An difríocht idir athruithe ar: "Diospróisiam"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is é an '''diospróisiam''' dúil cheimiceach uimhir a 66, agus is é '''Dy''' an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na tearcithreacha é, ós la...'
 
No edit summary
Líne 1:
Is é an '''diospróisiam''' dúil cheimiceach uimhir a 66, agus is é '''Dy''' an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na tearcithreacha é, ós lantanóideach é. Miotal é a bhfuil loinnir gheal ann, ach ní féidir teacht air ach i gcomhdhúile sa dúlra. Ta sé bog insínte, agus is féidir é a ghearradh le scian agus a oibriú gan drithlí a dhéanamh.
 
Tá diospróisiam ar fáil i mianraí éagsúla, xéinitím mar shampla, ach is í an mhonaisít an fhoinse is tábhachtaí.
 
Tá an diospróisiam nádúrtha comhdhéanta as seacht iseatóp, mar atá: diospróisiam a 156 (0.06 % de dhiospróisiam an dúlra), diospróisiam a 158 (0.10 %), diospróisiam a 160 (2.34 %), diospróisiam a 161 (18.91 %), diospróisiam a 162 (25.51 %), diospróisiam a 163 (24.90 %), agus diospróisiam a 164 (28.18 %). Iseatóip chobhsaí iad seo, ach amháin an chéad cheann acu, nó tagann alfa-mheath air. Tá leathré chomh fada aige, áfach, is gur féidir dearmad a dhéanamh dá radaighníomhaíocht.
Line 6 ⟶ 8:
 
Má fhágtar diospróisiam faoin aer, tiocfaidh brat ocsaíde air - Dy<sub>2</sub>O<sub>3</sub>. Imoibreoidh sé leis an uisce fosta, agus é ag déanamh hiodrocsaíd diospróisiam Dy(OH)<sub>3</sub>. Mar is léir ó na samplaí seo, is é +III an uimhir ocsaídiúcháin is dual don diospróisiam, agus mar sin, is féidir a rá gur lantanóideach tipiciúil é.
 
Úsáidtear diospróisiam i ngléasra léasair, i riailmhaidí na n-imoibreoirí núicléacha, i bhfoinsí radaíochta infridheirge, i ndáileogmhéadair (ionstraimí le dáileog radaíochta an duine a thomhas), agus ina lán feidhmeanna teicneolaíocha eile.