An difríocht idir athruithe ar: "Tadhg Óg Ó Cianáin"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 6:
 
Dealraíonn sé gur cailleadh Tadhg Óg sa Róimh sa chuid dheireanach den bhliain 1614. Ba dheartháir le [[Cu Chonnacht Ó Cianáin]] é.
 
==An dialann==
 
Tugann an dialann cuntas ar na cathracha agus na tíortha a shiúil Ó Néill agus a lucht coimhdeachta – na mioneachtraí, an aimsir (a bhí dona go leor go minic), an siamsa, na huaisle agus an lucht eaglaise a d’fháiltigh roimh na hÉireannaigh, an fiabhras a mharaigh cuid acu siúd sa Róimh. Tá suim ar leith ag an údar i míorúiltí agus i dtaisí. Tá stíl an chuntais soléite agus éasca, cés moite de roinnt focal ‘deacair’ a bhaineann le Gaeilge na scol.
Line 12 ⟶ 14:
 
[[Íomhá:Amiens-cathédrale.jpg|thumb|right|100px|Ardeaglais Amiens]]
''(In Amiens.)''
: ''(In Amiens sa Fhrainc.)'' Iar ndéanamh i meán lae do chuadar go teampall róbhreá ródhealraitheach dar comhainm teampall Mhuire. Taisealbhtar dóibh ceann Eoin Baiste. É i ngloine chriostail, soiléir sofheisceana do na huilibh do bheadh dá láthair go n-iliomad feart agus míorúiltí. Cruinnchathair dheas dhaingean an baile sin chun a dtig ruibhéar ón fharraige ar a dtaithíd báid gus an mbaile re sochomhal agus comhfhortacht na farraige. Tá an ruibhéar céanna sin arna chomhtharraingt agus arna chomhroinnt i ndíbh rannaibh déag seachnóin na cathrach, go riachtanas a leas droichead ar gach beangán fó leith díbh. Iar dtéarnó thar ais ó theampall Mhuire dóibh gabhaid a bpost-eachra nárbh olc. Ligid go geata Fhlóndrais iad. Ar an taobh istigh de bhallaíbh na cathrach chíd port ródhaingean ba leor láidre ag lucht na cathrach dá thógáil go n-iliomad luchta saothair agus oibre. Ar an taobh amuigh do na ballaíbh taispeántar dóibh na trinsí talún agus na daingní díochra do rinneadh le Rí na Fraince an tan bhí ''siege'' nó forbhaise aige ar Amiens, in aimsir a beith i seilbh Rí na Spáinne, arna gabháil go glic uasal-intleachtach roimhe sin re trí cuideachtaibh Éireannach.<ref>Tá litriú an tsleachta seo agus na sleachta a leanann é nuachóirithe beagán.</ref>
 
[[Íomhá:Marchionatus Sacri Romani Imperii - Antwerpen, het markgraafschap de de belangrijkste gebouwen (Claes Jansz. Visscher, 1624).jpg|thumb|right|100px|Antwerp sa chéad chuid den 17ú haois]]
''(In Antwerp.)''
: ''(In Antwerp.)'' Ar an tslí rompu gabhaid thar ruibhéar rómhór do thig ó Ghant. Leac oighre abhalmhór ar an ruibhéar. Beirid a n-eachra ar ardánaibh leo go meán an tsrutha ar an leic. Cuirid ansin i mbádaibh iad do ché oighre, 'na mhacasamhail i dtír don taobh araill. Rángadar fort atá os urchomhair chathrach Antuerp, Ceann Fhlóndrais a chomhainm. D’fhágadar ann a n-eachra. Do chuadar féin i mbádaibh gus an gcathraigh. Iar ngabáil tigh ósta éiríd d'fheiscint chaisleáin Antueirp. Measaid agus breathnaíd cách go bhfuil an caisleán sin ina mhéid féin ar oibreachaibh lándaingne na Críostaíochta.
 
[[Íomhá:MassifMontBlanc7438.JPG|thumb|right|100px|Sliabh Alpa]]
''(Sliabh Alpa.)''
: ''(Sliabh Alpa.)'' Do bhí an sliabh líonta lán de shneachta agus d'oighre, de shlite agus de chosrachaibh caolchúnga corracha. Rángatar droichead comhard a bhí i ngleann ródhomhain, Droichead an Diabhail a chomhainm. Aroile d'eachra Uí Néill ar a raibh páirt dá airgead dá iompar, timpeall sé fichid éigin punt, do thit sé síos re beinn an ailt imaird oighreata shneachtaí do bhí os urchomhair an droichid. Fuarthas saothar dearmháir ag tabhairt an eich amháin aníos. Do chinn agus do chomhairligh an t-airgead fanúint ag imchoimhéad an tsrutha agairbh imdhomain ainiarmhartaigh a ghabhas faoin droichead trí cheartlár an ghleanna. Do bhíodar an oíche sin i mbaile beag dar comhainm Piedimonte. Sé léige a n-aistear an lá sin.
 
[[Íomhá:Bridge of Angels.jpg|thumb|right|100px|Droichead na nAingeal sa Róimh, agus a aghaidh ar Castel Sant'Angelo (‘Caisleán na nAingeal’).]]
''(Tinte ealaíne sa Róimh.)''
: ''(Tinte ealaíne sa Róimh.)'' An tairmtheacht os Chaisleán na nAingeal arna chomhlíonadh de shoilsibh éagsúla. Pictiúir iolair agus dragúin arna ndealbhadh go hintleachtach aigeantach suadhúil os Chaisleán na nAingeal, is iad arna n-imdhéanamh agus arna gcomhlíonadh ó phúdar ar an taobh istigh. Timpeall chloig Ave-Maria do bhuain deoidh lae adhantar tinte insna héanaibh éagsúla iontacha sin. Ansin scuchaid agus comhlasaid in éineacht agus in aon fhábhall gur ligeadar caora agus casracha go gceathaibh toirneacha tintrí tritheamhrua os ard ionas gur chomhlíonadar méid áirithe den aer eadarbhuas os an gcaisleán de na ceathaibh agus de na frasaibh tintrí do ligeadar. Ba leor de chúis uafáis agus iontais an domhain fri fear a neamhfheisceana gus an tan sin bheith á bhfeiscint.
 
== Tagairtí ==