An difríocht idir athruithe ar: "Seathrún Céitinn"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 6:
 
Is dealraitheach go ndeachaigh sé ar scoil filíochta agus seanchais agus gur tugadh scolaíocht dó sa Ghaeilge agus sa Laidin. Is dócha go ndearnadh sagart de ina dhiaidh sin de réir shean-nós na hÉireann. I Mí na Samhna 1603 bhí sé ar dhuine den daichead mac léinn a thug a n-aghaidh ar an [[An Fhrainc|bhFrainc]] faoi chúram an Athar Diarmaid Mac Cárthaigh chun staidéar a dhéanamh i m[[Bordeaux]], áit a raibh an Cairdinéal François de Sourdis, Ardeaspag Bordeaux, tar éis coláiste [[Éire|Éireannach]] a bhunú. B'fhéidir gur thug sé tamall in Rheims freisin. Bhain sé céim Dhochtúir [[Diagacht]]a amach agus d'fhill ar Éirinn timpeall na bliana 1603. Ceapadh é mar shagart paróiste i gCnoc Rafann i gContae Thiobraid Árann, in aice leis an gCathair.
[[File:Knockgraffon Motte, New Inn, County Tipperary.jpg|thumb|200px250px|deas|Cuid de Chnoc Rafann, mar a raibh an Céitinneach ina shagart paróiste.]]
 
Bhí an-chlú air mar sheanmóirí, agus deirtear gur chuir seanmóin dá chuid olc ar bhean uasal a ghearáin sin le Donncha Ó Briain, Iarla Tuamhan, rud a thug ar an gCéitinneach dul ar a choimeád tuairim na bliana 1618. Fuair sé dídean óna chairde gaoil, agus b'fhéidir gur bhogaigh an tóir timpeall na bliana 1624, nuair a cailleadh an tIarla.
Líne 12:
Bheartaigh sé ar leabhar a scríobh a bhréagnódh rudaí a bhí ráite faoi Éirinn ag eachtrannaigh, agus shiúil sé Éire ar thóir cáipéisí agus lámhscríbhinní chun cóipeanna a dhéanamh díobh. Bhí doicheall roimhe uaireanta toisc gur de shliocht Normannach é agus gur Mhuimhneach é. ''Foras Feasa ar Éirinn'' an toradh a bhí ar an saothar sin agus tháinig éileamh air.
 
Bhain an Céitinneach leis na Sean-Ghaill, agus ghlac sé leis gur ag uaisle [[Caitliceach]]a na nGael agus na Sean-Ghall a bhí an t-údarás ceart in Éirinn. Ghlac sé leis na Stíobhartaigh toisc gur de shliocht leath-Ghaelach iad, tuairim a bhí coitianta i measc aos dána na tíre.
 
==Saothar==