrú, cé go bhfuil lorg an léinn ar a shaothar. Ní dóichí rud ná gurb í soiléireacht úd a stíle a chuir na mílte á léamh le fonn.
 
Aithnítear an Céitinneach mar dhuine de na filí Gaeilge is fearr den 17ú haois. Deirtear go bhfuair sé scolaíocht sa seanléann agus tá a rian sin ar ghreantacht a cuid [[filíocht]]a. Mar ba ghnách ag an am, bhain sé tairbhe as an dán díreach agus as foirmeacha níos scaoilte. Ar na dánta a luaitear leis tá ''Óm sceol ar ardmhagh Fáil'' agus ''A Bhean lán de Stuaim''.
 
==Tagairtí==