An difríocht idir athruithe ar: "Gaeilge Mhanann"
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí) |
|||
Líne 62:
==== An Nasc Gearmánach ====
I ndiaidh bhás Morrison, bhí an saol Manainnise ciúin go leor ar feadh tamaill, go dtí gur tháinig sracadh nua ann le hobair [[Mona Douglas]]. Bhí sise ina béaloideasóir tábhachtach cosúil le Morrison, agus luiteamas aici le náisiúnachas na hÉireann. Cuirtear ina leith, fiú, go raibh sí ag brath ar dhul i dtuilleamaí na Gearmáine Naitsíche le saoirse a bhaint amach do Mhanainn. Ar a laghad, dealraíonn sé go raibh lámh aici i mbunú [[Ny Manninee Dhooie]], eagraíocht náisiúnaíoch a bhí báúil leis na Gearmánaigh, agus de réir an taighde a rinne an scoláire Manannach George Broderick ar stair na gluaiseachta náisiúnaíche i Manainn, bhí níos mó ná báúlacht i gceist. Faoin am céanna a raibh Mona Douglas ag béaloideasóireacht, bhí baicle de scoláirí Ceilteacha ag obair faoi cheannas [[Ludwig Mühlhausen]] do lárionad taighde an [[SS]], agus iad ag cur an-spéise in Oileán Mhanann mar áit ina bhféadfadh an Ghearmáin leas a bhaint as an náisiúnachas áitiúil le dochar a dhéanamh don [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]]. Bhí saineolaí ar leith ag an [[SS Ahnenerbe|Lárionad]] le ceisteanna
Mar sin, is dócha go raibh daoine i ngluaiseacht na Manainnise agus iad fonnmhar chun comhoibriú leis na Gearmánaigh. Má bhí féin, áfach, ní bhfuair siad áiméar riamh
==== I nDiaidh an Dara Cogadh Domhanda ====
|