An difríocht idir athruithe ar: "Giolla Brighde Ó hEódhasa"

Content deleted Content added
MacTire02 (plé | dréachtaí)
+cat, alpha
No edit summary
Líne 1:
I ndeoise Chlochair a rugadh an tAthair '''Giolla Brighde Ó hEódhasa''' (Bonaventura), cé nach fios go cruinn cén bhliain ná fiú cá háit. Bhí baint ag a mhuintir le Contae Fhear Manach.
 
Cuireadh Giolla Brighde le filíocht, rud ba dhual dó, ó ba chine le filíocht a mhuintir. Is dealraitheach go raibh gaol éigin aige le [[Eochaidh Ó hEódhasa]] (c. [[1565]]-1612), file clúiteach. Chaith Giolla Brighde seal dá réir i scoileanna filiochta na Mumhan, go háirithe le muintir Dhálaigh. Ina dhiaidh sin chuaigh sé le sagartóireacht i nDouai, mar a raibh sé le fáil sna blianta 1604-5. Bhain sé céim MA amach ansin agus glacadh isteach in ord San Proinsias i Lobháin sa bhliain 1607. Sa bhliain 1614 fuair sé bás ann leis an ngalar breac agus é ina ghairdian ar an gcoláiste.
 
==Saothar==