An difríocht idir athruithe ar: "Seathrún Céitinn"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 3:
 
==Saol==
Síleadh go dtí le déanaí gur rugadh an Céitinneach saar Bhuiríosan mBuirghéisigh in aice le Cathair Dhún Iascaigh i gContae Thiobraid Árann, ach de réir na taighde is nua is dócha gur i gCaisleán Bhaile na Móna i bparóiste Inis Leamhnachta a rugadh é.<ref>[http://www.nui.ie/eigse/pdf/vol35/eigse35.pdf "A review of some placename material from ''Foras Feasa ar Éirinn''"], Diarmuid Ó Murchadha, ''Éigse'', A Journal of Irish Studies, Vol. XXXV, lch 81. National University of Ireland, 2005.</ref>
 
Is dealraitheach go ndeachaigh sé ar scoil filíochta agus seanchais agus gur tugadh scolaíocht dó sa Ghaeilge agus sa Laidin. Is dócha go ndearnadh sagart de ina dhiaidh sin de réir shean-nós na hÉireann. I Mí na Samhna 1603 bhí sé ar dhuine den daichead mac léinn a thug a n-aghaidh ar an [[An Fhrainc|bhFrainc]] faoi chúram an Athar Diarmaid Mac Cárthaigh chun staidéar a dhéanamh i m[[Bordeaux]], áit a raibh an Cairdinéal François de Sourdis, Ardeaspag Bordeaux, tar éis coláiste [[Éire|Éireannach]] a bhunú. B'fhéidir gur thug sé tamall in Rheims freisin. Bhain sé amachcéim DochtúireachtDhochtúir [[Diagacht]]a annamach agus d'fhill ar Éirinn satimpeall na bhliainbliana 1603. Ceapadh é mar shagart paróiste i gCnoc Rafann i gContae Thiobraid Árann, in aice leis an gCathair.
[[File:Knockgraffon Motte, New Inn, County Tipperary.jpg|thumb|200px|deas|Cuid de Chnoc Rafann, mar a raibh an Céitinneach ina shagart paróiste.]]
 
Bhí an-chlú air mar sheanmóirí, agus deirtear gur chuir seanmóin dá chuid olc ar bhean uasal a ghearáin sin le Donncha Ó Briain, Iarla Tuamhan, rud a thug ar an gCéitinneach dul ar a choimeád tuairim na bliana 1618. Fuair sé dídean óna chairde gaoil, agus b'fhéidir gur bhogaigh an tóir timpeall na bliana 1624, nuair a cailleadh an tIarla.
 
Bheartaigh sé ar leabhar a scríobh a bhréagnódh rudaí a bhí ráite faoi Éirinn ag eachtrannaigh, agus shiúil sé Éire ar thóir cáipéisí agus lámhscríbhinní chun cóipeanna a dhéanamh díobh. Bhí doicheall roimhe uaireanta toisc gur de shliocht Normannach é agus gur Mhuimhneach é. ''Foras Feasa ar Éirinn'' an toradh a bhí ar an saothar sin agus tháinig éileamh air.
 
Bhain an Céitinneach leis na Sean-Ghaill, agus ghlac sé leis gur ag uaisle [[Caitliceach]]a na nGael agus na Sean-Ghall a bhí an t-údarás ceart in Éirinn. Ghlac sé leis na Stíobhartaigh toisc gur de shliocht leath-Ghaelach iad, tuairim a bhí coitianta i measc aos dána na tíre.
 
==Saothar==
 
B'fhile é an Céitinneach, ach tríd an bprós is mó a tharraing sé clú air féin. EiseanChríochnaigh a scríobh ''[[Foras Feasa ar Éirinn]]'', saothar a chríochnaigh sétimpeall sana bhliainbliana 1634. Is éard atá ann meascán saibhir de sheantraidisiúin a bhaineann le stair, le bréagstair agus le finnscéalta na tíre, agus an t-iomlán scríofa go greanta ealaíonta. Ar nós a lán saothar [[Gaeilge]] eile scaipeadh é i bhfoirm lámhscríbhinne, agus b'fhada gur cuireadh i gcló é. Saothar nótálta eile dá chuid ba ea ''Trí Bhior-ghaoithe an Bháis''.
 
Rinne sé iarracht an bhréagársaíocht a sheachaint agus stíl shoiléir shíodúil a shaothrú, cé go bhfuil lorg an léinn ar a shaothar. Ní dóichí rud ná gurb í soiléireacht úd a stíle a chuir na mílte á léamh le fonn.
Line 22 ⟶ 27:
==Féach freisin==
*Cunningham, Bernadette ([[2000]]). ''The World of Geoffrey Keating: history, myth and religion in seventeenth century Ireland''. [[Baile Átha Cliath]].
* De Brún, Pádraig, Ó Buachalla, Breandán agus Ó Concheanainn, Tomás (eag.) (1975). ''Nua-Duanaire, Cuid 1''. Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath.
*Keating, Geoffrey. ''Foras Feasa ar Éirinn: the history of Ireland''. D. Comyn and P.S. Dineen (eag.) 4 imleabhar. [[Cumann na Scríbheann nGaedhilge]], Londain [[1902]]-14.
*Keating, Geoffrey. ''Trí bior-ghaoithe an bháis: The three shafts of death ''. Robert Atkinson (eag.), LL.D. [[Acadamh Ríoga na hÉireann]], Baile Átha Cliath, [[1890]].
Line 30 ⟶ 36:
== Nasc seachtrach ==
* [http://www.ucc.ie/celt/published/G100054/ Coláiste na hOllscoile Corcaigh] — ''Foras Feasa ar Éirinn''
 
 
 
 
 
{{DEFAULTSORT:Ceitinn, Seathrun}}