An difríocht idir athruithe ar: "Tadhg Óg Ó Cianáin"

Content deleted Content added
MacTire02 (plé | dréachtaí)
alpha, cat
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 3:
Eisean a scríobh ''Imeacht na nIarlaí'', dialann a chuireann síos ar thuras [[Aodha Rua Uí Néill]] ó [[Ráth Maoláin]] i g[[Contae Dhún na nGall]] chun na [[An Róimh|Róimhe]] agus a ritheann ó Mhí Mheán Fómhair 1607 go dtí Mí na Samhna 1608. Níl aon dialann Ghaeilge is luaithe ná í, agus níl sí le fáil ach sa lámhscríbhinn a scríobh Tadhg Óg féin (MS A 21 bailiúchán Uí Chléirigh, [[UCD]]).
 
Díreach roimh dó imeacht thar lear bhí Tadhg Óg ina chónaí i dTuíneán i g[[Contae Ard Mhacha]]. Tá a ainm le fáil mar dhuine de lucht coimhdeachta Einrí Óig Uí Néill ar liosta pardún (‘fiant’) ó Mhí na Nollag 1602, in éineacht le cúigear eile de Mhuintir Chianáin (Cú Chonnacht, Seán mac Chonchúir, Pádraig Óg, Uaithne, Seán mac Phádraig Mhóir). Chaill Tadhg Óg a cheart ar a shealúchas – cúig bhó dhéag, ocht ngamhain, gearrán, capall marcaíochta, cúig mhuc fichead, agus luach £22.6s.3d ar an iomlán – ach fuair a bhean chéile ar ais iad trí Iarla Thuamhumhan, a raibh gaol aige léi.
 
Dealraíonn sé gur cailleadh Tadhg Óg sa Róimh sa chuid dheireanach den bhliain 1614. Ba dheartháir le [[Cu Chonnacht Ó Cianáin]] é.