An difríocht idir athruithe ar: "Piaras Feiritéar"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 15:
Is éard is mó a tharraing clú ar Phiaras a chuid dánta grástúla grá, baint acu le traidisiún fada Eorpach agus iad breactha i n[[deibhí]] scaoilte:
 
:''Léig dhíot th'airm, a mhacaoimh mná,''
:''muna fearr leat cách do lot;''
:''muna léige th'airmse dhíot''
:''cuirfead bannaidhe ón rí ort.''
 
:''Má chuireann tú th'airm ar gcúl''
:''folaigh feasta do chúl cas,''
:''ná léig leis do bhráighe bhán''
:''nach léig duine de chách as…''
 
Chum Piaras dán fada ar Mheig Russell, bean ghaoil leis an Ridire William Russell, fear ionaid Éilíse sa bhliain 1594. Is dócha gurb é sin an dán is fearr dár maireann dá chuid, agus tugann sé léargas ar an gcaidreamh a bhí aige ar uaisle Gall.
Líne 29:
B'fhile cairdeasa freisin é Piaras, mar is léir ón dán a chum sé do Risteard Husae, lia:
 
:''Scoth ógán caomhinise Cé''
:''Risteard rannghusta Husae,''
:''cneas soighealta, ré dár reacht,''
:''doileanta é 'na intleacht.''
 
:''Lán beóil tíortha, tobar fis,''
:''doras eóil, airgtheach Husae,''
:''ár gcuidne i bhFódán na bhFionn,''
:''oide ógán na hÉireann…''
 
Deirtear gur chum sé filíocht i mBéarla freisin,<ref>De Brún etc. (1975), lch 174.</ref> ach tá sin caillte, ar nós cuid mhaith dá fhilíocht Ghaeilge. Is dócha go raibh "Duanaire Phiarais Feiritéir," lámhscríbhinn staire agus filíochta, ag imeacht san 18ú haois, ach níl a thuairisc sin le fáil anois.<ref>De Brún etc. (1975), lch 174.</ref>